‘Raidió na dTreabh’ – stáisiún nua Gaeilge don phobal beartaithe do Chathair na Gaillimhe

Is ar an idirlíon a thosófar an craoladh go dtí go mbeidh an chaoi ag lucht bunaithe an stáisiúin trealamh a cheannach agus stiúideo a fheistiú

‘Raidió na dTreabh’ – stáisiún nua Gaeilge don phobal beartaithe do Chathair na Gaillimhe

RnaG Rté Raidió radio

Tá stáisiún nua raidió pobail beartaithe ag Árus na nGael i gCathair na Gaillimhe a fhreastalóidh ar chainteoirí Gaeilge sa chathair. ‘Raidió na dTreabh’ an t-ainm sealadach atá baiste ar an stáisiún ach glacfar le moltaí eile i dtaobh ainm an stáisiúin ag cruinniú poiblí san Árus an tseachtain seo chugainn.

Dúirt Emma Ní Chearúil, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Gael-Fhorbairt na Gaillimhe, go bhfuil sí ag súil go gcuirfidh an stáisiún “cláracha spéisiúla, bríomhara ar fáil trí mheán na Gaeilge don phobal” agus go dtabharfaidh ‘Raidió na dTreabh’ “taithí do chraoltóirí óga agus éinne eile a bhfuil spéis acu sna meáin chumarsáide” i nGaillimh.

Táthar ag súil freisin go gcruthófar deiseanna fostaíochta leis an stáisiún amach anseo.

“Tá sé i gceist againn trealamh agus stáisiún a thógáil amach anseo ach go dtí go mbeidh na hacmhainní sin againn beidh muid ag craoladh ar an idirlíon. Ba mhaith linn go mbeadh réimse leathan cláracha ann ar deireadh ach braitheann sé sin ar na daoine a léireoidh spéis sa togra. Tá sé ar intinn againn clár nuachta agus cúrsaí reatha a chur amach gach lá chomh maith le cúpla clár ceoil ón tús,” a dúirt Ní Chearúil le Tuairisc.ie.

Beidh an chéad chruinniú poiblí ar siúl in Árus na nGael Dé Máirt 19 Aibreán ag 7 a chlog. Pléifear ag an gcruinniú na féidearthachtaí atá ann do ‘Raidió na dTreabh’, na struchtúir a bheidh ar an stáisiún agus na cláracha a bheidh á gcraoladh air. Bhí cruinnithe “dearfacha” ann cheana féin ag lucht bunaithe an stáisiúin le stáisiúin eile pobail in Éirinn agus tá spéis léirithe ag mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe ar an bpríomhchampas sa chathair agus ar champas na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua.

Fág freagra ar '‘Raidió na dTreabh’ – stáisiún nua Gaeilge don phobal beartaithe do Chathair na Gaillimhe'