Raidhse imeachtaí d’óg is aosta, faoi dhíon agus amuigh faoin aer, ag Féile Chois Fharraige 2022

Ceiliúradh atá i bhféile na bliana seo ar cheantar Chois Fharraige – ealaíona, tírdhreach agus pobal na háite

Raidhse imeachtaí d’óg is aosta, faoi dhíon agus amuigh faoin aer, ag Féile Chois Fharraige 2022

Caitlín Maude

Cuirfear tús inniu le Féile Chois Fharraige, agus beidh sí ar siúl go dtí  an Domhnach seo chugainn.

Ceiliúradh atá i bhféile na bliana seo ar cheantar Chois Fharraige – ealaíona, tírdhreach agus pobal na háite.

Beidh Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta ag an bhféile ar an Aoine chun Plean Teanga Chois Fharraige a sheoladh go hoifigiúil.

Tá raidhse imeachtaí ar an gclár d’óg is aosta, faoi dhíon agus amuigh faoin aer. Beidh teacht le chéile ag Club Foghlaimeoirí Chois Fharraige, Tigh Chualáin ar an Máirt, agus beidh Oíche Airneáin ar an Tulaigh ag comóradh an scríbhneora Cathal Ó Sándair.

Ag cloí leis an litríocht, beidh Súil an Daill le Darach Ó Scolaí á phlé ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an Aoine agus déanfar ceiliúradh ar Chaitlín Maude, a chuaigh ar scoil i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal agus a bhí sa Táin i seanchas na scoile as a cuid aisteoireachta i ndrámaí na scoile. Tá sé ceathracha bliain ó bhásaigh an file, an t-aisteoir, an bhean feachtais agus an t-amhránaí iomráiteach as Ros Muc agus tosóidh an ócáid sin ag 6.30pm ar an Déardaoin.

Ar an Déardaoin freisin a thaispeánfar an scannán An Cailín Ciúin ag club scannán Shailearna.

Más fonn cladaigh atá ort beidh siúlóid le cladach do theaghlaigh ann ar an Satharn faoi threoir an mhuireolaí Macdara Ó Cuaig. Dé Domhnaigh daoine fásta a bheidh ag siúlóid le Eoin Ó Tuairisg. Ar an Satharn beidh ceolchoirm don teaghlach ar siúl i Seanscoil Sailearna.

Is féidir gach eolas a fháil anseo nó ó na hoifigigh pleanála teanga Katie Ní Loingsigh, 083-0106294, agus Aoife Ní Chonghaile, 086-0655520, agus ticéid a chur in áirithe do na himeachtaí.

Fág freagra ar 'Raidhse imeachtaí d’óg is aosta, faoi dhíon agus amuigh faoin aer, ag Féile Chois Fharraige 2022'