‘Cleasaíocht’ agus ‘bulaíocht’ curtha i leith Aire Stáit na Gaeltachta ag cruinniú faoin nGaeilge sa Dáil

Ní raibh an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly sásta beag ná mór le cur chuige an Aire Stáit Jack Chambers ag cruinniú de chuid Roghchoiste Gaeilge an Oireachtais faoin mBille Teanga

‘Cleasaíocht’ agus ‘bulaíocht’ curtha i leith Aire Stáit na Gaeltachta ag cruinniú faoin nGaeilge sa Dáil

Cuireadh “bulaíocht” i leith Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil inné nuair a bhí raic ann ag deireadh díospóireachta faoin mbille teanga nua.

Tharla an raic sa Dáil le linn an naoú seisiún ag Roghchoiste Gaeilge an Oireachtais chun an bille teanga a phlé. Ag fíordheireadh an chruinnithe a tharla an chonspóid nuair a léirigh an tAire Stáit agus roinnt Teachtaí Dála eile a míshástacht leis an méid ama atá á chaitheamh ag plé an 300 leasú atá molta ar an mbille nua.

Nuair a d’fhógair Leas-Chathaoirleach an Choiste, Dara Calleary, go raibh air deireadh a chur leis an gcruinniú de bharr na srianta Covid-19 atá i bhfeidhm i dTeach Laighean, d’iarr an tAire Stáit Jack Chambers air an mbeifí in ann fanacht uair an chloig eile chun leanúint ar aghaidh leis an bplé.

Mheas an tAire Stáit go bhféadfaí coinneáil orthu ag obair go dtí 6.30pm mar nach raibh aon chruinniú eile le bheith i seomra na Dála. Tá na cruinnithe coiste faoin mbille ar siúl sa Dáil de bharr na srianta Covid-19.

Ní raibh an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly sásta beag ná mór le cur chuige an Aire Stáit, áfach. 

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách gur cheart aon cheist faoin gclár ama a phlé ag gnáthchruinniú de chuid Choiste Gaeilge an Oireachtais, seachas ag cruinniú de chuid an Roghchoiste a bhíonn ag plé na leasuithe ar an mbille. Níl an tAire Stáit Chambers ina bhall de ghnáthChoiste Gaeilge an Oireachtais.

Dúirt Catherine Connolly go raibh sé “go hiomlán míshásúil” go mbeadh an tAire Stáit ag iarraidh fad a chur leis an gcruinniú ar an mbealach seo agus mhaígh sí gur cleasaíocht a bhí ar bun aige.

“Níl i gceist anseo ach saghas bulaíocht, i ndáiríre. Táimid críochnaithe. Tá pleananna eile againn agus, díreach mar sin, tá an tAire ag iarraidh vótáil a bheith againn. Níl sé sin sásúil beag ná mór,” arsa Connolly. 

“Níor chuir muid moill ar bith ar an bpróiseas seo. Táimid ann ag gach cruinniú. Bhí an tAire in easnamh ag cruinniú amháin agus bhí orainn é a chur ar ceal. Níl mé ag iarraidh rud pearsanta a rá ach ní ghlacaim leis an saghas seo cleasaíochta.”

Fágann srianta Covid-19 i dTeach Laighean nach bhfuil an Roghchoiste in ann cruinniú le chéile ach ar feadh dhá uair an chloig as a chéile. Dá mbeifí ag iarraidh seisiún eile dhá uair an chloig a reáchtáil chaithfí fanacht ar a laghad dhá uair an chloig sula gcuirfí tús leis.

Tá naoi seisiún dhá uair an chloig déanta ag an gcoiste ar an mBille Teanga agus níl an plé críochnaithe ach ar 140 den 308 leasú atá molta ar an mbille.

a mhíshásacht lena mhoille atá an Bille ag dul trí Thithe an Oireachtais léirithe ag an Aire Stáit roimhe seo. 

Dhiúltaigh an tAire Stáit ag tús an chruinnithe inné d’éileamh an choiste go ndéanfaí scóip an bhille a leathnú. 

“Tá sé in am bogadh ar aghaidh,” arsa Chambers.

Dúirt sé go raibh daoine ag éirí “amhrasach agus faitíos orthu nach mbeidh an bille achtaithe roimh shos an tsamhraidh”.

Dúradh ag an gcruinniú go raibh iarrachtaí ar bun tuilleadh ama a fháil chun cruinnithe den Roghchoiste a reáchtáil. Dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach an Choiste, go rabhthas ag lorg cead chun dhá chruinniú in aghaidh an lae a reáchtáil gach lá ar feadh seachtaine i ndiaidh bhriseadh na Cásca.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh sé in am mór-iarracht a dhéanamh chun an obair ar an mbille a chríochnú.

“Ní féidir linn dul ar aghaidh ag an ráta a bhfuil muid. Níl muid fiú leath bealaigh tríd an mbille agus tá dhá mhí caite againn,” arsa Ó Cuív.

Dúirt Ó Cuív nach raibh sé ag iarraidh an plé a dheifriú ach go raibh práinn le cur i bhfeidhm an bhille agus gur chreid sé go mbeadh an coiste in ann an obair a chríochnú in am “réasúnta”. Bheadh “dhá mhí eile” ann sula mbogfaí ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas mura gcuirfí dlús le hobair an choiste, arsa Ó Cuív.

Dúirt Leas-Chathaoirleach an Choiste Dara Calleary inné go gcaithfí deireadh a chur leis an gcruinniú faoi réir na srianta Covid-19 atá i réim i dTeach Laighean agus diúltaíodh d’éileamh an Aire Stáit. Dúirt Calleary nach raibh “bulaíocht” ar siúl ag aon duine agus go raibh gach duine aontaithe go gcaithfí tuilleadh ama a fháil chun na leasuithe a phlé.

Nuair a chuirtear leasuithe a dícheadaíodh agus leasuithe eile a grúpáladh le chéile san áireamh, tá plé déanta go dtí seo ar 198 den 308 leasú ar fad atá molta. Tá an plé críochnaithe i gcás 140 díobh.

Níor ghlac an tAire Stáit Jack Chambers ach le leasú amháin go dtí seo ach tá sé tugtha le fios aige go bhfuil sé chun teacht ar ais le moltaí i dtaobh 35 leasú eile ag Céim na Tuarascála, an chéad chéim eile den phróiseas.

Caitheadh cuid mhaith ama ag cruinniú an lae inné ag plé diúltú an Aire Stáit don mholadh gur i nGaeilge a dhéanfaí obair an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge atá le bunú faoin reachtaíocht nua.

Mhaígh Catherine Connolly go raibh sé “dochreidte” nach mbeadh obair an choiste i nGaeilge.

“Tá teachtaireacht láidir ag teacht ón Rialtas anois. ‘Beidh muid ag caint trí Bhéarla maidir leis an nGaeilge . . . Ní féidir rudaí tábhachtacha a rá trí Ghaeilge’. Agus anois beidh sé sin sa bhille.”

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé “intuigthe” go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfaí mar chathaoirleach ar an gcoiste agus go mbeadh moladh aige faoi sin ag an gcéad chéim eile d’aistear an Bhille Teanga trí Thithe an Oireachtais, sin ag Céim na Tuarascála.

Fág freagra ar '‘Cleasaíocht’ agus ‘bulaíocht’ curtha i leith Aire Stáit na Gaeltachta ag cruinniú faoin nGaeilge sa Dáil'

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Poraic o'hEipicín

    Maistíneacht, an focal ceart ar bullying. ???.

  • Donnchadh Ó Seaghdha

    Ba choir go mbeadh an phlé trí ghaeilge gan amhras

  • Jerry Kelly

    Anseo i Meiriceá Thuaidh, déanaimid gnó ár gcumainn (.i. Cumann Carad na Gaeilge / The Philo-Celtic Society) trí Ghaeilge, agus ní Éireannaigh sinn. Is Meiriceánaigh agus Ceanadaigh sinn. Mar a dúirt Catherine Connolly, tá sé dochreidte nach mbeadh obair an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge le déanamh trí Ghaeilge. Agus tá sé dochreidte freisin gur féidir le h-aire nach bhfuil Gaeilge líofa aige stad a chur ar gach leasú atá uaidh (197 as 198 go nuige seo), b’fhéidir toisc nach dtuigeann sé iad.