Raic in Albain faoi bheagnach 2,000 leabhar Gaeilge a bheith caite sa bhruscar

Measadh gur fiú na mílte punt na leabhair oideachais do ghasúir, cuid acu a bhí fós i bpacáistiú

Raic in Albain faoi bheagnach 2,000 leabhar Gaeilge a bheith caite sa bhruscar

Tá comhairle áitiúil in Alban i mbun fiosrúcháin maidir leis an scéal gur caitheadh beagnach 2,000 leabhar Gàidhlig i scipe bruscair.

D’éirigh le tuismitheoirí na leabhair oideachais, cuid acu a bhí nua glan, a shábháil ach tuairiscítear go raibh scipe eile lán d’ábhar a tógadh ón láthair ar an Òban in iarthar na hAlban.

Thángthas ar na leabhair i scipe bruscair gar d’fhoirgneamh a bhíonn in úsáid ag roinn oideachais Chomhairle Earra-ghàidheal agus Bhòid. Ghabh an chomhairle leithscéal agus dúradh go bhfuil fiosrúchán ar bun acu chun fáil amach conas ar tharla gur caitheadh na leabhair agus an t-ábhar foghlama eile, idir fhillteáin, stáiseanóireacht agus CDanna, sa bhruscar.

Dúirt an grúpa Comann nam Pàrant, a thugann comhairle do thuismitheoirí a bhfuil a gcuid gasúr ag fáil oideachais trí mheán na Gàidhlig, gur “cúis díomá” a bhí san eachtra.

Thart ar 1,800 leabhar ar fad a baineadh as an scipe agus cuid mhaith acu fós ina bpacáistiú. Measadh gur fiú suas le £3,000 na foclóirí Gàidhlig amháin a tógadh amach as an mbruscar.

Bronnadh cuid de na leabhair ar iarbhunscoil áitiúil ach dúirt Alison Craig, cathaoirleach Comann nam Pàrant an Òbain, go raibh treoir tugtha ag an gcomhairle do scoileanna eile gan labhairt léi faoin scéal.

Dúirt Craig go mbíonn scoileanna iontach gann ar áiseanna foghlama don Ghàidhlig agus go ndéanfaí gach iarracht na leabhair a scaipeadh orthusan agus ar thuismitheoirí a bhí ag iarraidh a bpáistí a dtógáil le Gàidhlig.

Fág freagra ar 'Raic in Albain faoi bheagnach 2,000 leabhar Gaeilge a bheith caite sa bhruscar'