Raic faoi shoilse ‘Nollaig Shona Duit’ nach bhfuil le feiceáil ar Shráid Grafton

Tá 'Grafton Quarter' roghnaithe mar ainmbhranda san áit a mbíodh comhartha Gaeilge roimhe seo agus an cinneadh ag tarraingt go leor conspóide ar na meáin shóisialta

Raic faoi shoilse ‘Nollaig Shona Duit’ nach bhfuil le feiceáil ar Shráid Grafton

Tá cosaint déanta ag príomhfheidhmeannach an ghrúpa gnó Dublin Town ar a gcinneadh fáil réidh le soilse ‘Nollaig Shona Duit’ a bhíodh le feiceáil gach bliain ar Shráid Grafton, agus soilse Béarla ar a bhfuil ‘Grafton Quarter’ curtha ina n-áit.

Dúirt Richard Guiney go raibh ‘Grafton Quarter’ in úsáid mar bhranda margaíochta ag roinnt gnóthaí ar Shráid Ghrafton agus ag Comhairle na Cathrach sular chrochadh an comhartha Gaeilge.

Dúirt an Adrian Cummins, Príomhfheidhmeannach Chumann Bialanna na hÉireann, gur mhaith leis go gcuirfí an comhartha Gaeilge ar ais agus gur léirigh an comhartha úr “easpa measa” ar an Ghaeilge, tráth a bhfuil iarrachtaí á ndéanamh an teanga a chur chun cinn.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Owen Keegan gurbh fhearr go mór leis go mbeadh comhartha dátheangach ann agus nach maith leis an comhartha nua.

Dúirt an comhairleoir cathrach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Rebecca Moynihan, gur cheart go ndéanfadh Dublin Town “athmhachnamh ar a straitéis brandála” agus nárbh ann d’áit ar a dtugtar ‘Grafton Quarter’.

Tá conspóid mhór faoin chomhartha nua agus a míshástacht á léiriú ag go leor daoine ar na meáin shóisialta. 

Bhí an fuirseoir aitheanta Dara Ó Briain, a bhfuil 2.5 milliún leantóir aige ar Twitter, i measc na ndaoine a cháin an comhartha nua.

Fág freagra ar 'Raic faoi shoilse ‘Nollaig Shona Duit’ nach bhfuil le feiceáil ar Shráid Grafton'

  • Monica Ni Chadhain

    Tabhair ar ais an fogra Nollaig Shona dhuit.

  • Cluain Sceach

    Tá sé go léir ráite thuas

  • Neasa Nic Dhómhnaill

    Tá an comhartha nua sin an-uafásach! Cad a raibh iad ag smaoineamh??? ???