Raic Dála Uí Lubhlaí. Cé a bhí freagrach?

Ní théann ruaille buaille sa Dáil chun tairbhe do dhream ar bith dáiríre

18/11/2014. Sinn Fein Sit Ins at Dail
Mary Lou Mac Donald agus Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin taobh amuigh den Dáil. Pictiúr: Photocall Ireland

Cé a bhí freagrach as an achrann a thug ar an gCeann Comhairle Seán Barrett an Dáil a chur ar atráth trí huaire Déardaoin?

Is féidir trí fhreagra réasúnta a thabhairt ar an gceist: (1) Mary Lou McDonald (2) Joan Burton (3) an Rialtas.

Mary Lou McDonald.  Chuir Leascheannaire Shinn Féin ceist chasta ar Joan Burton faoi chás Dhónaill Uí Lubhlaí agus faoin mí-úsáid páistí a cuireadh ina leith.

Níor chuir sí an Tánaiste san airdeall roimh ré agus níl Burton freagrach as roinn ná as údarás ar bith a bhaineann leis an gcás.

Ní raibh seans dá laghad ann mar sin go mbeadh Joan Burton ábalta freagra fiúntach a thabhairt, agus ní raibh ciall le clamhsán go raibh sí ag seachaint na ceiste.

Bhí leathchúis ghearáin ag Mary Lou agus ag Teachtaí Dála Shinn Féin nuair a dúirt an Tánaiste (féach thíos) go raibh cáil ar Dhomhnall Ó Lubhlaí mar phoblachtánach a raibh baint aige leis an ngluaiseacht phoblachtach.

Gan dabht, bhí Joan Burton ag iarraidh Sinn Féin a leathcheangal lena chás, ach ní hionann sin agus clúmhilleadh, mar a dúirt an Ceann Comhairle.

Bhí Sinn Féin míshásta mar sin ach, nuair nár thoiligh Burton a ndúirt sí a tharraingt siar, ní raibh leigheas ar a míshásamh ar fáil.

Ar deireadh, dúirt Aengus Ó Snodaigh go gcuirfí an cás faoi bhráid an Choiste um Phribhléidí agus Cleachtais. Ná bí ag súil le toradh soiléir ar mheá an Choiste.

Joan Burton.  Cheal eolais nó foláirimh, ní raibh sé ar chumas Joan Burton an cheist a chuir Mary Lou uirthi a fhreagairt.

Dúirt sí go gcuirfeadh beartas ar bith chun fianaise nó faisnéis a bhain le mí-úsáid páistí imní uirthi, agus gur thuill dearcadh Shinn Féin ar chásanna áirithe amhras.

Is ina dhiaidh sin a chuaigh sí thar fóir.

Tá ‘Ó Lubhlaí is a chúlra Poblachtánach’ cíortha go cúramach ag Breandán Delap ina alt ar an suíomh seo.

Ar bhain a ndúirt an Tánaiste faoi leis an gceist in aon chor? Ní léir gur bhain.

Le tamall anuas, tá uafáis an IRA á dtarraingt anuas go leanúnach ag Enda Kenny agus ag Joan Burton, chun cruacheisteanna éagsúla ar an rialtas a sheachaint.

Is léir do chách nach mian le Sinn Féin aghaidh a thabhairt ar ábhair éagsúla a bhaineann leis an aimsir atá caite – mar shampla, na ceisteanna a spreag Mairía Cahill le gairid.

Ach tuigeann gach duine freisin nuair atá iarracht ar bun ceisteanna a sheachaint, go háirithe más le tagairt do ré an uafáis a dhéantar é.

An t-aon ábhar iontais: gur dóigh le Joan, Enda agus scata airí eile go mbeidh go leor daoine sásta lena seift.

An Rialtas. Déanann gach rialtas iarracht éaló ó cheisteanna nach n-oireann dóibh, an ceann seo san áireamh. Agus tarraingíonn gach rialtas faillí na bpairtithe a bhí i gcumhacht rompu anuas d’fhonn an freasúra a chur ar seachrán. Ach cuimhnigh gur gheall Enda Kenny ‘réabhlóid dhaonlathach’ ar thoghadh a rialtais i 2011, chomh maith le ré nua trédhearcachta.

Ní fhéadfadh an fiú an té is cineálta a bhíonn ag coiméad súil ar Theach Laighean a rá gur léir feabhas mór ó shin.

Is follasaí an neamhfhreagairt má phléitear fulaingt agus doirteadh fola ó thuaidh in ionad ábhar na ceiste.

Ní foláir gné eile d’ealaíon Dála lucht rialtais a lua freisin.

Rómhinic a chloistear béicíl aguis fonóid ghlórach chúlbhinseoirí an rialtais le linn cheisteanna agus óráidí cheannairí an fhreasúra.

Chualathas a leithéid cheana, go dtí gur áitigh ceannairí an rialtais ar a lucht leanúna éirí as.

Ní meas an phobail ach a mhalairt a chothóidh ruaille buaille sa Dáil ar thaobh ar bith.

 

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE

Fág freagra ar 'Raic Dála Uí Lubhlaí. Cé a bhí freagrach?'

  • Seán Mag Leannáin (@SeanMagL)

    Alt cothromach go leor ach sílim gur geall leis an rud céanna é iarracht an Tanáiste Joan Burton ‘Sinn Féin a leathcheangal le cás [Uí Lubhlaí] agus clúmhilleadh’. Feictear domsa le tamall anuas go bhfuil an Ceann Comhairle ag ligint do a chuid fuatha féin do Shinn Féin teacht salach ar a ról mar mholtóir neamhchlaonta ar imeachtaí na Dála. Is é a ról siúd cothrom na féinne a chinntiú, ní hamháin d’urlabhraithe an Rialtais, ach do gach ghlór tofa sa Dáil.