Radharc ar bith ar réiteach faoi cheist theorainn na hÉireann – an Coimisiún Eorpach

Deir urlabhraí Breatimeachta an DUP Sammy Wilson go vótálfaidís ar son mhargadh Theresa May ach dáta éaga a bheith curtha leis an gcúlstop

Radharc ar bith ar réiteach faoi cheist theorainn na hÉireann – an Coimisiún Eorpach

Tá ráite ag an DUP go vótálfaidís ar son mhargadh Breatimeachta Theresa May ach dáta éaga a bheith luaite leis an gcúlstop.

Dúirt urlabhraí Breatimeachta an pháirtí Sammy Wilson ag cruinniú de Choiste Gnóthaí Thuaisceart Éireann Westminster gurbh ionann dáta éaga a chur leis an gcúlstop agus fáil réidh leis.

Thug an Coimisiún Eorpach le fios inniu, agus gan ach 23 lá fágtha go dtí an Breatimeacht, nár deineadh aon dul chun cinn sna cainteanna a bhí aréir acu le Stephen Barclay, Rúnaí Breatimeachta Rialtas May, agus Geoffrey Cox, Ard-Aighne na Breataine. Bhain “deacracht” leis na cainteanna sin a dúirt urlabhraí an Choimisiúin, Margaritis Schinas.

“Níltear tagtha ar aon réiteach atá ag teacht leis an margadh imeachta ag an bpointe seo, agus tá prótacal na hÉireann agus Thuaisceart Éireann, nach ndéanfar aon ath-idirbheartaíocht ina thaobh, san áireamh ansin,” a dúirt sí.

Beidh vóta eile i bParlaimint Westminster faoi mhargadh May an tseachtain seo chugainn agus má dhiúltaítear arís dó, an rogha a bheidh ann ná an AE a fhágáil gan aon mhargadh nó síneadh ama a chur le hAlt 50 agus leanúint den idirbheartaíocht i ndiaidh an 29 Márta, lá an Bhreatimeachta.

Is é an cúlstop, an ‘polasaí árachais’ sa mhargadh chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint an dris chosáin is mó roimh dhul chun cinn sna cainteanna.

Tá sé curtha as an áireamh ag an AE go gcuirfí dáta éaga leis an gcúlstop agus táthar ag súil go dtiocfar ar chomhréiteach maidir le próiseas eadrána níos láidre a shocródh cén uair nach mbeadh gá a thuilleadh leis an bpolasaí árachais.

Dúirt Sammy Wilson an DUP inniu nach sásódh a leithéid de chomhréiteach faoin phróiseas eadrána a pháirtí agus nach mbeadh aon ghlacadh acu leis.

Fág freagra ar 'Radharc ar bith ar réiteach faoi cheist theorainn na hÉireann – an Coimisiún Eorpach'

  • MacAnRí

    An bhfuiltear cinnte is an cúlstop an dris chosain ? Is and DUP/ERG an dris chosain agus cibé comhréiteach a ndéanfar níl aon cheann ann a sásódh leo