‘Rachaimid siar bóithrín smaointe an Oireachtais le buidéal seaimpéin ar Zoom’

Ar líne amháin atá Oireachtas na Gaeilge ag tarlú de bharr na paindéime. Agus gan aon mhórtheacht le chéile ag na Gaeil i mbliana, sa tsraith seo labhraíonn Tuairisc.ie le daoine aitheanta faoi na rudaí is mó a bhraithfidh siad uathu

Síle Denvir, amhránaí agus Ollamh Cúnta le Fiontar, Scoil na Gaeilge

Cad iad na rudaí is mó a bhraithfeá uait faoin Oireachtas?

Go hiondúil éiríonn liom ceann scríbe a bhaint amach tráthnóna Déardaoin an Oireachtais agus bím san óstán, cibé áit a bhfuil sé, thart ar a trí a chlog. Aireoidh mé uaim siúl isteach san óstán agus clár beo Raidió na Gaeltachta faoi lán seoil agus an t-ardú croí agus meanma a thugann sé sin dom. Bíonn daoine ag an Oireachtas nach bhfeicim ó cheann ceann na bliana agus beidh mé uaigneach i mbliana ag cuimhneamh ar na comhráite a bhíonn agam leis na daoine sin, agus go deimhin ar na hamhráin a chasann muid lena chéile, go minic sa mbeár an-luath ar maidin!

An bhfuil aon rud speisialta beartaithe agat ag an deireadh seachtaine leis an Oireachtas a cheiliúradh?

Ar nós chuile dhuine, beidh mé faoi dhianghlasáil sa mbaile deireadh seachtaine an Oireachtais i mbliana. Bhí ceiliúradh mór clainne le bheith againn i mbliana ag an Oireachtas mar go mbeidh breithlá mór (!) ag m’athair Gearóid ar an 30 Deireadh Fómhair. Ar Zoom a bheas an ceiliúradh againn anois, is dóigh, agus tá mé cinnte go n-osclófar buidéal nó dhó seaimpéin agus muid ag dul siar ar bhóithrín smaointe an Oireachtais.   

 

Máírtín Tom Sheáinín faoi agallamh

Máirtín Tom Sheáinín, craoltóir le Raidió na Gaeltachta

Cad iad na rudaí is mó a bhraithfeá uait faoin Oireachtas?

Braithfidh mé uaim an scléip agus an spraoi a raibh mé páirteach ann agus a thaithnigh liom le dhá scór bliain. Chuaigh mé chuig an Oireachtas an chéad uair i 1979 agus níor chaill mé aon Oireachtas ó shin. Braithfidh mé uaim an rud a bhíonn daoine ag súil leis an t-am seo bliana, cúig lá a chaitheamh i measc daoine nach bhfeicfeá ó bhliain go bliain. Braithfidh mé uaim na hamhránaithe ar fad le linn na gcomórtas. Bhínnse ag léiriú Chomórtas na bhFear agus Chomórtas na mBan agus bhínnse ag láithriú Chorn Uí Riada. Braithfidh mé uaim oíche Shathairn agus mé ar stáitse ag caint leis na hiomaitheoirí i gCorn Uí Riada agus ag éisteacht lena n-amhrán. Beidh sé aisteach i mbliana gan a bheith ina measc.

An bhfuil aon rud speisialta beartaithe agat ag an deireadh seachtaine leis an Oireachtas a cheiliúradh?

Tá mé ag déanamh trí chlár Ceiliúradh an Oireachtais a bheas á chraoladh anocht, oíche Dé hAoine agus oíche Dé Sathairn ar Raidió na Gaeltachta. Ar chlár na hoíche anocht (7pm), beidh mé ag caint le daoine a bhíonn ag freastal ar an Oireachtas de ghnáth faoina gcuid cuimhní cinn agus beidh Micheál Ó Curraoin as Carna, nó Dr Michael mar is fearr aithne air, ag labhairt liom faoi Oireachtas Chois Fharraige i 1974, an chéad uair don Oireachtas a bheith ar siúl i gConamara. Beidh Seán Ó Gráinne ó Mhaigh Eo, Micheál de Mórdha ó Chorca Dhuibhne, agus an ceoltóir agus an cumadóir Peadar Ó Riada ó Mhúscraí le cloisteáil ar chlár na hAoine, a chraolfar ag a 7pm. Ar chlár an tSathairn (9pm), beidh beirt fonnadóirí óga, Gráinne Ní Fhátharta agus Evan Ó Gríofa, a bhí le bheith páirteach i gcomórtas Chorn Uí Riada den chéad uair i mbliana ar an gclár agus beidh amhráin á gcasadh agam ó chúigear fonnadóirí a thug leo Corn Uí Riada ach atá anois ar shlí na fírinne, Nan Ghriallais, Nóra Ghriallais, Josie Sheáin Jeaic, Ciarán Ó Con Cheannain agus Joe John Mac an Iomaire.

 

Emma Ní Chearúil, Clár-Reachtaire le Raidió na Life

Cad iad na rudaí is mó a bhraithfeá uait faoin Oireachtas?

Cheapfá nach bhféadfá an gleo agus an damhsa, fiántas agus craic na féile a shárú, chomh maith leis na comórtais agus ócáidí uilig ar ndóigh, ach dáiríre níl iontu sin ach cuid Pháidín den mheacan i gcomparáid le comhluadar na nGael.

Níl aon ní níos deise ná castáil le slua sa mbeár, nó cairde a aimsiú atá ag fanacht ort agus pionta duitse ina nglac acu, réidh chun dul i mbun amhránaíochta agus rógaireachta. Bíonn daoine áirithe eile nach gcastar ort ach amháin ag an ócáid bhliantúil seo, agus airím uaim na cairdis ghearrshaolacha úd, daoine a mbíonn muid ag gáire agus ag damhsa in éindí leo mar a bheadh seanchairde buana iontu, cé nach bhfeictear arís iad ansin ar feadh bliana!

An bhfuil aon rud speisialta beartaithe agat ag an deireadh seachtaine leis an Oireachtas a cheiliúradh?

Ar ndóigh níl mórán saoirse againn i láthair na huaire, ach ba dheas liom castáil le cara sna bólaí seo i gcaitheamh na seachtaine chun gormacha an Oireachtais a ruaigeadh le cupán caife, agus chun scéalta suáilceacha agus cuimhní scannalacha ó bhlianta eile na féile a roinnt.

Tá sé de nós ag scata cairde liom tíocht le chéile tráthnóna Sathairn ag an Oireachtas féin chun piontaí Guinness a ól agus amhráin a chasadh. Tá sé i gceist againn amhlaidh a dhéanamh ar líne i mbliana – go fiú tá duine acu théis bréagphóstaer agus cuirí ‘oifigiúla’ a dhearadh don ócáid! Cloisim nach bhfuil aon mhaith le cannaí Guinness, ach táim ag tnúth go mór le gáirí geala mo chairde a chloisteáil agus uair nó dhó a chaitheamh ina gcomhluadar – bheifeá go duairc dubhchroíoch an deireadh seachtaine seo murach iad!

‘Cronóidh mé an chraic agus an diabhlaíocht agus na daoine nach bhfeicim ó cheann ceann na bliana’

Fág freagra ar '‘Rachaimid siar bóithrín smaointe an Oireachtais le buidéal seaimpéin ar Zoom’'