Rachadh Ó Clochartaigh i gcomhairle le baill a pháirtí dá dtabharfaí cuireadh dó castáil le Charles agus Camilla

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil “rudaí i bhfad níos práinní ná cuairteanna ríoga” ar cheart díriú orthu sa chaidreamh polaitiúil idir an tír seo agus an Bhreatain agus nach mbeidh sé ag 'sodar i ndiaidh na n-uasal'

 

Prionsa Charles na Breataine Bige a bheidh sa Ghaillimh an tseachtain seo chugainn mar chuid dá chuairt oifigiúil chun na tíre
Prionsa Charles na Breataine Bige a bheidh sa Ghaillimh an tseachtain seo chugainn mar chuid dá chuairt oifigiúil chun na tíre

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin, nach mbeidh sé “ag sodar i ndiaidh na n-uasal” nuair a bheas Prionsa Charles na Breataine Bige agus a bhean chéile, Camilla, Bandiúc Cornwall, ar cuairt i gcathair na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn.

Sa chás go bhfaigheadh sé cuireadh bualadh leis na cuairteoirí ríoga, dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie go bpléifeadh sé an scéal “leis an bpáirtí go háitiúil” sula ndéanfadh sé cinneadh ina leith.

Dúirt sé go raibh “pobal áirithe anseo a chuirfeadh fáilte roimhe ach tá pobal áirithe eile nach bhfuil róshásta go bhfuil sé ag teacht beag ná mór”.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh chomh maith go raibh “rudaí i bhfad níos práinní ná cuairteanna ríoga” ar cheart díriú orthu sa chaidreamh polaitiúil idir an tír seo agus an Bhreatain.

Ba mhinic baill de pháirtí Shinn Féin i mbun agóide faoi chuairteanna an Phrionsa Charles toisc go bhfuil sé in ina Ard-Choirnéal ar an Reisimint Paraisiút d’Arm na Breataine a mharaigh 14 duine ar Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972.

Ar an Máirt seo chugainn a thiocfaidh an Prionsa Charles agus a bhean go Gaillimh mar thús ar a gcuairt oifigiúil ar an tír seo.

Faoi láthair tá daltaí Scoil Náisiúnta San Nioclás sa Chladach i nGaillimh ag ullmhú don fháilte a chuirfidh siad roimh na cuairteoirí.

Dheimhnigh urlabhraí ón scoil do Tuairisc.ie go mbeidh an lánúin ríoga ag tabhairt cuairte ar an scoil ach go gcaithfí aon eolas breise faoin gcuairt a iarraidh ar Ambasáid na Breataine i mBaile Átha Cliath.

Tabharfaidh an Prionsa Charles agus a bhean chéile cuairt ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ach dúirt an Ollscoil nach raibh aon socruithe faoin ócáid á bhfógairt fós acu. Tabharfaidh siad cuairt freisin ar Institiúid na Mara in Órán Mór le go bhfeicfidh siad tograí caomhnaithe agus comhshaoil agus tabharfaidh a n-aghaidh ansin ar cheantar na Boirne i gContae an Chláir.

Rachaidh na cuairteoirí ríoga ó thuaidh go Sligeach an lá dár gcionn, go huaigh William Butler Yeats agus chuig an Mullach Mór, áit ar mharaigh an tIRA a sheanuncail, an Tiarna Louis Mountbatten, nuair a phléasc siad buama ar a bhád sa bhliain 1979.

Fág freagra ar 'Rachadh Ó Clochartaigh i gcomhairle le baill a pháirtí dá dtabharfaí cuireadh dó castáil le Charles agus Camilla'