Rabhadh tugtha nach bhfuil dóthain i gciste cúitimh chun gach coláiste samhraidh Gaeltachta a shábháil

Tá cruinniú ‘práinneach’ iarrtha ag CONCOS ar Airí na Gaeltachta chun ‘ceisteanna tromchúiseacha’ a bhaineann le ciste cúitimh na gcoláistí samhraidh a phlé

Rabhadh tugtha nach bhfuil dóthain i gciste cúitimh chun gach coláiste samhraidh Gaeltachta a shábháil

Níl an phríomheagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar choláistí samhraidh na Gaeltachta sásta leis an gciste cúitimh a d’fhógair Roinn na Gaeltachta don earnáil tráthnóna.

Deir CONCOS nach bhfuil dóthain airgid curtha ar fáil ag an Roinn sa chiste €1.7 milliún chun a chinntiú go dtiocfaidh gach coláiste samhraidh Gaeltachta slán ó na fadhbanna a bhain lena gcúrsaí a bheith curtha ar ceal dhá bhliain as a chéile de dheasca an Covid-19.

Tá cruinniú “práinneach” iarrtha ag CONCOS ar Aire na Gaeltachta Catherine Martin agus ar an Aire Stáit Jack Chambers chun “ceisteanna tromchúiseacha” a bhaineann leis an gciste a phlé.

Ciste cúitimh €1.7 milliún a d’fhógair Airí na Gaeltachta do choláistí samhraidh na Gaeltachta inniu.

Ceann de na gearáin atá ag CONCOS ná nach bhfuil aon mhaoiniú curtha ar fáil chun costais athoscailte na gcoláistí a chlúdach mar a rinneadh d’earnálacha eile, dar leo.

Deir CONCOS go mbeidh gá le gearrchúrsa a reáchtáil chun oiliúint a chur ar mhúinteoirí, ar chúntóirí agus ar mhná agus fir tí sula mbeidh na coláistí samhraidh in ann oscailt an bhliain seo chugainn agus nach bhfuil aon tagairt de sin i bhfógra na Roinne inniu.

“Faoi dheireadh, tá fógra déanta ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meán inniu do Chiste Cobhsaithe chun costais riaracháin, árachais agus cothabhála na gColáistí Gaeilge a chlúdach. Tá CONCOS den tuairim nach bhfuil dóthain sa chiste seo chun doirse gach Coláiste Gaeilge a choinneáil oscailte sa todhchaí,” a deir CONCOS

“I gcomparáid le hearnálacha eile, níl aon chúnamh fógartha do na Coláistí Gaeilge do chostais athoscailte, mar shampla, earcaíocht, athoiliúint ar bhainistíocht, ar mhúinteoirí, ar chúntóirí, ar chinnirí agus ar lucht lóistín, mar aon leis na costais bhreise athoscailte a mbeidh baint acu le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta i gcomhthéacs Cóivid-19.

“Bhí CONCOS ag éileamh aitheantais do ghearrchúrsaí trí lá chun an oiliúint is gá a chur ar na grúpaí thuasluaite d’athoscailt na gcoláistí an samhradh seo chugainn. Níl aon eolas faoi seo sa phacáiste atá fógartha ag an Roinn.

“Ní raibh aon ionchur ag CONCOS sa Chiste Cobhsaithe ná sa mhodh íocaíochta seo.

“Iarrann CONCOS cruinniú go práinneach ar an Aire Martin agus ar an Aire Stáit Chambers leis na ceisteanna tromchúiseacha seo a phlé.”

Faoin gciste nua a fógraíodh inniu, cuirfear buníocaíocht idir €500 agus €7,000 agus íocaíocht €75 in aghaidh an scoláire ar fáil do choláistí incháilithe.

€142,000 an méid is mó ar féidir le haon choláiste amháin a fháil. Chaithfeadh 2,000 scoláire a bheith ag coláiste i samhradh 2019 chun an méid sin cúitimh a fháil.

Dúradh go gcuideodh an cúiteamh le coláistí “costais riaracháin, árachais agus cothabhála a chlúdach don bhliain reatha”.

D’fhógair an Roinn chomh maith inniu go bhfuiltear “sásta mar eisceacht” gearrchúrsaí seachtaine nó coicíse idir seo agus an samhradh seo chugainn a aithint faoi scéim na Roinne.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha nach bhfuil dóthain i gciste cúitimh chun gach coláiste samhraidh Gaeltachta a shábháil'