Rabhadh tugtha agus Stoirm Francis ag déanamh a slí soir trasna na tíre

Dúirt Met Éireann go bhféadfadh go mbeadh fuarlaigh ar bhóithre ar maidin de thoradh Stoirm Francis agus go bhféadfadh an bháisteach throm agus gaoth mhór roinnt dochair a dhéanamh

Rabhadh tugtha agus Stoirm Francis ag déanamh a slí soir trasna na tíre

Tá rabhadh tugtha do dhaoine fanacht amach ó cheantair cois cósta agus a bheith ar an airdeall faoi dhálaí tiomána contúirteacha ar maidin.

Dúirt Met Éireann go rabhthas ag tuar aimsir “an-ghaofar nó aimsir stoirme” inniu agus Stoirm Francis ag déanamh a slí soir trasna na tíre.

Tá foláireamh báistí Oráiste eisithe ag Met Éireann do roinnt contaetha, na contaetha Gaeltachta go léir, seachas contae na Mí, ina measc.

Dúirt Met Éireann go bhféadfadh go mbeadh fuarlaigh ar bhóithre de thoradh Stoirm Francis agus go bhféadfadh an bháisteach throm agus gaoth mhór ar maidin roinnt dochair a dhéanamh agus cur as do sheirbhísí.

Tá  foláireamh báistí oráiste i bhfeidhm go dtí 5pm tráthnóna i gCúige Connacht go léir, i nDún na nGall, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, an Cabhán, Muineachán agus Loch Garman.

Tá foláireamh báistí buí i bhfeidhm i gcás na gcontaetha eile ó 6am ar maidin.

Tá foláireamh gaoithe buí i bhfeidhm go dtí 7pm tráthnóna do Chúige Mumhan, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus Loch Garman.

Dúradh go mbeadh an bháisteach “an-trom” uaireanta aréir agus inniu agus titim bháistí idir 40 agus 60mm á thuar.

D’fhéadfadh an bháisteach a bheith níos troime i gceantair shléibhe, a dúradh.

Dúradh go bhféadfadh luas 55-65 km san uair a bheith leis an ngaoth in amanna agus siotaí chomh láidir le 100km san uair léi. 

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha agus Stoirm Francis ag déanamh a slí soir trasna na tíre'