Rabhadh tugtha ag Roinn na Gaeltachta do dhaoine gan dul chuig na hoileáin go dtí mí Lúnasa

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil imní ar phobail na n-oileán go mbeidh cathú ar dhaoine cuairt a thabhairt orthu, go háirithe le linn an tsamhraidh

Rabhadh tugtha ag Roinn na Gaeltachta do dhaoine gan dul chuig na hoileáin go dtí mí Lúnasa

Tá rabhadh tugtha ag Roinn na Gaeltachta do dhaoine gan cuairt a thabhairt ar na hoileáin go dtí an 10 Lúnasa ar a luaithe.

Cúig thréimhse díchuibhrithe atá luaite i straitéis éalaithe an rialtais agus sa tréimhse dheireanach a thabharfar cead do chuairteoirí dul chuig na hoileáin.

Tosóidh an tréimhse dheireanach ar an 10 Lúnasa. 

I ráiteas a chuir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta amach inniu, dúradh go raibh sé “ríthábhachtach” go dtabharfaí “tús áite do shláinte agus leas an phobail”.

“Tuigeann an Roinn go rímhaith an imní atá ar phobail na n-oileán maidir le cuairteoirí chuig na hoileáin, go háirithe le linn mhíonna an tsamhraidh.

“Dá réir sin, meabhraíonn an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do dhaoine, seachas daoine atá ina gcónaí ar na hoileáin sin agus daoine atá ag tabhairt faoi sheirbhísí riachtanacha, gan cuairt a thabhairt ar na hoileáin amach ón gcósta go dtí an 10 Lúnasa de réir chéim 5 den phlean arna eisiúint ag an Rialtas chun geilleagar agus sochaí na hÉireann a athoscailt.”

Dúradh gur tréimhse í seo nár facthas a leithéid riamh cheana “agus go bhfuil dúshláin ag baint léi dúinn ar fad”.

“Ina dhiaidh sin is uile, is fearr a rachaimid i ngleic leis na dúshláin sin má oibrímid i gcomhar lena chéile…” a dúradh i ráiteas na Roinne.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha ag Roinn na Gaeltachta do dhaoine gan dul chuig na hoileáin go dtí mí Lúnasa'