Rabhadh tugtha ag an Rúis don Liotuáin faoi chosc ar iompar earraí

Deir rialtas na Liotuáine go bhfuil dualgas orthu cosc a chur ar iompar earraí áirithe chuig Kaliningrad mar chuid de smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh

Rabhadh tugtha ag an Rúis don Liotuáin faoi chosc ar iompar earraí

Tá an Rúis ag éileamh ar an Liotuáin deireadh a chur láithreach lena gcosc ar earraí áirithe a thabhairt trasna na tíre go dtí Kaliningrad, ceantar de chuid na Rúise.

Ag labhairt dó in Kaliningrad, dúirt Nikolai Patrushev, rúnaí chomhairle slándála Chónaidhm na Rúise, nach raibh amhras ar bith ann go dtabharfadh an Rúis freagra ar an gcosc.

Dúirt sé go mbeadh “impleachtaí tromchúiseacha” ag baint le freagra na Rúise agus go mbeadh muintir na Liotuáine thíos leis.

Deir rialtas na Liotuáine go bhfuil dualgas orthu cosc a chur ar iompar na n-earraí mar chuid de smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh ar an Rúis. Deir lucht na Creimile gur cosc “mídhleathach” atá ann.

Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go neartófaí arm na Rúise chun aon bhaol míleata nua a chur san áireamh.

Níl aon teorainn ar thalamh ag Kaliningrad leis an Rúis ach d’ionghabh an Rúis ón nGearmáin é i 1945. Königsberg a bhíodh ar an gceantar atá idir an Pholainn agus an Liotuáin ar chósta Mhuir Bhailt.

Idir an dá linn, dúirt Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, go gcuirfí ar fáil le húsáid roimh dheireadh na bliana diúracáin bhalaistíocha idir-ilchríochacha. Tástáladh na diúracáin Sarmat le déanaí agus is féidir leo breis is deich gcinn de shoic pléascáin núicléach a láimhseáil.

Tá an cogadh fós ina theas in Donbas in oirthear na hÚcráine. Léirigh físeán a chuir gobharnóir cheantar Donetsk amach scoil agus í curtha trí thine in ionsaí sliogán de chuid na Rúise.

Dúirt Pavlo Kyrylenko go raibh sé ar an tríú scoil sa chathair ar deineadh dochar di. Dúirt sé gur scriosadh breis is 200 scoil i gceantar Donetsk ó thús an ionraidh.

Ó thosaigh an Rúis ag díriú ar oirthear na tíre roinnt seachtainí ó shin tuairiscítear go bhfuil thart ar 200 saighdiúir de chuid na hÚcráine á marú in aghaidh an lae agus meastar go bhféadfadh an líon céanna a bheith i gceist i gcás na Rúise.

Tuairiscítear go bhfuil dul chun cinn mall á dhéanamh ag an Rúis sa cheantar cé nach bhfuil acu ach thart ar an sciar céanna de Donetsk acu is a bhí i seilbh na scarúnaithe roimh an ionradh.

Mar sin féin, measann lucht anailíse i Stáit Aontaithe Mheiriceá go n-éireoidh leis an Rúis an réigiún Luhansk go léir a ghabháil ag áireamh na gcathracha Severodonetsk agus Lysychansk mar bhfuil cathanna fíochmhara ar siúl le tamall.

Idir an dá linn, tuairiscítear go bhfuil an méadú ar an éileamh atá ar ola na Rúise ó thíortha san Áise ag baint den dochar atá á dhéanamh ag an laghdú ar an méid ola atá á ceannach ag tíortha ag an Eoraip.

An tSín agus an India is mó atá ag ceannach na hola agus tháinig ardú 28% an mhí seo caite ar an méid ola a cheannaigh an tSín ón Rúis.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha ag an Rúis don Liotuáin faoi chosc ar iompar earraí'

  • Pádraig

    Go shábhála Mac Dé sinn.