Rabhadh eisithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi thaisteal chuig áiteanna san Iodáil

Tuairiscíodh tráthnóna go raibh an seachtú duine básaithe san Iodáil de thoradh an choróinvíris

Rabhadh eisithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi thaisteal chuig áiteanna san Iodáil

Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha nár chóir do dhaoine taisteal chuig áiteanna san Iodáil atá buailte ag an gcoróinvíreas.

Tuairiscíodh tráthnóna go raibh seachtar básaithe go dtí seo san Iodáil de thoradh an ghalair agus go raibh líon na ndaoine a raibh an víreas tolgtha acu ag dul i méid.

Mhol an Roinn Gnóthaí Eachtracha do dhaoine gan dul go dtí Piedmont, Lombardy, Veneto, Emilia Romagna ná Lazio.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go raibh baol níos mó ann go dtiocfaí ar chás den víreas in Éirinn i bhfianaise na gcásanna san Iodáil.

Dúirt an tAire chomh maith go raibh súil á coinneáil ar ócáidí móra a mbeadh go leor daoine ag cruinniú le chéile acu, féachaint ar cheart iad a chur ar ceal. Tá súil á coinneáil go háirithe ar an gcluiche rugbaí idir an Iodáil agus Éire atá le bheith ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 7 Márta.

Dúirt Príomh-Oifigeach  Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan go mbeadh Éire ullamh go maith don víreas.

“Táimid ag obair le roinnt seachtainí anois, ó thosaigh seo, chun socruithe a chur i bhfeidhm a chabhródh linn ár gcóras a ullmhú chun cásanna a aithint go luath.

“Dá mbeadh cás ann, agus ní raibh aon chás againn sa tír seo go fóill, chuirfí beartais i bhfeidhm chun stop a chur le scaipeadh an ghalair go dtí daoine eile,” a dúirt an Dr Tony Holohan.

Tá srian curtha ag na húdaráis san Iodáil le gluaiseacht isteach agus amach i gceantair áirithe agus tá coraintín curtha i bhfeidhm acu in áiteanna áirithe. San Iodáil atá an líon is mó cásanna deimhnithe den choróinvíreas san Eoraip.

Idir an dá linn, dúirt Bruce Aylward, ceann foirne an ghrúpa saineolaithe de chuid WHO atá ar cuairt ar an tSín, go raibh laghdú mór ar líon na gcásanna den víreas sa tír sin.

Dúirt sé go raibh an scéal amhlaidh mar gheall ar na beartais mhóra éagsúla  a bhí curtha i gcrích sa tSín, mar a bhfuil  coraintín curtha i bhfeidhm ar chathracha iomlána.

Tá séanta ag Rialtas na hIaráine go bhfuair ceithre oiread níos mó ná mar atáthar ag rá bás ón ngalar sa tír sin.

Fág freagra ar 'Rabhadh eisithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi thaisteal chuig áiteanna san Iodáil'