Rabhadh dúinn uilig i scéal léanmhar mhuintir Devereaux

Thug Michael Devereaux rabhadh dúinn uilig nuair a d'inis sé a scéal brónach faoi fhéin agus a bhean chéile

Rabhadh dúinn uilig i scéal léanmhar mhuintir Devereaux

Michael and Kathleen Devereaux. Pictiúr: RTÉ Liveline

Scéal eile i dtosach, faoi lánúin aosta eile, inar léir cumas an stáit fóirithint ar sheandaoine ar dhóigh a thugann ábhar dóchais seachas a mhalairt.

Baineann an scéal fírinneach seo le lánúin atá níos sine ná Michael Devereaux (90) agus a bhean chéile Kathleen Devereaux (86), agus atá fós ina gcónaí sa mbaile.

Tá an lánúin seo lag ar bhealaí éagsúla agus ag brath araon ar chóir leanúnach dochtúra. Tá an fear, atá 98 bliain d’aois, agus radharc na súl chomh dona aige nach féidir leis a bhfuil ar an teilifís a fheiceáil. Tá a bhean chéile 85 bliain d’aois, agus í chomh bacach go mbíonn uirthi lámh a chur ar an troscán agus í ag gluaiseacht thart sa teach.

Ainneoin na bhfadhbanna sláinte agus na laigí éagsúla a chuireann as dóibh, tá siad ina gcónaí fós sa bhaile go sona sábháilte.

Níl aon amhras ar a muintir faoin bhfáth nár cuireadh iachall orthu i bhfad ó shin cur fúthu in ospidéal nó i dteach altranais: an chabhair laethúil a thugann cúntóirí baile an HSE dóíbh.

Tagann na cúntóirí baile cuairt orthu trí huaire gach lá. Ar maidin, chun cabhrú leo éirí agus gléasadh, agus chun bricfeasta a réiteach. Ag am dinnéir, chun béile a réiteach, chun ceapairí a dhéanamh i gcomhair am tae, agus chun déileáil le cúraimí éagsúla eile (tógáil drugaí go háirithe). Agus gach oíche, chun cabhrú leis an mbeirt a gcuid éadaigh a bhaint díobh agus dul ag luí.

Dá mbeadh tacaíocht mar atá ag an lánúin thuas ar fáil i gcónaí agus i ngach áit sa tír, ní bheadh gá le scríobh an cholúin seo.

Ach ar ndóigh, níl barántas tacaíochta ná baol air geallta, fiú ar bhonn géar-riachtanais.

Bhí alltacht agus fearg ar mhórán daoine nuair a chuala siad Michael Devereaux as Loch Garman ag cur síos ar an teach altranais inar dúradh leis nach mbeadh cead ag a bhean chéile fanacht in éineacht leis. Tá siad le chéile arís anois agus sonraí an cháis fós á bhfiosrú. Ach is leor cnámha an scéil, atá deimhnithe, chun a chur i gcuimhne dúinn:

(a) go bhfuil géarchéim tacaíochta ag teannadh le lear mór daoine aosta,

(b) Nach bhfuil polasaí cuimsitheach ná pleanáil airgeadais náisiúnta leagtha amach chun tacú leo, cé gur léir don rialtas go mbeidh an sciar den daonra atá os cionn 65 ag dul i líonmhaire go leanúnach sna blianta atá romhainn.

Bhí claonadh na bhfigiúirí soiléir i bpríomhthorthaí an Daonáirimh. Idir 2011 agus 2016, tháinig méadú 19 faoin gcéad ar an sciar den phobal a bhí os cionn 65 bliain d’aois. Meastar go mbeidh 1.4 milliún duine (nó duine as gach cúigear sa stát) os cionn 65 faoin mbliain 2041.

Is dea-scéala é an t-athrú seo, is é sin má bhítear réitithe lena aghaidh. Go dtí seo, ainneoin gach ráiteas ó airí, sa rialtas seo agus i rialtais eile, gur chóir cuidiú le daoine aosta cónaí sa bhaile fad is féidir leo, níl polasaí ná caiteachas leagtha amach leis an aidhm sin a chur i gcrích. Go deimhin, tá moill curtha ar an bpleanáil.

Mar shampla:

Ar an 16 Eanáir, d’fhógair Helen McEntee, an t-aire stáit a bhí freagrach as daoine aosta, comhairliúchán poiblí faoi bhunú scéim cúram baile do sheandaoine, a chuirfí ar bhonn reachtúil. Níor thosaigh an comhairliúchán fós.

Ar an 27 Meitheamh, d’fhógair Jim Daly, an t-aire stáit atá freagrach as daoine aosta, comhairliúchán poiblí faoi bhunú scéim cúram baile do sheandaoine, a chuirfí ar bhonn reachtúil. Gheall sé go rachfaí i mbun oibre go luath.

Más maith is mithid.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Rabhadh dúinn uilig i scéal léanmhar mhuintir Devereaux'