Rabhadh buí seaca agus sneachta ar fud na tíre anocht is maidin amárach

Mar bharr ar an sioc agus an sneachta atá á thuar tá toirneach agus tintreach geallta chomh maith

Rabhadh buí seaca agus sneachta ar fud na tíre anocht is maidin amárach

Tá fógra eisithe ag Met Éireann go mbeidh na bóithre contúirteach anocht agus amárach de bharr sioc agus sneachta a bheith forleathan ar fud na tíre.

Beidh rabhadh buí seaca agus sneachta i bhfeidhm óna 10.00pm anocht go dtí meán lae amárach. Tá múraíl sneachta, flichshneachta agus clocha sneachta á dtuar ar fud na tíre. 

Mar bharr ar an sioc agus an sneachta atá á thuar tá toirneach agus tintreach geallta chomh maith. 

Iarthuaisceart na tíre is túisce a aireoidh  na ceathanna geimhriúla tráthnóna inniu agus gaoth ropánta aniar aneas  ina dteannta. 

Iarrtar ar thiománaithe a bheith fíorchúramach ar bhóithre anocht agus maidin amárach, go háirithe bóithre nach mbeidh aon ghrean scartha orthu. 

D’fhéadfadh an toirneach is an tintreach cúrsaí aibhléise a chur as alt arís agus gan daoine go leor ach tagtha ó stoirmeacha gaoithe na seachtaine seo caite.

Fág freagra ar 'Rabhadh buí seaca agus sneachta ar fud na tíre anocht is maidin amárach'