Rabhadh buí báistí don deireadh seachtaine, ach scuabfaidh Stoirm Ernesto léi roimh chluiche ceannais na hÉireann

Táthar á thuar go mbeidh díle bháistí againn oíche amárach, ach cé go mbeidh sí an-trom ní sheasfaidh sí i bhfad

Rabhadh buí báistí don deireadh seachtaine, ach scuabfaidh Stoirm Ernesto léi roimh chluiche ceannais na hÉireann

Tá rabhadh buí báistí eisithe inniu ag Met Éireann, rabhadh a mhairfidh óna hocht a chlog tráthnóna amárach go dtí a hocht a chlog maidin Dé Domhnaigh.

Táthar á thuar go mbeidh díle bháistí againn oíche Dé Sathairn. Ní sheasfaidh sí i bhfad ach beidh sí an-trom agus titfidh sí i gcuid mhaith áiteanna ar fud na tíre. Tá 20mm báistí á thuar in áiteanna ach d’fhéadfadh sí a bheith níos troime in áiteanna eile.  Is eireaball í an bháisteach throm seo ar Stoirm Thrópaiceach Ernesto, atá ag tórmach san Aigéan Atlantach Thuaidh i láthair na huaire.

Deir Met Éireann nach mbaineann aon chontúirt leis an rabhadh buí don duine a bhíonn i mbun gnáthchúraimí an lae, ach amháin sa gcás go mbíonn an duine sin ag taisteal nó i mbun oibre in áit a mbeadh báisteach throm.

Is í Ernesto an cúigiú stoirm san Atlantach an séasúr seo agus bhí 75 ciliméadar san uair leis an ngaoth sin inné amach ó Thalamh an Éisc agus í ar a bealach chugainn anseo san Eoraip.

I ráiteas a d’eisigh Ionad Náisiúnta Spéirlingí na Stát Aontaithe, dúradh gur dóigh go raibh barr a nirt ídithe ag Ernesto faoin tráth seo ach chuir siad fainic freisin go mbeadh spreacadh fós inti de bharr a scafánta agus a bhí sí ag cur an Atlantaigh di aniar.

Meastar gur thart ar a sé a chlog tráthnóna amárach a bhuailfidh stoirm Ernesto cósta na tíre seo i gConnachta agus go mbeidh an cósta thoir bainte amach aici faoi mheán oíche.

D’fhéadfadh go seasfadh an bháisteach throm go maidin Dé Domhnaigh ach go dtriomódh sé faoi mheán lae, in am do chluiche mór na hiomána i bPáirc an Chrócaigh, mar a mbeidh Luimneach agus Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar chéile i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 1980.

Fág freagra ar 'Rabhadh buí báistí don deireadh seachtaine, ach scuabfaidh Stoirm Ernesto léi roimh chluiche ceannais na hÉireann'

  • murchadh

    ‘Cothú na doinninne sa tsoinneann’ inniu…agus a rian air.