Púcaí agus cluichí ‘úll-lárnaithe’!

AG TÓGÁIL CLAINNE – Colún faoi na suáilcí agus duáilcí a bhaineann le clann á thógáil

 

. 2/10/2014. Rosa Molloy (centre) (7yr
Pictiúr: Photocall Ireland

Caithfidh gur deacair ag páistí a chreidiúint go bhfuil a leithéid de rud ann agus bob agus bia, áit a dtéann tú ó theach go teach faoi Shamhain agus go dtugann daoine milseáin duit.

Is cosúil nach bhfuil de chaint sa naíonra na laethanta seo ach é.

Tá an-suim curtha ag m’iníon sa scéal ó chuala sí an chaint agus tosaíonn gach dara abairt sa teach s’againne na laethanta seo leis na focail ‘faoi Shamhain (pé iontas is deireanaí)…’.

Dúirt sí liom an lá cheana go bhfuil cáca speisialta ann faoi Shamhain agus fáinne istigh ann agus caithfidh an té a fhaigheann an fáinne pósadh láithreach! Cuid mhaith bainiseacha ar na bacáin, mas ea.

Ní raibh a leithéid de rud agus ‘bob agus bia’ againne.

Na sean-nósanna a bhí fós i réim ar Oíche Shamhna. Bhí cloiste agam fhéin agus mo chomhghleacaithe sa scoil bheag faoin gcleachtas draíochta seo ach ainneoin ár n-iarrachtaí, ní mórán sásaimh a fuair muid nuair a leandálaimis ag doras na gcomharsan i gcultachaí aisteacha agus milseáin á lorg againn.

Bhímis ag súil go mór le hOíche Shamhna ina dhiaidh sin fhéin. Oíche na bpúcaí agus na dtaibhsí a bhí ann dáiríre agus níobh fholáir duit a bheith istigh nó bheiridís greim ort. Bhíodh leadsaí móra an bhaile amuigh ag an gcrosbhóthar agus iad gléasta i seanchótaí agus lomra caorach agus go bhfoire Dia ar éinne a chuaigh tharstu.

Corrbhliain bhíodh cóisir Shamhna eagraithe sa halla pobail. Bhíodh na cluichí traidisiúnta á n-imirt; úllaí ar snámh i mbáisín uisce is chaithfeá breith ar cheann i do dhrad.

Úllaí ceangailte le téad, úllaí thíos i mbáisín plúr… Go bunúsach, cuid mhaith cluichí úll-lárnaithe. Bliain amháin, cuireadh caoga pingin ag bun báisín uisce agus dá n-éireodh leat é a thabhairt aníos i do bhéal bhí agat. Caoga pingin! Cheannófá glaic mhaith milseán air. Beag nár bádh muid uilig an oíche sin.

Deirtear gur a bhuíochas le teilifís go bhfuil nósanna Samhna Mheiriceá ag dul i réimeas in Éirinn agus dearmad á dhéanamh ar na nósmhaireachtaí a bhí againn anseo leis na cianta. Ach dearfainn fhéin go bhfuil baint mhór aige leis na milseáin. Dá bhféadfaí mars bars beaga a shníomh isteach sna sean-nósanna ar chaoi éigin, déarfainn gurbh fhearr i bhfad an seans go mairfidís.

Fág freagra ar 'Púcaí agus cluichí ‘úll-lárnaithe’!'

  • Michaela

    Is cosúil go mbeidh páistí na tíre ag ithe as a mbailiúcháin milseán go dtí Oíche Shamhna seo chugainn! Agus maidir leis na cultacha bréige sna siopaí agus a gcostas, cad a tharla don mhála dubh as an gcófra? Céad slán don am sin!