‘Protestants will feel like aliens in their own land’ – cáineadh ar chomharthaíocht ollscoile Gaeilge

Comhartha aitheantais agus measa atá i bpolasaí dátheangach nua mhic léinn Ollscoil Uladh dar le lucht na Gaeilge, ach a mhalairt de phort atá ag polaiteoirí aontachtacha

‘Protestants will feel like aliens in their own land’ – cáineadh ar chomharthaíocht ollscoile Gaeilge

Tá cáineadh déanta ag polaiteoirí aontachtacha ar chinneadh aontas na mac léinn in Ollscoil Uladh comharthaíocht dhátheangach a chrochadh san ollscoil.

Dar le ceannaire an TUV Jim Allister gurb amhlaidh go bhfágfaidh na comharthaí dátheangacha go mbraithfidh mic léinn aontachtacha agus Protastúnacha “strainséartha” ina “dtír féin”.

“Cothaíonn siad [comharthaí dátheangacha] scoilt agus aighneas d’aon ghnó chun go mbraithfeadh mic léinn aontachtacha ina gcoimhthígh ina a dtír féin.

“Seo arís cuid d’fheachtas eagraithe chun  ‘teach fuar’ d’aontachtaithe a dhéanamh den champas agus chun sin a dhéanamh sa dá ollscoil atá againn.” 

Dúirt Allister nach raibh gá ar chor ar bith ag aon duine le comharthaí dátheangacha chun a mbealach a dhéanamh thart ar an gcampas.

Cháin an Dream Dearg ráiteas cheannaire an TUV agus dúirt siad “nach raibh gá ar chor ar bith” lena leithéid de chaint.

Ghlac Comhairle Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Uladh (UUSU) cinneadh an tseachtain seo go gcrochfaí comharthaí dátheangacha, i nGaeilge agus i mBéarla, san ollscoil, cinneadh a chuir eagraíochtaí teanga agus pobal na Gaeilge ó thuaidh fáilte mhór roimhe.

Tá ceithre champas in Ollscoil Uladh, i mBéal Feirste, i gCúil Raithin, in Jordanstown agus i nDoire.

Dúirt an UUSU go dtabharfaí san áireamh sa pholasaí nua an gá le dea-chaidreamh a chothú san ollscoil. 

Dúirt urlabhraí oideachais an UUP Rosemary Barton gur “buaileam sciath polaitiúil” a bhí i gceist leis an bpolasaí.

“Faraor, is é an cineál seo iompair a thugann an pholaitíocht isteach i gcás na Gaeilge agus a dhéanann cuid den chlár náisiúnach agus poblachtánach di,” a dúirt Barton.

Dúirt sí nár chabhraigh a leithéid leis an nGaeilge a chur i láthair mar mhiontheanga ar le gach duine í. 

“Faraor, ní maith le daoine áirithe ar chor ar bith go mbraithfeadh aon duine a bhfuil claonadh an aontachtais ann compordach ina dtimpeallacht féin –nach mór an díol trua é sin maidir lena bhfuil i ndán do Thuaisceart Éireann,” arsa urlabhraí oideachais an UUP, Rosemary Barton. 

Chuir Gráinne Ní Ghillín ón Dream Dearg fáilte roimh chinneadh na mac léinn agus dúirt sí gurb ionann é agus aitheantas a thabhairt do phobal na Gaeilge agus meas a léiriú orthu.

Dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile ó Shinn Féin gur “chéim dhearfach chun cinn” a bhí sa pholasaí nua a léirigh, dar leis, go bhfuil ag treisiú ar éileamh lucht labhartha na Gaeilge ar a gcearta teanga. Dúirt sé gur chun leas na sochaí agus an gheilleagair araon a bhí an “éagsúlacht teangacha”. Dúirt Ó Donnghaile go raibh mic léinn a labhraíonn an Ghaeilge i dteideal na gceart céanna le gach duine eile.

Fág freagra ar '‘Protestants will feel like aliens in their own land’ – cáineadh ar chomharthaíocht ollscoile Gaeilge'

  • Des O Murchu

    Oh dear! Ulster ag an DUP faoi teanga a dtir fein!

  • An Teanga Bheo

    An ríocht easaontaithe is docha atá igceist sa tír seo

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Deascéal cinnte ach cá huair a fheiceas muid na comharthaí dátheangach seo?

    Ollscoil Uladh céim chun tosaigh ar ollscoltacha sa ‘phoblacht’ tá barúil agam.

    Níl a leithéid de chomharthaí dátheangach le feiceáil fiú sna bunscoltacha ná sna meánscoltacha i ‘bpoblacht’ na hÉireann!!! Mo náire córas oideachais an stáit seo! Iontas ar bith gan meas bheith ar an teangaidh dúchais nuair nach bhfuil sí le feiceáil fiú sna scoltacha ná sna hinstitiúidí 3ú leibheál!! Samhnasach!

    Coinníoll Ghaeilge don Ghaeltacht.

  • Hauld yer wheesht

    Och a gae wheen a kintras. Quhich kintra? Ingland? Lunnon? Barmie, Yer bam’s oot the windae.