Tá teip an Rialtais leagan Gaeilge den phlean forbartha náisiúnta ‘Project Ireland 2040’ a chur ar fáil á fiosrú ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill agus gearán faighte ag a oifig faoin scéal.
Idir an dá linn, ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Tithíochta, an roinn a bhí freagrach as foilsiú an phlean a seoladh Dé hAoine seo caite, go bhféadfadh sé “a dheimhniú” go bhfuiltear ag obair ar an bplean forbartha náisiúnta a aistriú go Gaeilge agus go gcuirfear leagan Gaeilge de ar fáil “sna seachtainí romhainn amach”.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh Gaeilge Julian de Spáinn go raibh “an-díomá” ar an eagraíocht nár foilsíodh leagan Gaeilge de ‘Project Ireland 2040’ Dé hAoine seo caite agus gur i mBéarla amháin atá an suíomh idirlín de chuid an Rialtais a bhaineann leis an bplean.
I measc na ndaoine eile a bhí míshásta faoin easpa leagan Gaeilge de ‘Project Ireland 2040’, bhí an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív.
Náireach ar fad. Neamhard ar an Acht Teanga 2003. Súil agam go gníomheoidh an Coimisinéir Teanga @Nuacht24 @RTERnaG
— Éamon Ó Cuív (@eamonocuiv) 16 Feabhra 2018
Tá iarratas déanta ag Tuairisc.ie ar ráiteas ó Roinn an Taoisigh faoin scéal chomh maith, ach níor cuireadh a leithéid ar fáil dúinn go fóill.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí aon cháipéisí a bhaineann le moltaí maidir le beartais pholasaí phoiblí a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla agus d’fhéadfaí á áiteamh gur plean aontaithe seachas beartas molta atá i gceist le ‘Project Ireland 2040’.
Gealltar i scéim teanga na Roinne Tithíochta “go leanfaidh sí ar aghaidh le leagain dhátheangacha d’fhoilseacháin lárnacha (mór-ráitis maidir le polasaithe, straitéisí srl.)”
Deirtear go mb’fhearr sin a dhéanamh “laistigh den aonchlúdach amháin (cruachóip nó foilseacháin leictreonacha)”.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach bhféadfadh sé aon ráiteas a dhéanamh faoin scéal toisc go raibh gearán faighte ag a oifig faoi agus go raibh fiosrúchán ar bun dá bharr.
Bean na Ráiteas as seo amach
Is maith liom an cur chuige sin atá acu. Mura mbeidh mo chuid cánacha íoctha agamsa, cuirfidh mé amach ráiteas á fhógairt go n-íocfar iad sna seachtainní atá romhainn. Ní bheidh trácht ar bith ar ús ná píonós.
Éamonn Ó Floinn
Cén fáth nach bhfuilimid ábalta an rud céanna a dhéanamh mar a dhéanann an Bhreatain Bheag. Más féidir le tír atá níos lú agus i bhfad níos boichte ná muidne gach cáipéis a aistriú agus gach seirbhís a chur ar fáil sa teanga, cén fáth nach féidir linne?
Pól Ó Braoin
An bhfuil ionadh ar bith orm? Níl, ar chor ar bith.