Próiseas fógartha chun ionadaithe a cheapadh ar choiste a réiteoidh plean nua an Stáit do sheirbhísí Gaeilge

Luach saothair €5,985 in aghaidh na bliana a bheidh ag dul dóibh siúd a cheapfar tríd an bpróiseas earcaíochta

Próiseas fógartha chun ionadaithe a cheapadh ar choiste a réiteoidh plean nua an Stáit do sheirbhísí Gaeilge

Tá tús curtha ag Aire Stáit na Gaeltachta leis an bpróiseas chun comhaltaí a earcú a dhéanfaidh ionadaíocht ar lucht na Gaeilge ar choiste nua de chuid an Rialtais.

Tá comhaltaí le ceapadh ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge atá le bunú faoin Acht Teanga nua chun plean a ullmhú i dtaobh soláthar seirbhísí i nGaeilge.

Tá sé i gceist beirt a earcú, duine a dhéanfaidh ionadaíocht ar an nGaeltacht agus duine eile a dhéanfaidh ionadaíocht ar phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá an próiseas ceapacháin fógartha ar stateboards.ie agus go dtí an 5 Aibreán ag iarrthóirí le cur isteach air.

Deirtear go bhfuil sé “bunriachtanach” go mbeadh na comhaltaí a cheapfar inniúil ar an nGaeilge labhartha agus go bhféadfadh go ndéanfaí tástáil ar líofacht na n-iarrthóirí.

Luach saothair €5,985 in aghaidh na bliana a bheidh ag dul dóibh siúd a cheaptar tríd an bpróiseas earcaíochta. 

Deirtear san fhógra go mbeadh sé “inmhianaithe” dóibh siúd atá ar cur isteach ar an bpróiseas taithí agus eolas a bheith acu ar an rialachas corparáideach, cáilíocht acadúil a bheith acu i mbainistíocht straitéiseach nó sa bpleanáil teanga agus taithí mar chomhalta boird a bheith acu.

Tiocfaidh an Coiste Comhairleach le chéile uair sa mhí ar an meán, an chéad sé mhí tar éis a bhunaithe. Tiocfaidh sé le chéile gach trí nó ceithre mhí ina dhiaidh sin, a deirtear.

Réiteoidh an coiste nua Plean Náisiúnta Earcaíochta chun príomhsprioc an bhille a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030. 

Leagtar amach san Acht Teanga go mbeidh idir seisear agus 11 comhalta ar an gcoiste agus gurb é an tAire a cheapfaidh gach duine acu. 

Ainmneoidh Roinn na Gaeltachta, an Roinn Caiteachais Phoiblí, agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comhaltaí. Ceapfaidh an tAire suas le seisear eile a bheidh ainmnithe mar ionadaithe ag comhlachtaí poiblí cuí. Is é an tAire freisin a roghnóidh Cathaoirleach an choiste agus is den riachtanas gur cainteoir Gaeilge an duine sin.

Tá an Coiste Comhairleach le bunú taobh istigh de shé mhí ón lá ar ritheadh an tAcht, rud a fhágann go mbunófar é roimh dheireadh mhí an Mheithimh. Beidh dhá bhliain ansin ag an gcoiste chun an plean náisiúnta earcaíochta a ullmhú.

Faoin bplean bheadh sé i gceist níos mó Gaeilgeoirí a fhostú trí chomórtais ar leith a reáchtáil, trí mhodhanna nua earcaíochta agus trí dheiseanna cianoibre a thairiscint d’fhostaithe.

Fág freagra ar 'Próiseas fógartha chun ionadaithe a cheapadh ar choiste a réiteoidh plean nua an Stáit do sheirbhísí Gaeilge'