Próiseas comhairliúcháin faoi Acht seolta i Stormont ach ‘go leor bearnaí le líonadh’ ann

Próiseas comhairliúchán maidir le hAcht Teanga do Thuaisceart Éireann tosaithe ach caithfear amharc “go cúramach”, i measc rudaí eile, ar na cumhachtaí ar leith a bheadh ag Coimisinéir na Gaeilge

Tá tús curtha leis an bpróiséas comhairliúcháin d’Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann ag an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín (SF). Sheol an tAire Cultúir an próiséas i Stormont inniu.

Seo é an tríú próiseas comhairliúcháin dá leithéid ó bhí 2006 ann.

Táthar ag iarraidh ar an bpobal a smaointe agus a moltaí ar naoi gcinn d’ábhair a chur in iúl don Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. Baineann na tograí seo le stádas oifigiúil na Gaeilge, úsáid na Gaeilge sna cúirteanna agus sa Tionól, Coimisinéir Gaeilge, dualgaisí na gcomhlachtaí poibl, limistéir Ghaeltachta, scéimeanna teanga, logainmneacha agus cúrsaí oideachas.

Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, go bhfuil ‘dea-thoil’ le feiceáil i dtograí an phróiseis chomhairliúcháin ach go bhfuil gá le níos mó ná dea-thoil.

“Tá bealach fada go fóill roimh an Aire sula reachtófar an tAcht, agus níl sé soiléir go fóill cad é mar is féidir leis an Aire na constaicí atá roimpi a chur ar shárú,” a dúirt sí.

Léirigh Muller a himní faoi ghnéithe áirithe den cháipéis a seoladh inniu – go háirithe an chuid sin di a bhaineann le cúrsaí oideachais agus ról an Choimisinéara Gaeilge. Dúirt sí go bhfuil sí buartha nach bhfuil ach mír fhíorbheag faoin oideachas inti agus go bhfuil neart bearnaí le líonadh sa cháipéis sula ndéanfaí Bille Teanga a dhréachtadh.

“Caithfear amharc go cúramach arís ar na cumhachtaí ar leith a bheadh ag Coimisinéir na Gaeilge. Mar a sheasann na moltaí faoi láthair, tá an chuma air go mbeadh ar an Choimisinéir dhá ról éagsúla a imirt ag aon am amháin – mar imreoir agus mar réiteoir.

“Caithfear a mhíniú chomh maith cad é mar is féidir seirbhísí a dhearbhú, agus cad iad na dreamanna a mbeidh orthu scéimeanna a ullmhú agus cad iad na dreamanna a bheadh luaite ar sceideal,” a dúirt Janet Muller.

Is í Mír 4, an mhír a bhaineann leis an gCoimisinéir Gaeilge, an mhír is faide sa cháipéis.

Moltar inti gurb é an Chéad Aire a cheapfadh Coimisinéir Gaeilge a bheadh in oifig ar feadh cúig bliana. Bheadh an coimsinéir neamhspleách ón Rialtas agus bheadh sé de chúram air an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn.

Leagfaí mionchúraimí air freisin, ina measc sin monatóireacht ar chur i bhfeidhm Acht Gaeilge, scéimeanna teanga a fhaomhadh agus a iniúchadh, comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí, imscrúduithe a chur i gcrích agus tuarascálacha ar an teanga agus feidhmiú an Achta a scríobh.

Moltar freisin go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisinéir ionchúisimh a thionscnamh sa chás go ndiúltófaí comhoibriú leis.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge go raibh sé sásta leis an gcáipéis ach go raibh sé beagainín in amhras faoi na scéimeanna teanga a mholtar i Mír 6 di.

Fuair an Bhreatain Bheag réidh lena scéimeanna teanga ar mholadh an Choimisinéara Breatnaise cúpla bliain ó shin agus mhol an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go ndéanfaí amhlaidh i bPoblacht na hÉireann.

Tá molta ag an Roinn Cultúir freisin go n-aithneofaí limistéir Ghaeltactha “idir Thuaithe agus Uirbheacha” i dTuaisceart Éireann agus go mbeadh reachtaíocht ann leis na limistéir Ghaeilge sin a chosaint agus a fhorbairt.

Faoi mhír na logainmneacha moltar go mbeadh aitheantas dlíthiúil ag logainmneacha Gaeilge agus go mbeadh comharthaí dátheangacha ann ar a mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla.

Tiocfaidh deireadh le tréimhse an chomhairliúcháin ar an 5 Bealtaine 2015.

 

Fág freagra ar 'Próiseas comhairliúcháin faoi Acht seolta i Stormont ach ‘go leor bearnaí le líonadh’ ann'