Caithfear dearmad a dhéanamh ar an ngreadadh agus an náiriú a fuair ár bhfoireann idirnáisiúnta i gcoinne na Breataine Bige i gCaerdydd an Satharn seo caite más féidir ar chor ar bith é. Níl am ag na clubanna a bheith ag caoineadh an lagiarracht a rinne a gcuid imreoirí sinsearacha agus iad sa ngeansaí glas mar go bhfuil Babhta 18 den Pro 14 sa mhullach orthu an deireadh seachtaine seo.
Is iad na Connachtaigh agus na Laighnigh a bheas ag cur chun páirce anocht i mBabhta 18 den Pro 14. Ar an mBóthar Beag a bheas fir na Gaillimhe ag imirt in aghaidh Treviso na hIodáile. Tá Treviso ag déanamh thar barr i gcomórtas na bliana seo. Is iad atá sa dara háit ar thábla Ghrúpa B, gaisce neamhchoitianta ag foireann as an Iodáil. Sa tríú háit i nGrúpa A atá na Connachtaigh agus gan ach ceithre chluiche fós le n-imirt acu sna réamhbhabhtaí. Beidh siad ar a míle dícheall ag iarraidh chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile. Seo é an chéad uair ag na foirne seo casadh ar a chéile i bPro 14 na bliana seo agus is deacair an toradh a thuar. Níl tada eatarthu ach oiread maidir le líon na n-úd atá aimsithe acu, 51 i gcás Threviso agus 50 i gcás na gConnachtach.
Tá mise ag tacú le bua do na Connachtaigh ar an mbonn gur sa mbaile ar an mBóthar Beag a imreofar an cluiche seo.
Ar Dhún Éideann a bheas Cúige Laighean ag triall agus iad ar bharr Ghrúpa B agus iad cinnte cheana féin dá n-áit sna cluichí ceathrú ceannais. Mar sin féin ní bheidh siad sásta tada a thabhairt uathu go bog. Tá Dún Éideann cúig áit taobh thiar de Chúige Laighean ach tá seans fós acu an tríú háit sa ngrúpa a bhaint amach, rud a bheas mar spreagadh iontach acu agus iad ag iarraidh chuile leas a bhaint as imirt sa mbaile. Ná bíodh iontas ort má bhaineann siad croitheadh sa na curaidh.
Ar an Satharn a bheas Cúige Mumhan agus Cúige Uladh ag cur chun páirce agus iad sa mbaile i gcoinne an dá fhoireann atá ar íochtar an dá thábla. Ní bheidh stró ar bith ar Chúige Mumhan bua le pointe bónais a fháil ar Zebre.
Seans gurb ionann an cás do Chúige Uladh a bheas ag cur fáilte go Béal Feirste roimh Kings na hAfraice Theas. Sea, bua éasca eile do na hUltaigh.
Fág freagra ar 'PRO 14: Oiread na fríde idir Treviso agus Cúige Chonnacht'