Prionsaí na bpocanna saora i mbun gaiscí gan staonadh

Nuair a bhíonn faobhar ar na sceana, bíonn Pat Horgan agus Pádraig Mahony réchúiseach, socair, fuaraigeanta

Donie Breathnach agus Cian Buckley. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhuel, tá an cluiche breise tuillte (más ar éigean é) ag Corcaigh agus Port Láirge i ndiaidh a mbuanna an deireadh seachtaine seo caite. Buadh an dá cluiche ag an deireadh ar fad tar éis coimhlintí a bhí lán de spiorad, díograis agus scóranna den scoth.  

Ach cad é mar thionchar a bhí ag laochra na bpocanna saora, Pat Horgan Corcaigh agus Pádraig Mahony Port Láirge. Chuir an Corcaíoch 17 gcúilín ar chlár na scór agus 13 a bhí ag an Déiseach.

Gan dabht choiméad Horgan an dé i gCorcaigh sa chéad leath agus iad go mór chun deiridh san imirt, agus, dar ndóigh, ar chlár na scór. 

D’fhéadfa an rud céanna a rá faoi Mahony i gcoinne Thiobraid Árann agus na Tiobradaigh go mór in uachtar sa chéad tréimhse imeartha. 

Tá fhios againn le blianta fada an tábhacht a bhaineann le fear maith a bheith agat chun na pocanna saora a thógáint inár gcluichí ársa.

Is furasta smaoineamh ar na laochra ó na glúinte a chuaigh romhainn. Chualathas trácht go mion minic ar na gaiscí scórála a rinne Christy Ring. Chonaic mé féin Jimmy Doyle Thiobraid Árann a bhí ina rí i mbun scórála. Bhí an t-ádh liom bheith ar an bpáirc chéanna leis na draoithe Eddie Keher agus Charlie McCarthy agus iad ar bharr an liosta scórálago rialta do Chill Chainnigh agus Corcaigh.

Dar ndóigh, tá áit tuillte ar liosta na máistrí chomh maith ag Eoin Kelly, Henry Shefflin, Joe Deane, D.J Carey, Jamsie O Connor agus Joe Canning agus cuid mhaith eile nach iad. Is cinnte go bhfuil mianach speisialta sna imreoirí seo go léir.

Nuair a bhíonn faobhar ar na sceana, bíonn orthu a bheith réchúiseach, socair, fuaraigeanta agus gan amhras, bíonn orthu a stíl féin a fhorbairt thar na blianta. Is minic i gcaitheamh an ama sin go ndearna na himreoirí eisceachtúla seo neamhní den bhrú agus den ‘spotsholas’ ag scaladh anuas orthu ag deireadh cluichí móra agus scór an bhua nó an chomhscóir ag brath orthu.

Cé a dhéanfadh dearmad ar John ‘Bubbles’ Dwyer anuraidh agus é ag prapáil chun an poc deireanach i gcraobh na hÉireann a thógáil, poc a d’fhéadfadh an bua a chinntiú do Thiobraid Árann i ndiaidh eipice cheart iomána, nó Joe Canning agus é ag tógaint poc deireanach chraobh 2012, é gar don taobhlíne agus an deis aige athimirt a ghnóthú dos na Gaillimhigh.  

Ní dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil aon stíl níos fearr ná ceann eile. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil an t-imreoir lán sásta lena chur chuige féin agus gur féidir leis beag is fiú a dhéanamh den bhrú. 

An Domhnach seo caite, chonaiceamar taispéantais pocanna saora den scoth ó dhá réalt iomána na linne – Horgan agus Mahony.

Tá beagnach an líon scóranna céanna faighte ag an dá laoch sna cluichí sraithe go dtí seo i mbliana; dhá bháide agus ceithre scór cúilín ag Horgan agus báide agus cúilín amháin sa bhreis ar na ceithre scór ag Mahony. Sin tuairim is dosaen cúilíní i ngach cluiche ag an mbeirt acu, agus níl siad críochnaithe fós.

An Domhnach seo chugainn, bí cinnte de go mbeidh tionchar ollmhór ag an mbeirt chéanna ar chúrsaí agus seans maith go mbuafaidh an fhoireann a ghéillfidh an méid is lú buillí saora sa zón scórála (laistigh de chéad méadar nó mar sin).

Beidh tuilleadh faoin ábhar suimiúil sin an tseachtain seo chugainn againn.

Fág freagra ar 'Prionsaí na bpocanna saora i mbun gaiscí gan staonadh'

  • padraig o donnchu

    Ach cad a tharlodh da mbeadh ceachtar den mbeirt sin aslathair no nach mbeidis os cionn a gcumais? Thitfeadh an lug ar an lag ar fad ag a gcomhimreoiri, ach amhain ma ta a chomh-mhaith d’imreoir acu chun na saorbhuilli a thogaint. Agus ni fios domhsa an bhfuil. Ceist: nuair a bhionn fod cruaidh tirim futhu tuige nach mbaineann na ‘laochra scorala’ seo earraiocht as preabadh an tsliotair agus poc saor a thogaint acu i mbeal an bhaire? eadhon, i a phreabadh den talamh?
    Nar dheacra go mor don mbaireoir i a stop?
    Nil aon amhras na go mbionn mianach ar leith de dhith ar imreoir na saorbhuilli sin, mar ata luaite agatsa a John. ‘Feinmhuinin’ an ceann is tabhachtai acu is docha ach an scil a bheith go paiteanta aige freisin, dar ndo’.