‘Prionsa shaol na Gaeilge’ – cuimhní ar Liam Mac Con Iomaire

Cuirfear i gcré na cille inniu an mórGhael Liam Mac Con Iomaire. Roinn roinnt bheag dá chairde iomadúla a gcuimhní air linn…

‘Prionsa shaol na Gaeilge’ – cuimhní ar Liam Mac Con Iomaire

‘Fear na féile agus na séimhe, a choinneodh ag gáire tú’

Máire Ní Annracháin, Ollamh Sinsearach le Nua-Ghaeilge UCD

Nóta pearsanta uaim. Ó mháthair Liam, Kate, a d’fhoghlaim mé Gaeilge i gConamara ó aois a dó dhéag. Faoin am sin bhí Liam imithe go Baile Átha Cliath, agus ba gheall le réalt Hollywood dúinn é,  óir bhíodh sé ag léamh na Nuachta ar an teilifís go rialta. Má bhí meas an domhain agam air an tráth úd, ba bheag é le hais an ardmheasa a bhí agam air ar ball, nuair a thuig mé an cumas teanga, na luachanna cultúir, na scileanna acadúla agus na buanna uaisle pearsanta a bhí aige. Ba phrionsa é i saol agus i dteanga na Gaeilge. Sheasfainn – sheasfá, sheasfaí – sa sneachta ag éisteacht leis. Chloisfeá gach focal as a bhéal ag dearbhú go raibh sé d’acmhainn ag Gaeilge na Gaeltachta deighleáil le saol na linne agus fanacht dílis di féin i gcaitheamh an ama. Chuirfeadh sé cluain ort agus é ag trácht ar na hamhráin. Mhéadaigh sé stór na hÉireann lena chuid leabhar agus le hábhar a bhailigh sé, cnuasach luachmhar Theanglann UCD ina measc. Fear na féile agus na séimhe, a choinneodh ag gáire tú agus nár lig duit riamh dearmad a dhéanamh ar lúcháir agus áilleacht na Gaeilge. Ceol na bhFlaitheas dó, agus suaimhneas síoraí.

‘Bhí Liam in ann ócáid thaitneamhach a dhéanamh as gach seal comhluadair’

Tadhg Mac Dhonnagáin, údar agus foilsitheoir

Chuir mé aithne ar Liam i mBaile Átha Cliath thart ar dheireadh na 1980idí. Thug mé suntas ó thús don bhealach tuisceanach, lách a bhí aige le labhairt le gach éinne agus an bua a bhí aige daoine a thabhairt leis. Thart ar bhord in óstán Oireachtais go deireanach san oíche, nó sa gceaintín in RTÉ, maidin bháistí, bhí Liam in ann ócáid thaitneamhach a dhéanamh as gach seal comhluadair. Cuimhníonn deirfiúr mo chéile, Áine, ar an ngáire a bhainfeadh sé aisti agus é mar theagascóir aici i UCD. Chonaic mé féin é ag mealladh cainte as mo chuid gasúr féin agus iad an-óg, é ag dul i bhfeidhm orthu leis an spéis a chuir sé iontu mar dhaoine.

Agus mé ag tosú amach i saol na foilsitheoireachta, d’iarr mé cúnamh air le profaí a léamh, rud a rinne sé go fial is go minic, an chomhairle agus an t-eolas fairsing á sní go healaíonta aige leis an ngreann agus an diabhlaíocht.

Mar fhonnadóir, cuimhním i gcónaí ar Liam agus é ag tabhairt uaidh ceann de na hamhráin ab ansa leis, ‘Brídín Bhéasaí’. Chuireadh sé a chroí iomlán i scéal an amhráin, é ag ríomh aistear an fhile ar fud Chonnacht. Bhí an cur chuige mórchroíoch céanna ag Liam agus é ar a aistear laethúil tríd an saol.

‘Oireann focal amháin thar aon cheann eile – sárdhuine’ 

Cathal Mac Coille, iriseoir agus craoltóir

Ní oireann an aidiacht ‘ildánach’ do mhórán, ach is as ardchaighdeán a shaothair go léir a thuill Liam Mac Con Iomaire cur síos dá leithéid – mar mhúinteoir, mar shaineolaí teanga, mar iriseoir, mar scoláire, mar bheathaisnéisí, mar aistritheoir agus mar chraoltóir.

Chuir mé aithne air sna 1970idí nuair a bhí an bheirt againn ag obair ar dheasc na Gaeilge i seomra nuachta RTÉ. Ba léir a dhea-thréithe speisialta ón gcéad lá a ndeachaigh mé i mbun oibre ina theannta

Cineáltacht, thar aon rud eile. Bhí cabhair agus comhairle den uile chineál de dhíth orm agus mé ag tabhart faoin obair chúramach a theastaíonn chun cur síos a dhéanamh trí Ghaeilge ar bhunábhar i  mBéarla. Is a bhuí le Liam agus lena chomrádaithe eile ón nGaeltacht, go háirithe, a d’fhoghlaim mé an chuid is tábhachtaí den cheird: conas tuairiscí intuigthe i nGaeilge a scríobh go cruinn, go beacht agus go snasta, agus conas iad a chraoladh go soiléir.

Is le himeacht aimsire a fuair mé léargas ar an stór focal agus ar an tuiscint as cuimse a bhí aige ar Ghaeilge Chonamara go háirithe –rud a bhí follasach ina dhiaidh sin do lucht éisteachta an chláir Leagan Cainte a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a raibh Liam mar chathaoirleach lách eolach air.

Bhí Liam mórtasach i gcónaí as a cheantar dúchais i gConamara agus a chultúr, ach bhí meas, nár cheil sé, aige freisin, ar mhuintir na príomhchathrach. Is é is túisce a ghríosaigh iriseoir óg as Baile Átha Cliath (nach ndearna staidéar ar bith ar an nGaeilge tar éis scrúdú na hArdteistiméireachta) chun saothar Mháirtín Uí Chadhain, a raibh ardmheas aige air, a léamh. 

Fearacht go leor daoine eile  a raibh sé d’ádh orthu casadh le Liam Mac Con Iomaire, cuimhneoidh mé go héag ar a chineáltacht, agus ar an spraoi agus an sásamh a bhain mé i gcónaí as a bheith ag caint leis ar chúis ar bith. Oireann focal amháin thar aon cheann eile sílim mar chur síos air. Sárdhuine. 

Comhbhrón le Bairbre, lena chlann, lena mhuintir agus lena chairde. Ní beag a líon.

‘Luafar a ainm go ceann i bhfad i measc fhonnadóirí agus lucht leanta an tsean-nóis’

Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge

Tá aithne agam le fada an lá ar Liam Mac Con Iomaire, sna 1980idí nuair a bhí mé ar Choiste an Oireachtais d’fheicfinn Liam ag mórócáidí lucht na Gaeilge agus chuireas beagán aithne air.

Bhí cáil air ag go leor teacht le chéile mar Fhear an Tí neamhoifigiúil, ach gurb é a chuirfeadh tús le seisiúin amhránaíochta, ach go háirithe. Is iomaí duine a chuir sé ag gabháil fhoinn nárbh nós leo a leithéid a dhéanamh. Fear uasal, fear lách, cairdiúil,  agus mar a dúirt duine amháin ar maidin, é lán de rógaireacht.

Bhí sé de phribhléid agam gur thoiligh sé a bheith ina Uachtarán ar an Oireachtas (2009) agus go bhfuair mé an deis a bheith ag obair leis ar feadh bliana agus cé nach raibh sé ar fónamh tráth na Féile féin, thug sé an t-uafás cabhrach, cúnaimh agus misnigh dúinn i gcaitheamh an ama. Luafar ainm Liam Mhic Con Iomaire go ceann i bhfad i measc fhonnadóirí agus lucht leanta an tsean-nóis.

Déanaim chomhbhrón le Bairbre agus le Muintir Mhic Con Iomaire uilig, teaghlach a thug agus atá fós ag tabhairt go leor do shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta.


‘Ba mhaise é Liam ar ár saol’

Póilín Ní Chiaráin, iriseoir agus craoltóir

Fear as an gcoitiantacht ab ea Liam Mac Con Iomaire. Scoláire nárbh aon ualach air a léann, fear oilte a bhí ar a chompord le huasal nó íseal. Bhí suim aige i ndaoine, ina scéalta, ina dtaithí saoil; ní de thaisme a chonacthas go minic é i mbun comhrá le strainséirí – i mBaile Átha Cliath, i gConamara, i gCaisleán an Bharraigh, i Sráid na Cathrach nó in iliomad áiteanna eile. Mar atá ráite go mion minic ó d’imigh sé róluath ar an Domhnach, b’iontach an comhluadar é, amhránaí den scoth  agus fear scéil a thug éisteacht do dhaoine eile.

Craoltóir breá ab ea Liam, é cruinn údarásach agus téagar ina ghlór. Bhí sé ar dhuine díobh siúd i Nuacht RTÉ a mhúnlaigh an Ghaeilge mar theanga oiriúnach don chraoltóireacht nua-aoiseach.

Bhí a chuid oibre ar  ardchaighdeán i gcónaí ach cuimhním freisin ar an spraoi. Chuir mise aithne ar Liam  i dtosach nuair a ghlac mé páirt (shóisearach) i sraith cláracha beaga  raidió leis féin agus a chara Breandán Ó hEithir.  Ní dhéanfaidh mé dearmad  go deo ar an ngáire a rinneamar. Go dtí an uair dheiridh a casadh orm é, ar shochraid eile, faraor, dhéanfadh sinn aithris dá chéile ar línte ón gclár sin. Ár mbrí féin bainte againn as caint shoineanta. Sách ráite.

Ba mhaise é Liam ar ár saol.

Painéal Leagan Cainte (ó chlé): Seosamh Ó Cuaig, Liam Mac Con Iomaire, Eibhlín Ní Mhurchú agus an tOllamh Dónal Ó Baoill. Ina sheasamh: Seosamh Ó Braonáin, léiritheoir an chláir

‘Fear Gaeltachta a bhí ann istigh agus amuigh’

Seosamh Ó Cuaig, iriseoir agus craoltóir

Le linn dom a bheith ar phainéal Leagan Cainte ar Raidió na Gaeltachta is mó a chuir mé aithne ar Liam. Ba eisean an cathaoirleach agus go deimhin ba mhaith an cathaoirleach é.  Bhíodh an réamhobair déanta i gcónaí aige agus tharraingíodh sé an t-eolas asainne go múinte tuisceanach. Bhí féith an ghrinn ann.  Níor theastaigh uaidh aon uair gur clár trom tur acadúil a bheadh againn.

Ní shin le rá nach raibh meas aige ar an acadúlacht. Chruthaigh sé sin leis an obair a rinne sé i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Craoltóir den scoth a bhí ann.  Cuimhním fós ar an nglór glé soiléir sin agus é ag léamh na nuachta.  Bhí sé flaithiúil lena chuid scileanna craoltóireachta freisin.

Choinnigh muid anseo sa teach an litir álainn a scríobh sé chuig ár n-iníon Máire Áine nuair a thosaigh sí ag obair i TG4: comhairle chaoin charthanach á spreagadh;  litir a raibh peannaireacht chumasach inti.  Fear a bhí ann a bhíodh cruógach i gcónaí mar is léir ón saothar scríbhneoireachta a d’fhág sé ina dhiaidh.  Fear Gaeltachta a bhí ann istigh agus amuigh ach ba Ghaeltacht aigesean coirnéal ar bith den tír a raibh fiú macalla de shaíocht na nGael fanta beo ann. 

Thar rud ar bith eile,  duine lách suáilceach laethúil a bhí ann agus comhluadar geanúil,  go háirid in áit a mbeadh amhráin ar an sean-nós á gcasadh.


‘Bhí slacht thar na bearta ar a chuid oibre’

Micheál Ó Conghaile, scríbhneoir agus foilsitheoir

Comhluadar den scoth a bhí ann agus cibé áit ina raibh sé mhéadaigh agus d’fheabhsaigh an comhluadar sin. Bhí an tarraingt sin aige, an bua sin, an spleodar. Is b’fhearr leis seisiún maith sean-nóis agus seanchais ná ócáid ar bith ar domhan, creidim. Ach ní spraoi agus caitheamh aimsire amháin a bhí i gceist ach caomhnú agus seachadadh an traidisiúin, chomh maith lena cheiliúradh.

Mar scríbhneoir agus aistritheoir bhí slacht thar na bearta ar a chuid oibre. Chaith sé dúthracht agus dícheall lena cheird agus bhí dáiríreacht ag baint leis an ngairm seo a d’éiligh an caighdeán is airde is cruinne agus is buaine. Gura fada buan obair chaoin a láimhe.


‘Cailliúint mhór é do Ghaeltacht na Mí agus don náisiún Gaelach’

Pádraic Mac Donncha, Ráth Chairn

Ba chara mór é Liam Mac Con Iomaire le Ráth Chairn. Fear uasal, séimh, macánta a bhí ann agus is cailliúint mhór é a bhás do Ghaeltacht na Mí, do Ghaeltachtaí na tíre go léir agus don náisiún Gaelach trí chéile.

Thosaigh Liam ag teacht go Ráth Chairn san 1970idí agus is iomaí cuairt a thug sé orainn i gcaitheamh an ama ó shin. Bhí meas ar leith ag muintir na háite ar Liam agus bhí sé féin dílis don Ghaeltacht bheag seo.

Thaitin sé le muintir na háite nuair a thiocfadh Liam go Ráth Chairn le haghaidh ócáidí éagsúla cosúil le hÉigse Dharach Uí Chatháin agus Féile na Mí, mar bhí a fhios acu go mbeadh an-oíche go deo ann i ngeall ar Liam a bheith i láthair. Ba an-fhear é chun véarsa a chasadh, agus ba iontach ar fad é chun daoine eile a chur ag gabháil fhoinn. Bhí cion ar leith aige ar an gcéad dream a tháinig aniar, thuig sé an saibhreas a thugadar leo go contae na Mí agus thaispeáin sé dóibh an t-ómós a bhí ag dul dóibh. Bhí cion agus grá mór acu do Liam dá bharr.

Anuas air sin, bhí an-mheas go deo ag muintir na háite seo ar Liam mar dhuine neamhspleách a raibh intinn neamhspleách aige. Thaitin an tréith sin go mór le muintir Ráth Chairn, mar gheall, is dóigh, go bhfaca siad an tréith chéanna iontu féin. Rinne sé obair den scoth ag cur saibhreas na Gaeltachta os comhair na tíre agus aireoidh an náisiún seo uaidh go mór é. Déanann muid comhbhrón lena bhean chéile Bairbre agus lena chlann. Solas na bhflaitheas dá anam uasal.


Liam Mac Con Iomaire – duine de mhórGhaeil na hÉireann agus fear uasal ar shlí na fírinne

Fág freagra ar '‘Prionsa shaol na Gaeilge’ – cuimhní ar Liam Mac Con Iomaire'

  • Seán Mag Leannáin

    “Craoltóir breá ab ea Liam, é cruinn údarásach agus téagar ina ghlór. Bhí sé ar dhuine díobh siúd i Nuacht RTÉ a mhúnlaigh an Ghaeilge mar theanga oiriúnach don chraoltóireacht nua-aoiseach.” Duine é Liam den triúr mór le rá a mhúnlaigh an Ghaeilge do na mór-mheáin nua cumarsáide – eisean, Breandán Ó hEither agus Proinsias Mac Aonghusa. Tá muidne, foghlaimeoirí sa ghalltacht, go mór faoi chomaoin acu triúr.

  • Gearóid de Grás

    Aontaím leat, a Sheáin.
    Ní raibh aithne rómhaith agam air ach níor bhraith mé uaidh riamh ach fáilte. Fear lách, fear uasal – gan trácht ar na buanna ar fad a bhí aige. Ar dheis Dé go raibh a anam.

  • Séamus Mac Taidhg

    Bhí Liam agus mise le céile i gColáiste Éinde i nGaillimh ar feadh ceithre bliana ó 1951-1955. Aisteoir ar doigh a ba é agus bhí an bheirt againn páirteach i ndrama beag, “Na Póitseoirí” sa Gaiety ag Féile Dramaíochta na Scol i 1955. I rith na blianta ina dhiaidh sin bhí ath- aontú iar -scolairí againn. An Liam céanna a ba é. Níor athraigh a phearsantacht tada le linn an ama seo. Ceannaire de’n scoth a ba é agus ba ionann an meas a bhí aige orainne agus a bhí againn air.