Príomhdhuais Chomórtas Ghlór na nGael buaite ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Mar chuid d’ócáid speisialta rinne Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, comhghairdeas leis na buaiteoirí agus dúirt sé go raibh muintir na hÉireann ag dul in ‘aibíocht’ agus an ‘sean-fhrithghaelachas ag cúlú’

Príomhdhuais Chomórtas Ghlór na nGael buaite ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Tá príomhdhuais Chomórtas Ghlór na nGael 2019 buaite ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Fógraíodh an toradh mar chuid d’ócáid speisialta a reáchtáladh ar líne tráthnóna.

Thug lucht na Cultúrlainne, atá lonnaithe ar Bhóthar na bhFál, leo an phríomhdhuais €20,000 agus Trófaí Ghlór na nGael.

D’fhógair Cathaoireach Ghlór na nGael, Pat Carey, príomhbhuaiteoirí an chomórtais ar chlár speisialta a craoladh inniu ar Facebook Beo i gcuideachta Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn.

Agus é ag labhairt mar chuid den ócáid, rinne an tUachtarán comhghairdeachas le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, agus dúirt sé go raibh sé “mar lárionad don phobal agus mar eiseamláir don tír ar fad ar conas ár gcultúr agus ár dteanga a neartú”.

Duaischiste de luach €80,000 san iomlán a bhronntar ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail agus cumainn tríú leibhéal, mar aitheantas do ghrúpaí a bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn acu.

Mhol Uachtarán na hÉireann an “díograis” agus an obair atá ar bun ag grúpaí teanga ar fud na tíre.

“Mar Uachtarán na hÉireann bím i dteagmháil leis na mílte daoine fud fad na tíre agus feicim chuile lá toradh bhur n-iarrachtaí ar son na teanga.

“Tá an Ghaeilge beo i ngach réimse de shaol na tíre seo agus cé go bhfuil neart oibre fós le déanamh againn aithním go bhfuil aibíocht tagtha le blianta beaga anuas i measc an daonra i gcoitinne agus an sean-fhrithghaelachas ag cúlú.”

Ar na dreamanna eile a bhuaigh duaiseanna bhí Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, contae Dhún na nGall, Coiste Forbartha Charn Tóchair, contae Dhoire agus Cairde Teo, Ard Mhacha.

Is é An Cumann Gaelach, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bhain an príomhdhuais €3,000 i gcomórtas na gCumann Gaelach sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal, duais a bhí urraithe an An Roinn Oideachais agus Scileanna.

Fág freagra ar 'Príomhdhuais Chomórtas Ghlór na nGael buaite ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich'