Príomhbhóithre Chonamara ag dul chun donais agus ag éirí níos contúirtí in aghaidh an lae

Deich mbliana fichead ón bunaíodh an feachtas Cumhacht chun bóithre níos fearr á éileamh, an bhfuil a leithéid ag teastáil arís i gConamara?

potholes

Deich mbliana fichead go díreach go ham seo a bhí an ghluaiseacht ‘Cumhacht’ faoi lán tseoil i gConamara. Bhí Peadar Ó Tuathail, as Leitir Móir, tofa mar ionadaí de chuid na gluaiseachta ar Chomhairle Contae na Gaillimhe i samhradh na bliana 1985. Bhí an ghluaiseacht sin bunaithe ar bhóithre – an drochbhail a bhí ar bhóithre Chonamara. Bhí ‘Cumhacht’ ag iarraidh go mbeadh bóithre ag muintir Chonamara ar comhchéim le pobail eile ar fud na tíre.  Troideadh feachtas láidir ar a shon sin sna hochtóidí  agus bhí agóidí as éadan ar bun ag muintir Chonamara istigh sa gComhairle Contae. Deich mbliana fichead ‘síos an bóthar’ anois agus tá ceist na mbóithre i gConamara ina dtranglam agus ina bpraiseach. 

Go deimhin, is measa an cás atá amach roimh mhuintir Chonamara anois – ó thaobh na mbóithre de – ná mar a bhí sna hochtóídí. Ar a laghad ar bith, d’fhéadfaí leigheas a fháil ar fhadbh na mbóithre an uair sin; d’fhéadfaí na sclaigeanna a líonadh agus dá mbeadh an t-airgead agus an toil ann, d’fhéadfaí bóithre nua a dhéanamh.

Ba dheacair a shamlú nuair a bhí ‘Cumhacht’ i mbarr a réime agus comhairleoir dá gcuid curtha isteach ar an gComhairle Contae go dtiocfadh an lá nuair a bheadh ar an gComhairle Contae na milliúin euro a bhí ceaptha do bhóithre Chonamara a sheoladh ar ais go Baile Átha Cliath – gan caitheamh.   

Tá sin ag tarlú i mbliana. Fiú agus go bhfuil cead iomlán forbartha tugtha le haghaidh na hoibre ag an mBord Pleanála, ní féidir €4 milliún a chaitheamh ar an stráice bóthair idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite, sin cuid den N. 59 as Gaillimh chun an Chlocháin.

Cuireadh aguisín sa gcead pleanála go mbeadh ar Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a bheith sásta le plean oibre Chomhairle Contae na Gaillimhe, agus na sonraí uilig a bhainfeadh leis, sula bhféadfaí an obair a thosaí. Ní féidir a theacht ar an socrú sin bliain go leith tar éis don Bhord Pleanála cead forbartha a thabhairt. Cuirtear an cheist: cén uair a thiocfar ar an socrú seo idir an Chomhairle Contae – atá ag iarraidh a dhul ar aghaidh leis an obair – agus Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra?    

Níl aon fhreagra ar an gceist sin agus tá an cás faighte níos casta anois ó thosaigh Coimisiún na hEorpa cás píolótach faoi stádas an diúilicín phéarlaigh. Tá ceann de bhunáiteanna an diúlicín san Abhainn Ruibhe in Uachtar Ard agus tá forbairt an N. 59 luaite mar cheann de na forbairtí/oibreacha a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dó.

Cuireadh tús leis an ‘gcás píolótach’ am éigin tar éis chinneadh an Bhoird Pleanála i bhfábhar na forbartha ar an mbóthar idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite. Tuigtear gur de bharr teagmhála de chuid ‘áisíneacht in Éirinn’ nach bhfuil bainteach leis an Rialtas (N.G.O.) a thosaigh an Coimisiún Eorpach an próiseas is deireanaí seo.

Cuireann sé cor eile sa gceist seo – cén uair is féidir a dhul ar aghaidh leis an bplean forbartha ar an mbóthar idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite?   

Tá ceist na mbóithre chomh casta céanna sa taobh ó dheas de Chonamara.  Níl bainistíocht Chomhairle Contae na Gaillimhe ag iarraidh aon bhlas eile a dhéanamh anois faoi fhorbairt an bhóthair nua as Scríb go Bearna nó go mbeidh réiteach ar chás an Chuarbhóthair ar imeall thiar chathair na Gaillimhe.

Ach tá na cúrsaí a leag na saineolaithe innealtóireachta amach mar roghanna don bhóthar ó dheas fágtha ar an mapa, rud atá ag cur as go mór do dhaoine atá ag cuimhniú ar a dhul sa tóir ar chead pleanála sa taobh sin tíre. Sin ábhar an-tromchúiseach agus ní cosúil go bhfuil údaráis na mbóithre sásta tada a dhéanamh faoi sin nó go réiteofar ceist an Chuarbhóthair. Cuirfear an cheist – cén uair a bheas réiteach ar cheist an chuarbhóthair i nGaillimh? Mar a deirtear i dTír Chonaill go minic – ag Dia atá a fhios.

Ansin, ach a mbeidh freagra ar an gceist sin, céard atá le déanamh i dtaobh an bhóthair ó dheas (an R.336 sa téarmaíocht oifigiúil)? Tá mórán chuile dhuine i gConamara den bharúil gur cheart go mbeadh sé ó thuaidh den Spidéal agus do Chois Fharraige ach deir na saineolaithe nach féidir é sin a dhéanamh de bharr aitheantas láidir timpeallachta a bheith ag an sliabh – SAC agus NHA.

San am céanna, glactar leis go foirleathan go bhfuil contúirt ar leith ag baint leis an mbóthar atá ann de bharr a bhfuil de bhóithre baile agus de bhóithre áitiúla ag ceangal leis – sin gan trácht ar an méadú atá ar an trácht ó tógadh an bóthar seo i dtosach.

Tús agus deireadh an scéil: na príomhbhóithre isteach agus amach as Conamara ag dul chun donais in aghaidh an lae agus ag éirí níos contúirtí,agus caolsheans gur féidir aon bhlas den rath a dhéanamh leo.   

An bhfuil ‘Cumhacht’ ag teastáil aríst?

Fág freagra ar 'Príomhbhóithre Chonamara ag dul chun donais agus ag éirí níos contúirtí in aghaidh an lae'