Preab-Chaifé Gaelach Chorcaí ag dúnadh ach ceann buan á bheartú!

Agus an Preab-Chaifé Gaelach POTA i gCathair Chorcaí ag druidim an deireadh seachtaine seo, tá ráite ag bunaitheoir an fhiontair Diarmuid Ó Mathúna go bhfuil sé i mbun machnaimh ar Chaifé Gaelach a oscailt sa chathair ar bhonn fadtéarmach.

Preab-Chaifé Gaelach Chorcaí ag dúnadh ach ceann buan á bheartú!

Agus an Preab-Chaifé Gaelach POTA i gCathair Chorcaí ag druidim an deireadh seachtaine seo, tá ráite ag bunaitheoir an fhiontair Diarmuid Ó Mathúna go bhfuil sé i mbun machnaimh ar Chaifé Gaelach a oscailt sa chathair ar bhonn fadtéarmach.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Mathúna, arb as Cnocán na Biolraí i dtuaisceart an chontae é, gur chaith sé “tréimhse iontach” sa Phreab-Chaifé, a  bhí in ionad Gael-Taca ar Phort Uí Shúilleabháin le mí anuas.

“Ar thosú amach dúinn luamar go rabhamar ag iarraidh dhá rud a thástáil. An tóir a bheadh ar Chaifé Gaelach sa chathair agus an tóir a bheadh ar an saghas biachláir a theastaigh uaim féin a chur ar fáil. Chonaiceamar go raibh tóir ar an dá rud,” arsa Ó Mathúna.

Dúirt Ó Mathúna, a chaith tréimhsí ag obair sna meáin agus leis an chomhlacht oideachais Gaelchultúr i mBaile Átha Cliath sular chuir sé tús leis an Phreab-Chaifé Gaelach, gur aithin sé go mbeadh dúshláin áirithe i gceist le caifé a oscailt sa samhradh agus go leor daoine ar saoire. Deir sé, áfach, gur léirigh muintir na cathrach go raibh éileamh ann dá leithéid. 

“Ní fhéadfadh duine ar bith a bheith ag súil lena leithéid de thréimhse aimsire is a bhí againn le mí anuas ach mar sin féin tháinig go leor isteach chugainn idir Ghaeil agus daoine ar bheagán Gaeilge,” ar sé.

Dúirt sé gur léiríodh “an-spéis” sa bhiachlár, ina raibh béim mhór ar chomhábhair úra áitiúla, agus gur éirigh leo “go leor” bia éagsúil a chur ar fáil a bhí in oiriúint don aimsir.

Agus an mhí beagnach caite, dúirt Ó Mathúna gur bhreá leis teacht ar ais agus tabhairt faoin chaifé a reáchtáil arís i nGael-Taca, ar “spás iontach” é do chaifé Gaeilge, dar leis. 

Dúirt sé go mbeadh air “go leor anailíse” a dhéanamh ar an fhiontar mar ghnó sula nglacfadh sé cinneadh ar bith.

“Léirigh muintir na cathrach an-spéis sa chaifé agus níl aon amhras orm ach go bhfásfadh sé dá mbeadh sé ann níos faide. Táimid an-bhuíoch díobhsan a thacaigh linn,” a dúirt sé.

Thug Ó Mathúna le fios go mbeidh sé ag dul ag taisteal ar fud na cruinne agus go ndéanfaidh sé machnamh ar a bhfuil i ndán de POTA agus é ar shiúl.

Anocht, beidh an grúpa IMLÉ ag seinm sa Phreab-Chaifé le ceiliúradh a dhéanamh ar an tréimhse a chaith POTA i nGael-Taca.

Tá an ghig saor in aisce agus tá fáilte roimh chách.

Fág freagra ar 'Preab-Chaifé Gaelach Chorcaí ag dúnadh ach ceann buan á bheartú!'

  • Carraig

    Bí linn arís ldt…. bia linn arís ldt…