Praiseach i bpeil na mban, cruinneas Mhaigh Eo, gaiscí Galligan agus teacht McDaid

Caitheann Tuairisc.ie siúl siar ar chluiche leathcheannais na hÉireann i bpeil na mban agus peil na bhfear

Praiseach i bpeil na mban, cruinneas Mhaigh Eo, gaiscí Galligan agus teacht McDaid

Shauna Molloy agus Megan Glynn. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Praiseach déanta ag Peil na mBan

Rinneadh scéal mór anuraidh faoi chluichí leathcheannais na hÉireann i gcraobh na mban a bheith á n-imirt i bPáirc an Chrócaigh. Ní raibh aon dea-scéala ann do Chumann Pheil na mBan an deireadh seachtaine seo áfach agus praiseach déanta de chluiche leathcheannais eile a imríodh ar Bhóthar Mhic Sheoin.

Droch-chinneadh i ndiaidh droch-chinnidh a rinneadh maidir leis an gcluiche seo idir Corcaigh agus Gaillimh.

Botún a bhí ann an chéad lá riamh an cluiche sin a shocrú do Pháirc na nGael i Luimneach cé go raibh a fhios ag Cumann Pheil na mBan go raibh an baol ann nach mbeadh an pháirc a fháil. Botún eile a bhí ann an cluiche a chur ansin go dtí Páirc Parnell i mBaile Átha Cliath seachas go dtí páirc ar bith eile lár tíre nó i gCúige Mumhan.

Nuair a rinneadh cinneadh an cluiche a imirt i bPáirc an Chrócaigh, níor iarradh ar Chumann Lúthchleas Gael an bhféadfaí cluiche na bhfear a chur siar 30 nóiméad. An toradh a bhí ar an anonn is anall gan chéill nach raibh mórán ama ag na foirne le fáil réidh.

Ar cheann de na laethanta is fuaire fós i mbliana, níor tugadh ach seacht nóiméad d’fhoireann na Gaillimhe le téamh suas don chluiche is tábhachtaí a bhí acu i mbliana.
Mar bharr ar chuile dhonas, rinne Uachtarán Pheil na mBan, Marie Hickey, iarracht cuid den mhilleán a chur ar fhoireann na Gaillimhe agus í ag labhairt ar Morning Ireland. Dúirt Hickey gur chaith na Gaillimhigh rófhada sa seomra feistis.

Níor shroich Gaillimh Páirc an Chrócaigh go dtí 12.30i.n. agus níl ciall ná réasún leis a bheith ag súil go mbeadh aon fhoireann réidh le cluiche a imirt taobh istigh de 30 nóiméad tar éis dóibh aistear 3 uair an chloig a dhéanamh chun an pháirc a bhaint amach, gan trácht ar na hullmhúcháin eile a bhíonn le déanamh ó thaobh suathaireachta agus eile roimh chluiche.

Dúirt Hickey go dtugann Peil na mBan tús áite do leas na n-imreoirí ach níor léiríodh mórán trua do chás na nGaillimheach Dé Domhnaigh.

Cillian O’Connor. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/ Tuairisc.ie

A gcruinneas léirithe ag tosaithe Mhaigh Eo arís

Ní foláir gach deis a thapú chun Áth Cliath a bhualadh ach údar misnigh do Mhaigh Eo go bhfuil an mianach iontu é sin a dhéanamh.Thug Maigh Eo taispeántas dochreidte uathu sa chéad leath in aghaidh Thiobraid Árann Dé Domhnaigh, go háirithe tosaithe na foirne.

Sa chéad leath sin, thug imreoirí Mhaigh Eo faoi 20 iarracht ar na postaí agus scóráil siad 4-12 le sé cinn déag acu sin.

Bhí siad beagáinín níos scaoilte i dtreo dheireadh an chluiche ach fós féin ní raibh ach beagán le deich nóiméad fágtha san imirt nuair a chuir siad iarracht ar fóraoil den chéad uair.

Le roinnt blianta anuas, bhí Maigh Eo ciontach as deiseanna a chur amú i gcluichí móra, go háirithe le hiarrachtaí a thit isteach i lámha an chúil báire ach ghlac a dtosaithe an cinneadh ceart arís agus arís eile in aghaidh Thiobraid Árann.

Ní hé seo an chéad uair gur tharla sé sin i mbliana ach an oiread. Nuair a bhuail siad greadadh ar Ghaillimh sa tsraith, scóráil Maigh Eo 2-17 ó 21 iarracht sa chéad leath, ráta scórála atá dochreidte. Chun é sin a chur i gcomparáid leis an gcluiche craoibhe idir na foirne céanna, níor scóráil Maigh Eo ach ocht bpointe ó 17 iarracht sa chéad leath i gcluiche ceannais Chonnacht.

Dá léireodh Maigh Eo an cruinneas céanna ar feadh 70 nóiméad in aghaidh Átha Cliath, bheadh seans acu.

Raymond Galligan agus Con O’Callaghan. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Idir Galligan agus Cluxton atá an gradam All Star

Cé go raibh 15 pointe idir na foirne, d’éirigh maith go leor leis an gCabhán i gcluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Átha Cliath agus cúl báire na foirne, Raymond Galligan i measc na n-imreoirí a chruthaigh go maith.

Ní raibh ach cúpla nóiméad imeartha nuair a bhuail Galligan a chéad chic amach thar an líne ar thaobh Ardáin Uí Ógáin ach níor lig sé dó sin cur isteach air agus bhuaigh an Cabhán na chéad seacht gcic amach eile a bhí acu.

Den 16 cic amach a bhuail Galligan sa chéad leath, bhuaigh an Cabhán seilbh na liathróide ó 12 acu agus ciceanna amach fada a bhí i gceist lena bhformhór.

Bhí Galligan ar fheabhas i gcaitheamh na craoibhe don Cabhán. Is é a scóráil an cúilín cinniúnach siúd agus an t-am caite sa chéad bhabhta chun Muineachán a shárú agus bhí a chuid ciceanna amach fíorthábhachtach nuair a bhuaigh a chontae cluiche ceannais Uladh chomh maith.

Meastar anois go bhfuil deis iontach ag Galligan gradam All Star a bhuachan ag deireadh an tséasúir. Níl aon amhras ach gur cheart go mbeadh sé san áireamh ach beidh lucht tacaíochta Átha Cliath ag clamhsán má dhéantar neamhaird ar Stephen Cluxton, mar a rinneadh cheana.

Is fíor gur bhuaigh Cluxton gradam All Star agus roghnaíodh é mar Imreoir na Bliana anuraidh ach, mar sin féin, b’in an t-aon ghradam All Star a bhuaigh sé ó thús na gcúig chraobh as a chéile atá buaite ag Áth Cliath. Rinne na cúil bháire eile gaiscí sna blianta ar thug siad leo na gradaim gan dabht ach tá sé aisteach go bhfuil an líon céanna gradam All Star buaite ag Brendan Kealy ó Chiarraí agus atá buaite ag Cluxton le cúig bliana anuas.

Léirigh Cluxton cé chomh tábhachtach agus atá seisean d’fhoireann Átha Cliath arís an deireadh seachtaine seo. Bhí 12 cic amach ag Cluxton sa chéad leath. Bhí briseadh san imirt roimh phéire acu, rud a d’fhág go raibh ar Cluxton fanacht leis an gcic amach a thógáil, ach ar na 10 gcic eile, 10 soicind ar an meán a thóg sé ar Cluxton tús a chur leis an imirt arís, beagnach leath an méid ama a thóg Galligan.

Sin an phríomhchúis go bhfuil sé chomh deacair ciceanna amach Cluxton a chur faoi bhrú. Ní bhíonn am ag foireann iad féin a shocrú.

Cúl scóráilte ag Robbie McDaid. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Níor éirigh leis na ráflaí McDaid a chur dá bhuille

Bhí ráflaí ann an tseachtain seo caite go raibh Jack McCaffrey ar ais ag traenáil le foireann Átha Cliath agus go mbeadh sé san iomaíocht chun áit a bhaint amach ar an bhfoireann.

Fiú mura mbeadh sí fíor, d’fhéadfadh caint dá leithéid cur as d’imreoir atá ag iarraidh teacht i gcomharbacht ar McCaffrey ach is léir nár cuireadh McDaid dá bhuille agus thug sé an taispeántas is fearr aige i ngeansaí Átha Cliath go dtí seo Dé Sathairn. 1-2 a scóráil an cosantóir sa gcluiche in aghaidh an Chabháin agus bhí sé ar dhuine de na himreoirí is mó a raibh seilbh acu ar an liathróid le linn an chluiche.

Tá McDaid ag imirt ar fheabhas do Bhaile Baodáin le roinnt blianta anuas ach thóg sé tamall air áit a bhaint amach ar fhoireann na sinsear. Ba é McDaid a bhí ina chaptaen ar fhoireann mhionúir Átha Cliath a chaill cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Thiobraid Árann in 2011. Bhí sé ar an bpainéal in 2016 ach ba anuraidh a d’imir sé a chéad chluiche craoibhe dá chontae nuair a thosaigh sé i gcoinne Thír Eoghain i gcomórtas an tSár-Ochtair.

Ó chinn McCaffrey nach mbeadh sé ag imirt i mbliana, tá deis tugtha do McDaid agus tá sé ag dul ó neart go neart.

Fág freagra ar 'Praiseach i bpeil na mban, cruinneas Mhaigh Eo, gaiscí Galligan agus teacht McDaid'