Práinn, polaiteoirí agus an pobal – an gnó nach ndearnadh ag COP26

Beidh ‘bogás agus méarfhadachas’ i réim ar feadh tamaill eile in Éirinn agus i dtíortha saibhre eile ceal straitéis dhomhanda éifeachtach ar son na haeráide

Práinn, polaiteoirí agus an pobal – an gnó nach ndearnadh ag COP26

Glacann ár bhformhór mór leis an riachtanas i bprionsabal. Tuigeann ár bhformhór tuairiscí na saineolaithe ar an bhfianaise i bprionsabal.  Faraor is i bprionsabal freisin a aontaímid leis na polaiteoirí a deir nach foláir gníomhú in aghaidh an dainséir aeráide atá ag bagairt orainn agus go háirithe ar an aos óg.

Ní hionann aontú ná tuiscint agus an toil tabhairt faoin athrú ó bhonn ar nósanna maireachtála atá ag teannadh linn. Ar mhórán cúiseanna, ach ar thrí cinn go háirithe. Ar an gcéad dul síos toisc gur dlúthchuid de mheon an ghnáthpholaiteora agus an ghnáthdhuine moill más féidir a chur ar ghníomh a admhaíonn siad atá riachtanach.

Rinneadh cur síos ionraic ar chúis mhoilleadóireachta eile i bparlaimint na hÉireann i 1780, nuair a cháin an feisire Sir Richard Boyle daoine a dúirt nár chóir iallach a chur ar ghlúnta nach raibh beo íoc as deontas a bhí á phlé sa pharlaimint. Dar le Boyle nár chóir smaoineamh in aon chor ar dhaoine nach raibh beo agus beartas reatha á mholadh.  ‘What has posterity done for us?’ a dúirt sé. Bíonn blas den mheon gearrthéarmach céanna san aer agus gníomhú ar son na haeráide á phlé.

Gan dabht beidh bogás agus méarfhadachas i réim ar feadh scaithimh in Éirinn agus i dtíortha saibhre eile ar chúis eile. Tá an córas reatha eacnamaíochta, iompair, tionscal, tithíochta agus feirmeoireachta eagraithe ar dhóigh a síleadh a bhí oiriúnach go dtí seo ach ar léir anois a neamh-inbhuanaitheacht. Ní gan stró is gearáin a chuirfear córas nua ina ionad. Oireann an córas reatha do mhórán, go deimhin taitníonn sé leo. Déanfar tréan-iarracht athruithe dosheachanta a sheachaint. Cumfar leithscéalta den uile chineál mar chosaint ar an neamhthoil. Ach ní mhaolóidh moill, leithscéalta ná gearáin an géar-riachtanas a léireofar le stoirmeacha, le tuilte, le triomach agus le mór-eachtraí drochaimsire eile.

Ní haon údar dóchais an tslí ar thug rialtais na hEorpa agus an domhain aghaidh ar phaindéim an víris chorónaigh. Thug tíortha saibhre tosaíocht dá leas náisiúnta féin, go háirithe ó cuireadh vacsaíní ar fáil. Níl straitéis dhomhanda éifeachtach i bhfeidhm fós, ainneoin an riachtanais dhomhanda.

Ní léir straitéis dhomhanda éifeachtach ach oiread sa chomhaontú lag aeráide a fógraíodh ag comhdháil ‘Cop26’ i nGlaschú. Mura gcuirtear srianta níos láidre agus níos leithne i bhfeidhm, a deir na saineolaithe, ní ardú 1.5 céim Celsius ar an teocht atá geallta roimh dheireadh an chéid ach ardú 2.4 céim a dheimhneoidh athrú aeráide a chuirfidh iallach ar dhaoine teitheadh ó chríocha te an domhain roimhe sin.

Is é an focal ‘mura’ áfach an focal is tábhachtaí san abairt thuas. Chuir rialtais na Rúise, na hAstráile, na hAraibe Sádaí agus na Brasaíle bac arís i nGlaschú ar an laghdú domhanda ar astaíochtaí a theastaíonn gan mhoill. Ach ní cóir beag is fiú a dhéanamh den chomhaontú a fógraíodh nuair a chríochnaigh Cop26. Cuirfidh an socrú is tábhachtaí a rinneadh iallach ar gach rialtas na geallúintí a thug siad go dtí seo a athbhreithniú gach bliain. Beidh orthu toradh an athbreithnithe sin a chur faoi bhráid na gcomhdhálacha eile a reáchtálfar gach bliain ag a bpléifear (a) an fhianaise aeráide is deireanaí (b) geallúintí náisiúnta agus a gcomhlíonadh, agus (c) an gníomh breise a theastaíonn. Beidh an ghéarchéim agus an teip a chuir díomá ar mhórán i nGlaschú (‘blahh blah, blah’ gan éifeacht a thug Greta Thunberg ar an gcaint) – á bplé arís ag Cop27 san Éigipt an bhliain seo chugainn, agus gach bliain ina dhiaidh sin.

‘What has posterity done for us?’ a dúirt sé. Bíonn blas den mheon gearrthéarmach céanna san aer agus gníomhú ar son na haeráide á phlé’

Níor dheimhnigh caint gníomh riamh, go háirithe agus saorchead ag gach cainteoir a rogha rud a dhéanamh. Sin ráite, dheimhnigh an cur is cúiteamh i nGlaschú go bhfuil seans ann fós go mbeidh sé ar chumas cheannairí an domhain an laghdú ar astaíochtaí atá riachtanach a chur i bhfeidhm.

Is é an comhshocrú aeráide idir an tSín agus na Stáit Aontaithe an tuar dóchais polaitiúil is láidre a fógraíodh le linn na comhdhála. Arís ní dheimhníonn briathra laghdú suntasach ar astaíocht charbóin, ach thug ceannairí an dá thír le fios go dtuigeann siad nach foláir dóibh tarraingt le chéile maidir le cúrsaí aeráide ainneoin an teannais eatarthu maidir le cúrsaí míleata agus eacnamaíochta. Ní beag san.

Is ar an mbrú a chuirfidh rialtais ar a chéile, agus a chuirfidh an pobal ar rialtais na dtíortha daonlathacha go háirithe a bheidh cuid mhór de thoradh an phlé gan stad ar an gcomhaontú aeráide a dtángthas air i bPáras in 2015 agus a neartaíodh, beagáinín, i nGlaschú.

Níor dheimhnigh Cop26 dea-thoradh don phláinéad, ná drochthoradh.

Focal scoir: Níl tuiscint fós ag pobal ná ag polaiteoirí na hÉireann ar an athrú saoil atá rompu, ainneoin na dtuairimí a léiríonn pobalbhreitheanna ó am go ham agus a léiríodh i bprionsabal i bplean aeráide an rialtais. Is fiú mar sin féin cuimhneamh ar na beartais a mhol comhthionól saoránach a phléigh cúrsaí aeráide in 2016.

Tá an chuid is mó dá moltaí á gcur i bhfeidhm ag an rialtas, a bheag nó a mhór, nó á bplé go tréan ó shin – mar shampla an cháin ar astaíocht charbóin, deontais do chur isteach painéil ghréine, caiteachas ar an gcóras iompair phoiblí agus ar lánaí rothaíochta, tacaíocht do thograí fuinnimh in-athnuaite agus cosc ar bhaint móna.

Ní gan stró, ná gearáin, ná moill a chuirtear mórathrú ar bith i gcrích, ach múineann gach gá seift – má thuigtear é in am.

Iriseoir agus craoltóir é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Práinn, polaiteoirí agus an pobal – an gnó nach ndearnadh ag COP26'