‘Práinn ar leith’ le bailiú ainmneacha páirce agus Meitheal Logainm.ie seolta go hoifigiúil

Tugann uirlis nua deis don phobal ‘oidhreacht logainmníochta na tíre a chur chun cinn sa ré dhigiteach’ trí mhionainmneacha a chur ar líne agus a roinnt

‘Práinn ar leith’ le bailiú ainmneacha páirce agus Meitheal Logainm.ie seolta go hoifigiúil

Seoladh go hoifigiúil ‘Meitheal Logainm.ie’, an uirlis nua a d’fhógair Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath anuraidh, ag an gComórtas Treabhdóireachta in Uíbh Fhailí inniu.

Is uirlis sluafhoinsithe í Meitheal Logainm.ie le sonraí logainmneacha a bhailiú, a stóráil agus a roinnt. Tugann an uirlis seo deis don phobal “oidhreacht logainmníochta na tíre a chur chun cinn sa ré dhigiteach” trí mhionlogainmneacha a chur leis an mapa ar líne agus iad a roinnt.

Logainm nach bhfuil ina “ainm riaracháin” atá i gceist le “mionlogainm” sa chás seo. Tá ainmneacha contae, barúntachtaí, paróistí, bailte fearainn agus toghranna i measc na n-ainmneacha riaracháin. Tá stádas oifigiúil ag na hainmneacha riaracháin agus is acmhainn údarásach logainm.ie maidir leis na hainmneacha sin in Éirinn.

Baineann na “mionainmneacha” le haicmí eile, ina measc ainmneacha leithéidí lochannna, aibhneacha agus sléibhte chomh maith le hainmneacha leithéidí liosanna, mainistreacha, agus reiligí. Níl aon stádas oifigiúil ná feidhm riaracháin ag ainmneacha páirce, mar shampla, ach baineann tábhacht ar leith leo sa chaoi a mbíonn eolas iontu faoi stair an phobail áitiúil.

Tá “práinn ar leith” le bailiú na n-ainmneacha páirce seo, dar le Meitheal Logainm.ie, toisc nach bhfuil siad i mbéal an phobail níos mó.

“Ar an drochuair, níl eolas ar na hainmneacha páirce chomh fairsing sin a thuilleadh de bharr athruithe déimeagrafacha agus tá práinn ar leith lena mbailiú sula ligfear i ndearmad iad. Tá súil againn go gcuideoidh Meitheal Logainm.ie leo siúd ar mhian leo na hainmneacha páirce ina gceantar féin a chur ar an taifead,” a dúradh i ráiteas faoin suíomh nua.

Ba iad Fiontar, an scoil idirdhisciplíneach atá i gceannas ar téarma.ie, logainm.ie, ainm.ie, dúchas.ie agus gaois.ie a d’fhorbair Meitheal Logainm.ie i gcomhpháirt leis an mBrainse Logainmneacha.

Is dhá shuíomh éagsúla iad Logainm.ie agus Meitheal Logainm.ie. Ní thaispeánfar aon sonraí as Meitheal Logainm.ie ar shuíomh Logainm.ie ach amháin sna torthaí cuardaigh agus ní fhaomhfaidh an Brainse Logainmneacha ná Fiontar na sonraí a chuirtear isteach ann.

Tá an léarscáil ar Meitheal Logainm.ie ar fáil i mBéarla amháin i láthair na huaire toisc gan fáil a bheith ag Fiontar ar léarscáil mhionsonraithe Ghaeilge. Níl fáil ach an oiread acu ar léarscáil mhionsonraithe i mBéarla ná i nGaeilge de Thuaisceart Éireann agus mar sin níl an chuid sin den tír san áireamh ar an suíomh.

Tá iarrachtaí ar siúl ag Fiontar, i gcomhpháirt leis an tSuirbhéireacht Ordanáis agus Property Services “na heasnaimh seo a réiteach”.

Tá sé i gceist ag Fiontar forbairt bhreise a chur leis an suíomh amach anseo, ina measc taifead fuaime a chur ann, nasc a dhéanamh idir an cuardach ar Meitheal Logainm.ie agus cuardach ar Logainm.ie agus áis GPS a chur leis an suíomh le gur féidir ‘taifead  a chruthú ar an toirt’ ó ghléas móibíleach.

Fág freagra ar '‘Práinn ar leith’ le bailiú ainmneacha páirce agus Meitheal Logainm.ie seolta go hoifigiúil'