Praghas aontaithe ag Roinn na Gaeltachta do cheannach Aerfort na Mine

Tá Roinn na Gaeltachta ‘ag gníomhú’ chun a chinntiú nach mbeidh aon bhriseadh sa tseirbhís aeir go hÁrainn ag deireadh na míosa agus iad ag súil go mbeidh conradh eile socraithe ‘go luath’

Praghas aontaithe ag Roinn na Gaeltachta do cheannach Aerfort na Mine

Tá Roinn na Gaeltachta agus Aer Árann tagtha ar aon intinn faoi luach Aerfort na Mine i gCois Fharraige agus praghas socraithe eatarthu.

Dhiúltaigh an Roinn a rá le Tuairisc.ie tráthnóna inné cén praghas a cuireadh ar an aerfort ar le húinéir Aer Árann, an Seanadóir neamhspleách as an Spidéal Pádraig Ó Céidigh, é. Dúirt urlabhraí ón Roinn nach raibh sé i gceist acu an t-eolas sin a thabhair toisc “an próiseas maidir le ceannach an aerfoirt fós a bheith ar siúl”.

I bhfreagra a thug an tAire Seán Kyne ar cheisteanna maidir le ceannach an aerfoirt a chuir na Teachtaí Dála Éamon Ó Cuív agus Catherine Connolly air, dúirt sé go raibh “luach aontaithe idir na páirtithe” agus go raibh an “próiseas maidir le ceannach an aerfoirt ag dul ar aghaidh”.

Mar chuid den phróiseas sin fostaíodh comhlacht eitlíochta chun cás gnó don aerfort a ullmhú.

“Tá an próiseas maidir le ceannach an aerfoirt ag leanúint ar aghaidh. Tá luach aontaithe idir na páirtithe. Fostaíodh comhlacht le saineolas san earnáil eitlíochta chun an cás gnó a ullmhú i ndáil le riachtanais an Chóid Chaiteachais Phoiblí. Tá dréacht den chás gnó á mheas faoi láthair,” a dúirt Seán Kyne.

Deireadh mhí an Mhárta an spriocam a bhí leagtha síos ar dtús don idirbheartaíocht faoi cheannach an aerfoirt. Dúradh an t-am sin gur easaontas faoi luach an aerfoirt ba chúis leis an moill ar an phróiseas.

Tiocfaidh deireadh le conradh eatramhach an Galway Aviation Services Ltd, atá i mbun na seirbhíse aeir go hÁrann faoi láthair, ag deireadh na míosa seo.

Dúirt Seán Kyne go bhfuil a Roinn “ag gníomhú chun a chinntiú nach mbeadh briseadh sa tseirbhís agus go mbeidh conradh eile socraithe go luath”.

I mí Dheireadh Fómhair seo caite a chéad léirigh Roinn na Gaeltachta suim i gceannach aerfort na Mine. Chuir Aer Arann in iúl don Roinn an uair sin go mbeadh siad ag tarraingt siar ón dá chonradh atá acu i dtaobh na seirbhíse  – an conradh don tseirbhís féin agus an conradh d’úsáid Aerfort na Mine i gCois Fharraige.

Dúirt an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh le Tuairisc.ie anuraidh go raibh sé “breá sásta” Aerfort na Mine agus Aer Arann féin a dhíol leis an Stát.

Fág freagra ar 'Praghas aontaithe ag Roinn na Gaeltachta do cheannach Aerfort na Mine'