Postanna agus cúrsa céime sa Ghaeilge le gearradh ag Ollscoil Uladh

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfógrófar an tseachtain seo chugainn go bhfuil ciorruithe móra i ndán do theagasc na Gaeilge in Ollscoil Uladh

University-ulster-belfast-exterior-closeup

Tá an cúrsa céime lánaimseartha sa Ghaeilge le scor in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste de bharr ciorruithe ar an mbuiséad agus tá a bpostanna le cailliúint ag ceathrar d’fhoireann na hinstitúide atá lonnaithe i mBéal Feiste agus i nDoire.

Trí bliana ó haistríodh an scoil Ghaeilge as Cúl Raithin chun céim lánaimseartha a sholáthar i mBéal Feirste agus i nDoire, ach is cosúil an plean sin a bheith ina phraiseach anois cheal airgid.

Níl an scéal seo fógraithe go hoifigiúil fós ach de réir eolais a fuair Tuairisc.ie, cuirfear in iúl do mhic léinn é an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh lá oscailte ag an ollscoil i mBéal Feirste.

Ciorrú 28% ar an bhfoireann de cheithre dhuine dhéag atá i gceist sa cheithre phost a chaillfear trí iomarcaíocht dheonach.

Laghdú tromchúiseach ar an soláthar Gaeilge do mhic léinn óga lánaimseartha – ar an gcampas nua galánta atá á thógail i mBéal Feirste – a bheidh i gcealú an chúrsa do scoláirí lae. Tuigtear gur i gColaiste Mhic Aoidh, i nDoire, amháin a bheidh an cúrsa lánaimsireach don chéim ar siúl feasta. Leanfar leis an gcéim Ghaeilge pháirtaimseartha i mBéal Feirste; mic léinn oíche, daoine atá ag filleadh ar an oideachas nó daoine atá ag obair is mó a thugann faoin gcúrsa sin.

Tá slad déanta ar chúrsaí sna teangacha Eorpacha ag ciorruithe conspóideacha a d’fhógair Ollscoil Uladh an tseachtain seo. Ba ar an scrios ar mhúineadh nuatheangacha Eorpacha is mó a bhí aird go dtí seo ach is cuid de na hathruithe céanna an gearradh ar an nGaeilge mar ábhar.

Tá deireadh le cur scun scan le scoil na dteangacha san ollscoil i gCúl Raithin; ciallaíonn sin deireadh le céimeanna sa Ghearmáinis, sa bhFraincis agus sa Spáinnis. Tháinig an tSínis slán mar gurb é Institiúid Confucius na Síne a mhaoiníonn an cúrsa. Bhí an cúrsa sa Ghaeilge a bhíodh ar siúl ansin tagtha chun deiridh roimhe seo.

Fág freagra ar 'Postanna agus cúrsa céime sa Ghaeilge le gearradh ag Ollscoil Uladh'

  • Colmán

    Suimiúil, déarfainn nach mbeidh seo ach ina thús agus seo an fáth a bhfuil a leithéid de Bhille nó Acht Teanga ag teastáil sna Sé Chontaethe

  • Erasmus Scotus

    Tá glactha ag Eorpiagh an Iarthair gur Béarla lingua franca an A.E. Ní gá don Bhéarlóir teanga eile a fhoghlaim anois mura bhfuil sé chun bogadh chun cónaí ar an Mór Roinn. Tá sin tugtha faoi deara ag Béarlóirí agus labhrann siad Béarla sa Fhrainc gan ceist a chur anois mar a dhéanann roinnt Gearmáinigh, Danmhargaigh agus Sualannaigh freisin.
    Cuireadh deireadh le cúrsaí Gaeilge sna hollscoileanna sa nGearmáin s an Ollóinn.
    Is cineál bikers’ clubs iad na mionteangacha i súile Béarlóirí faoin am seo agus má leantar le cúrsaí 3ú leibhéal a chur ar fáil tré Bhéarla ar fud na hEorpa is beag stádas a bheidh ag Ollainis srl san AE.

    • Breathnóir

      Tá cuid mhór den cheart agat, a Erasmus, ar an drochuair.
      Cad é is féidir linn déanamh faoi seo?
      An féidir aon rud a dhéanamh in aghaidh an aonteangachais san Eoraip nó an bhfuil sé rómhall? Bheadh sé íorónta an Béarla a bheith fréamhaithe níos mó ná riamh ar an Mór-Roinn má fhágann tír dhúchais an Bhéarla an AE….