Postálacha ar na meáin shóisialta ina gcuid lárnach d’fhiosrúchán faoi eachtra sáite sa Ghaillimh

Sádh séiplíneach de chuid an airm agus tá an eachtra á fiosrú ag na Gardaí agus amhras orthu go raibh baint ag an ionsaí le sceimhlitheoireacht

Postálacha ar na meáin shóisialta ina gcuid lárnach d’fhiosrúchán faoi eachtra sáite sa Ghaillimh

Tá cóir leighis á cur ar an Athair Paul F Murphy, atá sna caogaidí, in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh agus é á thuairisciú go bhfuil a ghonta tromchúiseach ach nach bhfuil a bheatha i mbaol

Tá buachaill 16 bliana gafa de bharr eachtra a tharla aréir ag Dún Uí Mhaoilíosa, beairic an airm sa Rinn Mhór in oirthear chathair na Gaillimhe.

Sádh séiplíneach de chuid an airm agus tá an eachtra á fiosrú ag na Gardaí agus amhras orthu go raibh baint ag an ionsaí le sceimhlitheoireacht.

Tuairiscítear gur scaoil Óglaigh na hÉireann cúig urchar mar rabhadh thart ar 10.45pm aréir agus gur cheansaigh siad an t-ionsaitheoir le baitín taobh amuigh den bheairic.

Tá cóir leighis á cur ar an Athair Paul F Murphy, atá sna caogaidí, in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh agus é á thuairisciú go bhfuil a ghonta tromchúiseach ach nach bhfuil a bheatha i mbaol.

Tá blianta seirbhíse tugtha ag an séiplíneach do na fórsaí cosanta agus cúpla misean déanta aige thar sáile leo.

Thug foinsí sna Gardaí le fios go gcreidtear go ndearnadh radacú ar an déagóir Éireannach ar líne le roinnt míonna. Tá an fiosrúchán faoin eachtra á stiúradh ag an Aonad Speisialta Bleachtaireachta, an dream a bhíonn freagrach as déileáil le bagairtí sceimhlitheoireachta.

Creideann na Gardaí go raibh an déagóir gearánach faoi Óglaigh na hÉireann a bheith ar dualgas leis na Náisiúin Aontaithe sa Mheánoirthear. Cuid lárnach den fhiosrúchán is ea postálacha dá chuid ar na meáin shóisialta.

Measann na Gardaí gur beag seans go raibh aon bhaint ag an ionsaí aréir le haon chomhcheilg mhór eile.

Tá an fear óg a gabhadh fós ar a choinneáil agus é á cheistiú i stáisiún Gardaí i réigiún an iarthuaiscirt.

Taobh amuigh den bheairic a ionsaíodh an tAthair Murphy thart ar 10.45pm aréir agus tugadh go dtí Ospidéal na hOllscoile é ar an bpointe.

Is amhlaidh a thug an déagóir a aghaidh ar an séiplíneach taobh amuigh den bheairic. Rith an sagart isteach na geataí agus an fear óg ina dhiaidh. Cheansaigh comhaltaí de chuid na bhFórsaí Cosanta an t-ógánach.

Scaoil na saighdiúirí a bhí ar dualgas i seomra an gharda cúpla urchar san aer in iarracht an t-ionsaí ar an sagart a stopadh.

Fuair an lucht faire an ceann is fearr ar an ógánach agus choinnigh siad faoi smacht é nó gur tháinig na Gardaí agus tugadh ar láimh dóibhsean é. Tháinig Gardaí agus comhaltaí d’Aonad Tacaíochta faoi Airm an Gharda Síochána ar an láthair agus gabhadh an déagóir ansin.

Sheol an séiplíneach teachtaireacht ar na meáin shóisialta ar maidin ag gabháil buíochais le daoine as a gcuid paidreacha, a ngean agus a n-imní.

“Tá brón orm nach féidir liom freagra a sheoladh ar gach teachtaireacht ná gach glaoch gutháin a fhreagairt. Tá mé ceart go leor agus mé ag fanacht leis an obráid. Beidh gach rud togha.”

 

Fág freagra ar 'Postálacha ar na meáin shóisialta ina gcuid lárnach d’fhiosrúchán faoi eachtra sáite sa Ghaillimh'

  • Carraig

    Go leor geilt ag siúl na sráide faraoir.