Post sinsearach san Údarás tairgthe do Mhicheál Ó hÉanaigh

Ocht nduine dhéag istigh ar an bpost mar Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine atá tairgthe do Ó hÉanaigh

udaras_051-1024x681

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an post mar Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine in Údarás na Gaeltachta tairgthe do Mhicheál Ó hÉanaigh atá ina stiúrthóir seirbhísí i gComhairle Contae Dhún na nGall faoi láthair.

As Conamara é Micheál Ó hÉanaigh ó dhúchas agus bhí sé ag obair ar feadh tamaill san Údarás san Ard-Oifig sna Forbacha sular ghlac sé leis an bpost i dTír Chonaill.   Screen Shot 2015-06-19 at 17.38.46

Tuigtear dúinn go bhfuil Ó hÉanaigh, atá pósta agus beirt chlainne air, ag déanamh a chuid macnaimh ar an tairiscint atá curtha faoina bhráid ag Údarás na Gaeltachta. Tá sé i gceist go mbeadh an Stiúrthóir nua Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine ag dul i mbun oibre leis an Údarás faoi cheann tuairim agus sé seachtaine.

Bhí ocht nduine dhéag istigh ar an bpost atá tairgthe do Ó Héanaigh, ach laghdaíodh an uimhir sin go dtí naonúr agus cuireadh agallamh orthu sin. Tuigtear go raibh ceathrar d’fhostaithe an Údaráis féin ina measc siúd a bhí san iomaíocht sa deireadh.

Is é Séamus Mac Eochaidh a bhí sa bpost seo san Údarás agus nuair a chríochnaigh a théarma siúd níos túisce i mbliana, rinneadh socrú gearrthéarmach leis an mbearna a líonadh.

I gceantar Bhoston sna Stáit Aontaithe a rugadh Micheál Ó hÉanaigh agus a dheartháireacha Seosamh, Éamon agus Seán. D’fhill an teaghlach ar cheantar a n-athar i gCarna agus bhíodar ansin ar feadh roinnt blianta nó gur athraíodar go dtí an Lochán Beag, áit dúchais na máthar.

Tá ceann de na postanna is mo cúram i gComhairle Contae Dhún nan Gall ag Micheál Ó hÉanaigh agus é i gceannas ar na rannóga seo leanas – Pobal, Cultúr, Pleanáil agus Rialacha Tógála, Leabharlanna, Ealaíon, Fiontraíocht, Diaspora, Cartlanna agus Oidhreacht.

Ta dúshláin mhóra amach ar aghaidh an té a ghlacfaidh leis an bpost seo. Cé go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag coinneáil maith go leor leis an líon daoine atá ag obair i gcomhlachtaí atá faoina scáth sa nGaeltacht, tá an scéal an-dona i gceantair atá scoite amach. Mar shampla, tá an ceantar is laige ó thaobh cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta i gcontae na Gaillimhe uilig in iardheisceart Chonamara. Léiríonn tuarascáil atá curtha ar fáil ag an gComhairle Contae arís le  gairid gurb iad na pobail as ceantar na nOileán siar go Carna is laige sa gcontae.

Tá laghdú mór déanta chomh maith ar bhuiséad caipitil an Údaráis le roinnt blianta anuas.

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Post sinsearach san Údarás tairgthe do Mhicheál Ó hÉanaigh'