‘Post Match Gaeltacht’ á reáchtáil arís ag CLG Átha Cliath in 2020

Tabharfaidh Áth Cliath agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn agus reáchtálfar an ‘Post Match Gaeltacht’ i dteach tábhairne Pipers Corner ar Shráid Mhaoilbhríde san ardchathair i ndiaidh an chluiche

‘Post Match Gaeltacht’ á reáchtáil arís ag CLG Átha Cliath in 2020

Áth Cliath agus Ciarraí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh deis ag lucht peile Átha Cliath agus Chiarraí teacht le chéile i gcomhluadar Gaelach an deireadh seachtaine seo agus ‘Post Match Gaeltacht’ á heagrú ag CLG Átha Cliath Dé Sathairn.

Tabharfaidh Áth Cliath agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh sa chéad bhabhta de Roinn 1 na Sraithe Peile Náisiúnta an oíche chéanna agus reáchtálfar an ‘Post Match Gaeltacht’ i dteach tábhairne Pipers Corner ar Shráid Mhaoilbhríde san ardchathair i ndiaidh an chluiche.

Macasamhail an Pop-Up Gaeltacht atá san ócáid seo a reáchtáladh den chéad uair anuraidh. Eagraíodh roinnt ócáidí i gcaitheamh an tséasúir agus tá súil í a chur ar bun arís in 2020.

“D’éirigh go hiontach leis an gcoincheap anuraidh agus tá muid ag súil le leanúint leis arís i mbliana,” a deir Cóilín Ó Cearbhaill, oifigeach Gaeilge Choiste CLG Chontae Átha Cliath.

“Tugann sé deis do dhaoine ón dhá contae ar mhaith leo an ‘post match banter’ bheith acu i nGaeilge teacht le chéile agus sin a dhéanamh.”

Deineadh ceangal eile idir CLG Átha Cliath agus an Ghaeilge an tseachtain seo nuair a ainmníodh Danny Sutcliffe, Gaeilgeoir agus iardhalta de chuid Choláiste Eoin, ina chaptaen ar fhoireann shinsir iomána an chontae.

Meastar Sutcliffe mar dhuine de na hiománaithe is cumasaí i mBaile Átha Cliath agus cé gur chaith sé dhá bhliain i Stáit Aontaithe Mheiriceá in 2016 agus 2017, tá fear Naomh Jude ar ais ag imirt le foireann Átha Cliath ó 2018 agus é anois roghnaithe mar chaptaen ag bainisteoir na foirne, Mattie Kenny.

Cuirfidh iománaithe Átha Cliath tús lena bhfeachtas sraithe Dé Domhnaigh nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Chill Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin.

Fág freagra ar '‘Post Match Gaeltacht’ á reáchtáil arís ag CLG Átha Cliath in 2020'