Tírghráthóir go smior

LÉIRMHEAS: Beatháisnéis údarásach ar TK Whitaker, ach ná bí ag súil le haon rún uaidh.

TK Whitaker: Portrait of a Patriot

TK Whitaker: Portrait of a Patriot
Anne Chambers
Doubleday Ireland

Is beathaisnéis chuimsitheach údarásach í Portrait of a Patriot, a thugann cuntas ar shaol agus ar shaothar an Dr T.K. Whitaker idir a shaol pearsanta agus a shaol mar sheirbhíseach poiblí. Is cuntas é freisin ar stair ár linne. Iar-chomhghleacaí dá chuid sa Bhanc Ceannais ab ea Anne Chambers agus tá an saothar bunaithe ar agallaimh a rinne sí leis féin agus lena mhuintir; a chomhfhreagras pearsanta agus a bhfuil ar fáil faoi ar an taifead poiblí.

Mar a bheifeá ag súil, tá mionphlé ar a bhlianta sa Roinn Airgeadais agus sa Bhanc Ceannais agus maítear arís anseo gurbh é ailtire na forbartha eacnamaíochta é sa tír seo sna caogadaí agus sna seascaidí. Bheadh dul amú ort dá sílfeá gur le forbairt eacnamaíoch amháin a bhain suim agus tionchar an fhir ildánaigh seo. Éinne nach bhfuil móran eolais aige faoi Ken Whitaker, is leabhar fiúntach, taitneamhach é seo, ach ná bítear ag súil le sceitheadh rún ann.

An dearcadh nua a thug sé isteach sa Roinn Airgeadais, a thionchar i dtús ama ar Sheán Lemass agus níos deireannaí ar Jack Lynch maidir leis an tuaisceart agus an Comhphobal Eorpach, tugtar cuntas iomlán orthu sa bheathaisnéis seo. Tá a bhá leis an nGaeilge agus a shuim sa teanga, sa bhéaloideas agus sa litríocht cíortha freisin ann.

Tá sé deacair a shamhlú go mbeadh tionchar chomh leathan ag Rúnaí na Roinne Airgeadais ar Rialtas an lae inniu. Cinnte pléann an t-údar leis an teannas faoin ngeilleagar idir Whitaker mar Ghobharnóir ar an mBanc Ceannais agus Charles Haughey an tAire Airgeadais, ach fágtar faoin léitheoir an teannas eatarthu i dtaobh dhearcadh Haughey ar an tuaisceart a shamhlú.

Tharraing an leabhar seo conspóid nuair a tuairscíodh gur thug an Dr Whitaker le fios ann gur ghortú ó ionsaí le barra iarainn i dteach tábhairne seachas timpiste le capall ba chúis le Charles Haughey, an tAire Airgeadais, gan a bheith in ann an Buiséad a chur i láthair na Dála i 1970.

B’éigean don údar agus na foilsitheoirí a admháil go raibh dearmad sna tagairtí ar chúl an leabhair agus gur tógadh an tagairt ó leabhar faoi Jack Lynch. Bhí an-ionadh orm nuair a léigh mé faoi na scéalta sin óir ba státseirbhíseach den seandéanamh é Ken Whitaker a dúirt go neamhbhalbh liom féin agus mé i mbun clár fáisnéise leis gur chreid sé go daingean go raibh ceangal fós air faoin Acht Um Rúin Oifigiúla. Mar a thugann an teideal le fios, is tírghráthóir agus seirbhíseach poiblí go smior fós é.