Portráidí scríbhneoirí Gaeilge le seoladh i gceannáras nua Fhoras na Gaeilge anocht

Tá an chéad sraith eile de phortráidí an togra Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge le seoladh anocht, an chéad imeacht mór poiblí i gceannáras nua Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens

Portráidí scríbhneoirí Gaeilge le seoladh i gceannáras nua Fhoras na Gaeilge anocht

Seolfar an chéad sraith eile de phortráidí an togra Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath anocht. Chuir an iris Comhar agus Foras na Gaeilge leabhar agus suíomh idirlín ar fáil anuraidh bunaithe ar chartlann phortráidí digiteacha de scríbhneoirí na Gaeilge.

Bhí portráidí de 107 scríbhneoir aitheanta Gaeilge, idir údair liteartha agus scríbhneoirí acadúla, sa chéad chnuasach, a seoladh anuraidh. Ba í an grianghrafadóir Máire Uí Mhaicín, nach maireann, a thóg na portráidí d’Fhoras na Gaeilge idir na blianta 2009-2013.

Anocht seolfar ocht bportráid nua agus cuirfear, go hoifigiúil, leis an suíomh www.portraidi.ie iad. Is iad an t-ochtar atá sa tsraith nua portráidí, an file Bríd Ní Mhóráin, an drámadóir Darach Mac Con Iomaire, an t-úrscéalaí Darach Ó Scolaí, an scríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain, an t-aistritheoir Máire Nic Mhaoláin, an scríbhneoir Orna Ní Choileáin, an scríbhneoir acadúil Regina Uí Chollatáin, agus an file agus scríbhneoir acadúil Tadhg Ó Dúshláine.

Tá sé i gceist ag Comhar portráidí nua a chur leis an gcartlann gach bliain feasta.

Seolfar an tsraith is déanaí seo de phortráidí i Halla Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens i mBaile Átha Cliath ag 7pm anocht. Is é seo an chéad imeacht mór poiblí a reáchtálfar i gceannáras nua an Fhorais ó bhog an eagraíocht ann cúpla seachtain ó shin.

Ainmneofar go hoifigiúil anocht freisin an chéad ochtar eile a chuirfear le Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Is iad sin: an scríbhneoir acadúil Cathal Ó Háinle, an file Doireann Ní Ghríofa, an t-úrscéalaí Pádraic Breathnach, an scríbhneoir acadúil Padraigín Riggs, an t-iriseoir Póilín Ní Chiaráin, an scríbhneoir acadúil Ruairí Ó hUiginn, an file Seán Hutton, agus an scríbhneoir Siobhán Parkinson.

Réiteofar portráidí den ochtar scríbhneoirí seo, móide eolas  beathaisnéise agus sonraí gaolmhara eile sa chéad sé mhí de 2018.

Cuirtear nóta beathaisnéise agus, de réir mar a oireann, sliocht as saothair na scríbhneoirí  leis na portráidí, ach deir Comhar go leagtar “béim faoi leith” ar an “bportráidíocht ealaíonta” ina léirítear “daonnacht na scríbhneoirí”.

Léachtóir agus scríbhneoir ab ea Máire Uí Mhaicín, a bhí ag obair ar an togra dúshlánach grianghrafadóireachta seo ar feadh roinnt blianta i ndiaidh di críoch a chur lena saol mar léachtóir. Bhásaigh Máire Uí Mhaicín in 2013.

Tá na grianghraif sa chéim seo á nglacadh ag an bpainéal nuabhunaithe de cheathrar grianghrafadóirí, a ceapadh le teacht i gcomharbacht ar Mháire Uí Mhaicín chun cúram na portráidíochta a leanúint. Is iad Ronan Doherty, comhairleoir deartha agus teicniúil, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, Lára Ní Mhaoláin, léachtóir le Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, Seán Ó Mainnín, Eagarthóir Grianghrafadóireachta Tuairisc.ie, agus Máirín Seoighe, scannánaí agus bunaitheoir Scannáin Dobharchú.

Fág freagra ar 'Portráidí scríbhneoirí Gaeilge le seoladh i gceannáras nua Fhoras na Gaeilge anocht'