Portaigh bháite molta do Chonamara ar mhaithe le cosaint na mbeach

Bhí poirt éagsúla ag Comhairleoirí Contae i nGaillimh faoi phlean nua ar mhaithe leis an dúlra agus leis na beacha

Portaigh bháite molta do Chonamara ar mhaithe le cosaint na mbeach

Pictiúr: Eamon Farrell/Rollingnews.ie

Ba mhór i gceist i gConamara na portaigh báite i Seanadh Mhacha agus cuireadh fonn leis an nath cainte seo in amhráin. Ach d’fhéadfadh portaigh eile a bheith báite fós i gConamara agus i gcontae na Gaillimhe – agus ba cheart go mbeadh freisin ar mhaithe leis an dúlra agus leis na beacha, a deir an Comhairleoir Contae, Alastair McKinstry. Sé an port a bhí ag an gComhairleoir McKinstry ag cruinniú na seachtaine seo de Chomhairle Chontae na Gaillimhe ná gur cheart na portaigh a dhéanamh níos fliche, nó ina théarmaí féin “re-wet the bogs”.

Bhí an Comhairleoir McKinstry, ball de Chomhaontas Glas as Maigh Cuilinn ag labhairt le linn díospóireachta a bhain leis an díothú atá á dhéanamh ar na beacha agus straitéis a bhaineann le pailniú sa gcontae.

Tá an tríú cuid de na cineálacha difriúla beacha atá sa tír seo i mbaol agus leagtar an milleán ar an laghdú atá ar na bláthanna agus an dúlra traidisiúnta.

Creideann an Comhairleoir Alastair McKinstry go gcuideodh tuilleadh fliucháin i gcuid mhaith de na portaigh leis na beacha; cuidíonn an portach báite le nádúr na talún agus na haeráide a bhaineann le saol na mbeach, a deir sé.

“Go traidisiúnta ligeadh an t-uisce amach as na portaigh,” a deir Alastair McKinstry.

B’fhearr go ligfí an t-uisce ar ais ar thalamh portaigh. Chomh maith le cosaint na mbeach, d’fhéadfadh buntáistí eile a bheith ag baint leis an bplean seo sa saol atá amach romhainn,” a deir sé.

Comhairleoirí a bhfuil eolas acu faoi phortaigh, bhain an chaint seo cor astu. Bhí an Comhairleoir Jimmy McClearn as Cill Íomair in oirdheisceart na Gaillimhe ar dhuine acu. “Chonaic mé an cath fada a troideadh ar mo thairseach féin faoi chearta bainte móna agus portaigh,” a deir an Comhairleoir McClearn. Bhí sé ag tagairt don chonspóid a bhain le portaigh sa gcuid thoir theas don chontae nuair a féachadh le daoine a stopadh ó bhaint mhóna mar go raibh branda caomhnaithe (SAC) curtha ar an sliabh. “Cuireann an feachtas seo a bhí an-trom ar dhaoine líne as sean-amhrán ‘Galway Bay’ i gcuimhne dom,” arsa an Comhairleoir McClearn, “‘the strangers came and tried to teach us their ways’.”

Sa saol atá inniu againn – agus Plean nua Forbartha Contae dá réiteach – tá imní ar an gComhairleoir Dáithí Ó Cualáin as Cois Fharraige, go gcuirfeadh Straitéis na mBeach dris chosáin sa mbealach ar dhaoine a bheadh sa tóir ar chead pleanála. “Tá go leor cineálacha caomhnaithe i gConamara cheana féin,” a deir an Cualánach.

Mhínigh Marie Mannion, an tOifigeach Oidhreachta sa gComhairle Contae nach bhfaca sise go raibh aon bhaol ann go gcuirfí isteach ar cheadúnais phleanála mar go mbeadh an pobal áitiúil féin bainteach leis na beartais.

Fág freagra ar 'Portaigh bháite molta do Chonamara ar mhaithe le cosaint na mbeach'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá i bhfad níos mó ná ‘cosaint na mbeach’ i gceist. Tuigeann Máirtín é sin go maith.

    Níl aon chiall leis go mbeifí ag dó na bhforaisigh sa Amazon sa mBraisíl agus ag baint na bportach in Éirinn le dó, i bhfianaise an géarchéim atá ag bagairt orainn faoi théamh an phlainéid.