Port Shinn Féin a dhamhsa ag an Rialtas

Rómhinic a chailleann an rialtas smacht air féin agus iad faoi bhrú ag an bhfreasúra 

Port Shinn Féin a dhamhsa ag an Rialtas

Is maith is cuimhin liom an lá ar fógraíodh go raibh deireadh le cur leis na srianta Covid-19. Bhí muid ar ár mbealach isteach go Tithe an Rialtais, agus bhí an Taoiseach Micheál Martin ag glacadh grianghraf lena fhoireann roimh an bpreasócáid chinniúnach sin.

Ní minic a chonaic mé é agus miongháire air ó thosaigh mé ag tuairisciú ar chúrsaí polaitíochta, thart ar bhliain roimhe sin. D’admhaigh sé go raibh sé “ar cipíní” – agus thuigfeá dó, ar bhealach. Den chéad uair ó toghadh é ina Thaoiseach, ba chosúil go raibh an phaindéim curtha de dhroim seoil – rinneadh an íobairt, cuireadh isteach an obair chrua, agus bhí sé ag súil leis an gcuid eile dá thréimhse mar Thaoiseach agus é lán le dóchas agus díograis.

Ach ‘events, dear boy, events’. Baineadh an ghaoth as seolta an Taoisigh ar an 24 Feabhra nuair a thug an Rúis fogha faoin Úcráin. Cuireadh alltacht ar thíortha an iarthair agus beartaíodh smachtbhannaí a chur i bhfeidhm. Dá bharr sin tá ardú as cuimse tagtha ar an gcostas maireachtála, ar phraghas breosla, ar pheitreal agus díosal. Baintear siar asam aon uair a dtéim féin ag an stáisiún peitril nuair a fheicim gur €2.28 a chosnaíonn lítear peitril anois – méadú suntasach fiú domsa, fear nach dtiomáineann go minic. 

Ó ionradh mhí Feabhra ar aghaidh, tá an rialtas anseo ag iarraidh coinneáil cos ar chos le himeachtaí idirnáisiúnta agus an tionchar atá acu ar chúrsaí sa mbaile, agus caithfear a rá nach minic a éiríonn leo.

Tuigeadh dúinn go raibh ardú millteanach le theacht ar chostais leictreachais agus teasa go gairid i ndiaidh thús an chogaidh. Thuig an rialtas go raibh gá le cúnamh éigin. Fógraíodh go raibh €100 le baint de bhillí leictreachais gach teaghlach sa tír – agus go gcuirfí i bhfeidhm an beartas chomh luath agus ab fhéidir. Go tobann, thosaigh lucht an fhreasúra ag casaoid – níorbh leor é, ní thabharfadh éinne faoi deara é, bhí an ráta boilscithe imithe ó smacht.

Cheap an rialtas gur bua éasca a bheadh ann dóibh – airgead saor in aisce ag teacht ón rialtas! Agus é curtha ar fáil do chách! Ach scanraíodh iad go héasca leis – tar éis tamaill bhig, lascaine de €200 a bheadh i gceist. Faoin am gur cuireadh i bhfeidhm é, is beag moladh a tugadh don rialtas, ach is mór é an cáineadh atá déanta orthu.

Is minic cáineadh á dhéanamh ar Stephen Donnelly, atá ina Aire Sláinte ó lár na paindéime. Eisean a dúirt go raibh contúirt ag baint le trampailín agus é á chur i gcomparáid le scaipeadh Covid ar scoil i measc páistí óga. Bheartaigh Donnelly agus an rialtas íocaíocht €1,000 a thabhairt do chách a d’oibrigh sa gcóras sláinte le linn Covid, mar bhronntanas.

Bhí go maith. Ach ansin, ba léir go raibh deacrachtaí lena dháileadh. Thosaigh an gearán ansin – bhí altraí fós ag fanacht ar an íocaíocht agus lagmhisneach orthu. Is cosúil go bhfuil cainteanna fós ar siúl chun an íocaíocht sin a dheimhniú, ach anois tá Tony Holohan, Ronan Glynn agus Paul Reid imithe, nó ag imeacht. An bhfaighidh siad an €1,000 sin?

Cheap Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath go mbeadh cúpla bliain ann sula dtiocfadh an earnáil turasóireachta ar ais chuici féin ó na srianta taistil sláinte. Is léir nár thuig siad go mbeadh fonn taistil ar chách tar éis bliain go leith ag an mbaile – ach ní raibh siad ullamh lena n-aghaidh. Bhí scuainí fada ag an aerfort agus chaill os cionn míle duine a n-eitiltí.

Bhí scéal faoin aerfort ar phríomhleathanach an New York Times – agus clú idirnáisiúnta na tíre millte. “Cuir isteach an t-arm!” a d’éiligh Ryanair. Rinneadh magadh faoi sin i dtús ama – mhínigh an rialtas nach raibh aon ghá leis sin, go raibh cúraimí tábhachtacha ar na Fórsaí Cosanta, go raibh plean á chur le chéile ag údaráis an aerfoirt. Trí seachtaine ina dhiaidh sin, d’imigh cúrsaí taistil ó smacht arís – agus anois, tá an t-arm i mbun traenála le theacht i gcabhair ar fhoireann an aerfoirt. Teip eile?

Ó thús an tsamhraidh, bhí achainí á déanamh ar an rialtas cáinaisnéis éigeandála a fhógairt. Dar leis an bhfreasúra, theastaigh cúnamh go géar ón bpobal agus sin níos túisce ná mí Dheireadh Fómhair. Bhí an tAire Airgeadais Paschal Donohue diongbháilte faoi seo – ní raibh seans ann go ndéanfadh an rialtas port Shinn Féin a dhamhsa.

Níor éirigh le Leo Varadkar, Tánaiste na tíre, guaim a choinneáil air féin agus d’admhaigh sé go ndéanfadh an rialtas beartais bhreise a thabhairt isteach – dá mba ghá iad. An tseachtain seo, tá caint ann go ndéanfar an cháinaisnéis a fhógairt mí Mheán Fómhair … an emergency budget by any other name…

Arís agus arís eile, tá sé soiléir nach bhfuil smacht ag an rialtas ar a dteachtaireacht féin, ar na ranna a bhfuil ceannasaíocht acu orthu, nó fiú orthu féin. Is minic a théann siad siar ar a bhfocal, a ghéilleann siad d’éileamh an fhreasúra, nó go n-athraíonn siad a bport agus iad ina lár. Agus laghdaítear muinín an phobail as an rialtas arís agus arís eile dá bharr.

Fág freagra ar 'Port Shinn Féin a dhamhsa ag an Rialtas'

  • Eoin Ó Murchú

    An ceart ag Eoin maidir leis an gcostas maireachtála. Ach má tá deacracht mhór eacnamaíochta orainn mar gheall ar na smachtbhannaí, smachtbhannaí a dhéanann fíor-bheagan dochar don Rúis, nach amaideach an mhaise é, agus cur i gcéill mór, leanacht leo? Ag gearradh na sróine ar mthaith le díoltas a fhail ar an aghaidh?

  • tomás ó muireadhaigh

    leithscéalta mairth scríobhta san alt sin den ríaltas, b’fhéidir gur chóir a rá nuair a bhíonn smaoineamh maith ag na freashúaí go dtógann an ríaltas iad agus go gcuireann siad i bhféim iad gan aon sochar a thabhairt den freasúra

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá gach rud ina chiar thuhail. Go bhfóire Dia orainn.