Pornagrafaíocht bhia a chuirfidh uisce le do chuid fiacla

Tá tréithe seanchaite ag baint le ‘Burnt’ ach, ar a shon sin, is scéal taitneamhach é le seatanna álainne de bhia a chuirfidh do phutóga ag ithe a chéile

Bradley Cooper

Burnt

Stiúrthóir: John Wells

Cliar: Bradley Cooper, Sienna Miller, Daniel Brühl, Riccardo Scamarcio, Omar Sy, Sam Keeley, Emma Thompson, Uma Thurman, Matthew Rhys, Sarah Greene

Tá dúil mhíchuíosach ag an bpobal féachana i gcláracha cócaireachta i gcónaí agus mar gheall ar an gcostas íseal a bhaineann leo, tá na stáisiúin breá sásta iad a sluaisteáil chugainn le RTÉ agus TG4 chomh maith le duine. In Éirinn tá réalta déanta de leithéidí mhuintir Allen agus Donal Skehan agus táimid tar éis glacadh le múnlaí Éireannacha de Master Chef agus The Great British Bake Off le fonn. (Lena gceart a thabhairt do na cláracha siúd, nílid chomh dofhulaingthe le cuid dá leathbhádóirí in iomaire an réalachais).

Is annamh go n-éiríonn leis an mbia a shlí a ghuailleáil isteach mar théama ar shaothar drámaíochta ar an scáileán mór, áfach. Tosaíonn Ratatouille (2007) agus Julie & Julia (2009) ag ráthaíocht im intinn ar an bpointe, táirgí suaithinseacha, greannmhara. Ar chúis éigin, cuireann an saothar áirithe seo an scannán beochain i gcuimhne dom lena bhéim ar ghradaim, léirmheastóirí agus iomaíocht idir cócairí.

Tá a fhios againn ar fad nach aon áit í an chistin don duine támáilte agus gur breá a oireann an nath cainte Béarla faoi theas na cistine do dhéine na hoibre agus géire na sleaiseanna.

Is neach seanchaite go maith é an cócaire tíoránach, maslach, mífhoighneach, a bhuíochas sin do Gordon Ramsay, b’fhéidir. Go deimhin, taibhsítear dom ag an bpointe seo go bhfuil rian na geamaireachta le feiscint san eiseamláir sin. Má tá aon scannáin le tabhairt faoi théama an bhia agus na cistine proifisiúnta, caithfidh siad a gcuid féin a dhéanamh don eiseamláir sheanchaite seo.

Ar an drochuair, ní dhéantar aon iarracht rómhór éalú ón gcliché sa saothar seo. Dírítear ar chócaire agus Bradley Cooper a bhí i mbarr a mhaitheasa i bPáras roinnt blianta roimh eachtraí an scannáin seo. Bronnadh dhá réalta Michelin air ach chac sé ar na huibheacha sa bhleánach le hól agus drugaí.

I mír áiféiseach ag an tús, taispeántar é ar deoraíocht i Louisiana ag glanadh oisrí. Címid é ag breacadh ina leabhar beag go bhfuil milliún acu curtha de aige; caitheann sé a chaipín leis an bpost agus tugann sé aghaidh ar Londain, mar a ndéanfaidh sé iarracht a cháil a tharrtháil agus an tríú réalta a aimsiú.

Is éard atá sa chuid eile den scannán ná é ag earcú meitheal na cistine, bialann/cistin á gcur ar a mbonnaibh aige agus ag streachailt lena chuid fadhbanna pearsanta féin. Ní nach ionadh, déantar rómánsaíocht a bhrú isteach, cé nach fiú uisce na bprátaí é.

Tá cad é bús faoi réalta Michelin sa saothar agus i radharc ciotach amháin, déanann carachtar tánaisteach iarracht an chos isteach a thabhairt do lucht an aineolais is é ag míniú go bhfuil an duine le réalta amháin cosúil le Luke Skywalker, gurb é macasamhail Obi-Wan Kenobi an duine le dhá cheann agus gur Yoda na gcócairí é an té a aimsíonn trí cinn. Ambaiste!

Tugtar léiriú spleodrach ar imeachtaí na cistine leis an gcócaire ag fógairt ar a ghiollaí, fuadar fé gach n-aon agus bia á raideadh ar luas lasrach chuig na custaiméirí gustalacha. N’fheadar cén uair go deireanach go bhfaca an oiread sin béime ar an mbia féin i dtáirge drámatúil. Pornagrafaíocht bhia atá i míreanna áirithe den scannán agus cuirfidh sé uisce le do chuid fiacla.

Déanann na cinn feadhna Cooper agus Miller a gcúraimí go hábalta cé nach dtugann na rólanna a ndúshlán agus nach fiú an deich triuf an gaol rómánsúil a bhrúitear ar a gcarachtair.

Tá tréithe seanchaite ag baint leis an táirge seo ach, ar a shon sin, is scéal  taitneamhach é le carachtair chaithiseacha agus seatanna álainne de bhia a chuirfidh do phutóga ag ithe a chéile.

Fág freagra ar 'Pornagrafaíocht bhia a chuirfidh uisce le do chuid fiacla'