Poots ag iarraidh go gcomhlíonfaí gealltanais amhail an reachtaíocht Ghaeilge

Deir ceannaire nuathofa an DUP go bhfuil sé meáite ar fáil réidh leis an bPrótacal iarBhreatimeachta ach nach bhfuil ‘aon chuimhneamh faoin spéir’ aige Stormont a chur i mbaol

Poots ag iarraidh go gcomhlíonfaí gealltanais amhail an reachtaíocht Ghaeilge

Tá ráite ag ceannaire nuathofa an DUP Edwin Poots go bhfuil sé ag iarraidh go gcomhlíonfaí gealltanais amhail an reachtaíocht Ghaeilge.

Dúirt Poots nach baol d’Fheidmeannas Stormont fad is a bheidh sé ina cheannaire ar an DUP.

Dúirt Poots go bhfuil sé meáite ar fáil réidh leis an bPrótacal iarBhreatimeachta ach nach raibh aon “chuimhneamh faoin spéir” aige Stormont a chur i mbaol.

Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh go gcomhlíonfaí na gealltanais a rinneadh chun Stormont a athbhunú in 2020.

Tá cás na Gaeilge i lár an aonaigh arís sa Tuaisceart agus ceist na gceart teanga ina húdar easaontais sna hathruithe is déanaí i gcúrsaí polaitíochta.

Níor luaigh Edwin Poots an reachtaíocht teanga le linn a fheachtais don cheannaireacht agus bhí sé ina imní go ngabhfadh  siar ar na gealltanais a tugadh i Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Bhí lucht tacaíochta na reachtaíochta Gaeilge ag súil gur ionann a chiúnas faoin scéal agus comhartha go mbeidh cur chuige níos dearfaí faoin gceist ag Poots dá dtoghfaí ina cheannaire é.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta mar i measc na ngealltanas sa chomhaontú, New Decade, New Approach.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean New Decade, New Approach, tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc stádas oifigiúil don teanga.

Chuirfeadh an pacáiste reachtaíochta atá geallta ar ceal chomh maith ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

I measc na mbeartas eile sa phlean tá dréachtú straitéisí don Ghaeilge agus don Ultais.

Bhí caint ann go bhféadfadh go mbeadh aighneas ann faoin bpróiseas ainmniúcháin chun foireann ceannais nua a cheapadh ar an bhFeidhmeannas ach a bhfágfaidh Arlene Foster.

Bhíothas den tuairim go bhféadfadh Sinn Féin agus an DUP leas a bhaint as an bpróiseas ainmniúcháin mar ábhar margáintíochta chun tairbhe pholaitiúil a bhaint as ceisteanna amhail ceist na Gaeilge.

Dá ndiúltódh ceachtar dream ainmniúchán a dhéanamh, ní fhéadfaí feidhmeannas a bhunú a bheadh ábalta feidhmiú.

Fág freagra ar 'Poots ag iarraidh go gcomhlíonfaí gealltanais amhail an reachtaíocht Ghaeilge'