Polasaí Trump ag coinneáil inimircigh ó dhoras cheana féin

Áirítear go bhfuil tuairim is 10.8 milliún imirceach mídhleachtach i Stáit Aontaithe Mheiricea faoi láthair

Polasaí Trump ag coinneáil inimircigh ó dhoras cheana féin

Thug an t-ionsaí inar maraíodh ochtar agus inar gortaíodh aon duine  dhéag i Nua-Eabhrac an tseachtain seo caite tuilleadh armlóin don Uachtarán Donald Trump sa bhfeachtas atá ar bun aige faoi chúrsaí inimirce.   Tháinig an té a thiomáin veain isteach trí rothaithe agus spaisteoirí, Sayfullo Saipov, isteach sna Stáit Aontaithe as an Úisbéiceastáin in oirthear na hEorpa faoi bhratach an chórais ar a dtugtar ‘Víosaí Schumer’. 

Mar a tharlaíonn sé bhí ceangal láidir idir bhunú an chórais seo agus an feachtas a troideadh ar mhaithe leis na hÉireannaigh i Meiriceá sna 1980dí agus na 1990dí.  Bhí cuimse de mhuintir na hÉireann sna Státaí cheal cártaí oifigiúla oibre ná stádas dleathach sna blianta sin.

Ceapadh an córas a bhain le moltaí an Fheisire Comhdhála, Chuck Schumer as Nua-Eabhrac, tá sé ina Sheanadór don Stát sin anois, le cuidiú le daoine as tíortha a bhí thíos leis an athrú mór a cuireadh a dhlí inimirce Mheiriceá i 1965.   D’fhág an dlí sin gur chaill tíortha na hEorpa an fabhar a bhíodh acu sa gcóras i Meiriceá le céad bliain roimhe sin.   

Bhí víosaí Schumer ar an tríú beartas a raibh lámh mhór ag feachtas na nÉireannach i Meiriceá iontu – viosaí ‘Donnelly’ i 1986 agus víosaí ‘Morrison’ i 1989.   Bunaithe ar chóras crannchuir a bhí víosaí Schumer, mar a bhí an péire eile chomh maith.  Má tarraingíodh d’ainm as an hata, bhí leat.

Níl ciall ar bith le córas inimirce mar seo, arsa an tUachtarán.  Ba cheart gur de réir ábaltachta agus na scileanna a theastaíonn sna Stáit Aontaithe a ligfí daoine isteach chun cónaithe sa tír, a deir sé.

‘A Schumer beauty’ a thug an tUachtarán Trump go tarcaisniúil ar bheartas Chuck Schumer an tseachtain seo.  Go deimhin, tá sé curtha i leith an Uachtaráin gur thriail sé leas polaitiúil a bhaint as pian agus briseadh croí na ndaoine ar rugadh orthu san ionsaí fealltach seo a rinne Saipov (29 bliain d’aois).  D’admhaigh Saipov gur thug an  grúpa ISIS spreagadh dó.

Cé go bhfuil cuid de na pleananna a bhí ag an Uachtarán srian láidir a chur ar dhaoine a bheadh ag teacht as roinnt tíortha Moslamacha stoptha ag na cúirteanna, níl lagan ar bith ar ráitis phoiblí an Uachtaráin faoi  cheist na himirce.  Tá na ráitis seo conspóideach. Tharraing an chaint a rinne sé faoi dhaoine a tugadh isteach go Meiriceá ina ngasúir,  agus atá anois fásta suas, raic air.  Tá 5 mhilliún acu ann.  Na “Dreamers” atá baiste orthu.  Bhí a dtuismitheoirí mídhleathach mar inimirceoirí nuair a tháinig siad lena gclann óg go Meiriceá agus d’fhan an branda sin ar na gasúir.  Ach ba cheart go gcuirfí na gasúir abhaile anois, a deir an tUachtarán.   

Tá go leor imní cothaithe ag an ráiteas sin freisin.  Níl aon bhaile fanta i dtír ar bith eile ag go leor de na ‘dreamers’.

Ar ndóigh, tá a fhios ag an Uachtarán go mbeadh sé geall le bheith dodhéanta 5 mhilliún de “ghasúir na haislinge” a dhíbirt as na Státaí; ach tá údar aige leis an gcaint thréan seo agus leis na bagairtí.

Ar an gcéad iarraidh, tá Trump ag cur amach na teachtaireachta atá ag taitneachtáil lena lucht tacaíochta féin agus tá chuile chosúlacht ar an scéal go bhfuil siad ag fanacht dílis dó.  Lena chois sin, tá an chaint agus an brú ag cur drogall orthu siúd atá ag cuimhneamh ar a dhul go Meiriceá agus fanacht ann gan stádas dleathach.  Ceaptar nach mórán trua a thaispeánfar duit má fhaightear greim ort agus tú mídheathach sna Stáit Aontaithe.

Tá an tÚdarás Inimirce agus Custaim sna Státaí sa tóir faoi  láthair ar dhaoine a dhéanfadh riaradh ar phríosúin phríobháideacha i Chicago, Detroit, St Paul, Salt Lake City agus Texas.   Meastar go mbeadh spás do na mílte eile a ghabhfaí mar chuid den dlí inimirce sna príosúin seo.  Idir an dá linn, tá méadú mór i mbliana ar an méid daoine a bhfuarthas greim orthu agus gan stádas dleachtach acu i Meiriceá.

Idir Eanáir agus tús mhí Mheán Fómhair i mbliana gabhadh os cionn 97,000 faoi théarmaí dlí inimirce Mheiriceá agus sin méadú 43% ar an líon daoine a gabhadh sa tréimhse chéanna anuraidh.   Bhíodh sé ráite nach mbeadh mórán baol ar imircigh mhídhleathacha mura sáróidís an dlí ar chaoi éigin eile.  Ach gabhadh os cionn 28,000 nach raibh coir ná míchneastacht ag baint lena mbealach, ach  amháin nach rabhadar dleathach sa tír, ó thús na bliana seo go dtí mí Mheán an Fhómhair.  Sin beagnach dúbailt ar an bhfigiúr sin ó anuraidh.  Tá an feachtas seo ar bun ar fud na Státaí.  Bhíodh an aird is mó ar theorainn Mheicsiceo sna blianta a caitheadh.  Luíonn sin le réasún ó thaobh na n-údarás de.

Áirítear go bhfuil tuairim is 10.8 milliún imirceach mídhleachtach i Stáit Aontaithe Mheiricea faoi láthair. As Meicsiceo a tháinig os cionn 6 mhilliún, nó 62% díobh, meastar.  Dá bharr sin a shocraigh an tUachtarán Trump gur cheart claí mór a chur ar an teorainn.   Tá ocht gcinn de mhúnlaí den chlaí teorann seo réitithe anois ag comhlachtaí éagsúla agus tá staidéar tosaithe go bhfeicfear cén múnla agus cén plean ab fhearr sa deireadh.  Theastódh na billiúin dollar leis an gclaí teorann a thógáil agus is dóigh go mbeidh sé an-deacair ag Trump an t-airgead a fháil.   Ach tá bagairt an chlaí agus an chaint thréan ag cur bac cheana féin ar imircigh a bheadh ag brath ar éalú aneas as Meicsiceo.   Tá an trácht na ndaoine ar an teorainn laghdaithe.

Cé go bhfuil fuath ag go leor daoine ar an bpolasai géar seo, tá glór Trump ag scaipeadh thar teorainn amach agus ag cur fainic cheana féin ar chuimse daoine a bheadh ag faire ar shaol níos fear sna Stáit Aontaithe. 

Tá Chuck Schumer ar an duine is deireanaí a bhfuil iarraidh faighte aige.

Fág freagra ar 'Polasaí Trump ag coinneáil inimircigh ó dhoras cheana féin'

  • Seosamh

    Úisbéiceastáin ina tír Eorapach? Ní dóigh loom é!

  • Steafáin Ó Maoilriain

    “Cé go bhfuil fuath ag go leor daoine ar an bpolasai géar seo, tá glór Trump ag scaipeadh thar teorainn amach agus ag cur fainic cheana féin ar chuimse daoine a bheadh ag faire ar shaol níos fear sna Stáit Aontaithe.” Cé go bhfuil grá ag go leor daoine ar an bpolasaí Trump seo…agus tá mé duine amhain diobh! Fáilte go SAM, anois – imigí abhaile…

  • Mairtin O Cathain

    An ceart, ar ndoigh ag Seosamh.
    A n Uisbheicistain san Ais.
    Gabh mo leith sceal faoin mbotun.

    Mairtin O Cathain.

  • Pól Réamonn

    Tá Úisbéiceastáin i Lár na hÁise. Turas fada ón Eoraip.

  • Pól Réamonn

    Tá an trácht na ndaoine ar an teorainn ag laghdú mar go bhfuil an aisling ag éirí ina tromluí.

  • Samuel

    Agus céard faoin inimirce agus an tírín bheag seo ar imeallbhord na hEorpa? Tabharfaidh cuimse inimirceach aghaidh uirthi amach anseo d’réir mar a chuirfear dlús leis an mBrexit. Tá siad chugainn ina dtáinte cheana féin agus cuid nach beag acu gurbh fhearr i bhfad uainn iad. Tugaim faoi deara iad sna stártha go minic i limistéir phoiblí… agus airgead an Stáit a cheannaíomn an deoch dóibh. A bhformhór mór is dream tionscalach iad ach is é an drámhaíl sin a tharraingeoidh drochcháil orthu trí chéile.