Polasaí Gaeilge an Rialtais cáinte ag Goan

'Arb é a fhágfas an Taoiseach mar oidhreacht gur leor an beagán?' - Cathal Goan

Cathal Goan ag seoladh Tuairisc.ie aréir. Pictiúr: Sean Ó Mainnín
Cathal Goan ag seoladh Tuairisc.ie aréir. Pictiúr: Sean Ó Mainnín

Rinne Cathal Goan, iar-cheannasaí TG4 agus RTÉ, cáineadh láidir aréir ar pholasaí Gaeilge an Rialtais.

Agus Tuairisc.ie á sheoladh go hoifigiúil aige i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath thagair Goan don teachtaireacht a bhí le baint as cinneadh an Taoisigh Enda Kenny an Teachta Joe McHugh a bhí ar bheagán Gaeilge, a cheapadh ina Aire Stáit don Ghaeltacht. 

“Arb é a fhágfas sé mar oidhreacht mar sin gur leor an beagán anois agus nach gá níos mó ach amháin nuair atáthar ag iarraidh a léiriú gur mó agus gur fearr an Ghaeilge atá agatsa ná mar tá ag Gerry Adams.

“Bímís ag súil go mbeidh Tuairisc.ie ag faire go géar ní amháin ar Aire Stáit an bheagáin ach ar an rialtas ar fad agus iad ar a ndícheall ag iarraidh fanacht i gcumhacht i 2016 tráth a mbeidh siombail á lorg ag gach croisbhealach sa tír chun a chruthú cé acu againn is Gaelaí agus  is Éireannaí,” a dúirt an tUasal Goan

Dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie, Seán Tadhg Ó Gairbhí, go raibh sé beartaithe ag Tuairisc.ie seirbhís nuálaíoch, spreagúil a sholáthar a dhéanfadh tuairisciú cothrom agus anailís mhacánta ar scéalta náisiúnta, idirnáisiúnta, Gaeilge agus Gaeltachta.

“Tá sé i gceist nuacht, eolas, tuairimíocht agus siamsaíocht ar archaighdeán a chur ar fáil. Ní dhéanfaimid aon leathscéal faoi gur seirbhís do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá á soláthar againn, ná gurb iad siúd ar cainteoirí laethúla Gaeilge iad an croíphobal atá againn. Ar deireadh thiar, is ann dúinn chun scéal ár bpobail féin a insint inár dteanga féin,” a dúirt sé.

Roghnaíodh Tuairisc.ie leis an tseribhís nua a sholáthar ar chonradh ceithre bliana le tacaíocht airgid ó Fhoras na Gaeilge tar éis proiséas tairisceana poiblí.

D’fháiltigh Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge roimh fhoilisú Tuairisc.ie:

“Tá sé tábhachtach go bhfuil rochtain éasca ag pobal léitheoireachta na Gaeilge ar ábhar nuachta agus go mbeidh scoth na hiriseoireachta scríofa Gaeilge á chur i láthair phobal na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear, ar bhonn níos éifeachtaí agus níos nua-aimseartha,” a dúirt sé.