‘Polasaí ceadúnais oibre d’inimircigh in oiriúint don mhargadh’ – ESRI

Ar na ceadúnais a eisíodh i 2014, bronnadh 70% acu ar ghairmithe, 43% ar dhaoine atá ag obair in earnáil na teicneolaíochta faisnéise, agus 25% orthu siúd atá ag obair san earnáil sláinte

executive-844143_1920

Léiríonn tuarascáil nua atá foilsithe ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) go bhfuil ceadúnais oibre á gcur ar fáil d’inimircigh de réir mar a bhíonn gá le hoibrithe in earnálacha ar leith.

Déantar scagadh sa tuarascáil nua ar a oiread a bhíonn tionchar ag margadh oibre na hÉireann ar na polasaithe a leagtar síos i dtaca le hinimircigh. Deirtear sa tuarascáil go bhfuil ceangal díreach idir Aonad Taighde Margaíochta agus Scileanna na heagraíochta SOLAS agus an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, agus go bhfuil an dá dhream sin ag obair as lámha a chéile ar bhonn níos foirmeálta le tamall de bhlianta anuas.

Ar an mórgóir, ní thugtar ceadúnas oibre do dhuine ach amháin má bhíonn gá leis toisc bearna a bheith sa mhargadh a bhaineann le hábhar. Tá ceadúnais dreasaithe ar fáil d’oibrithe a bhfuil scileanna acu a theastaíonn chun go n-éireodh leis an ngeilleagar.

Léiríonn anailís atá déanta san Aontas Eorpach go bhfuil Éire chun cinn ar fhormhór na mballstát san AE ó thaobh ceangal a dhéanamh idir cumas daoine agus polasaithe maidir le hinimircigh.

Deirtear sa tuarascáil nua, dar teideal Determining Labour and Skills Shortages and the Need for Labour Migration in Ireland, go bhfuil méadú 42% tagtha ar an méid ceadúnas a tugadh d’oibrithe nach as tíortha san Aontas Eorpach iad sa bhliain 2014, seachas mar a tugadh i 2013.

Beagán níos lú ná 5,500 ceadúnas oibre a tugadh d’oibrithe nach as tíortha san Aontas Eorpach iad i 2014.

B’as an Ind 30% le lucht a bhfaighte sin. B’as Stáit Aontaithe Mheiriceá 13% díobh agus b’as an bPacastáin 9% díobh.

Ar na ceadúnais a eisíodh i 2014, bronnadh 70% acu ar ghairmithe, 43% ar dhaoine atá ag obair in earnáil na teicneolaíochta faisnéise; agus 25% orthu siúd atá ag obair san earnáil sláinte.

Ag caint faoin méid a tháinig chun solais sa tuarascáil, dúirt a húdar, Emma Quinn:

“While up-skilling the resident population is the priority, non-EU migration can allow for a quick response to emerging skill shortages and provide an ongoing supply of skilled workers where the number of graduates remains too low.

“Ireland has taken an innovative, incremental approach to identifying skills and labour shortages. This study shows that the employment permits system is now well linked to such information as it emerges,” a dúirt sí.

Dúirt sí freisin go bhfuil tábhacht ag baint le córas na gceadúnas oibre a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh de réir mar a thagann feabhas ar chúrsaí geilleagair.

“The responsiveness of the employment permits system to labour market intelligence is becoming increasingly important as the economy continues to improve and labour market shortages are more widespread,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Polasaí ceadúnais oibre d’inimircigh in oiriúint don mhargadh’ – ESRI'