Bhí sé céad bliain Dé Domhnaigh seo caite ó rugadh an polaiteoir Donncha Ó Máille. Ní heol dom gur eagraíodh ócáid amháin cuimhneacháin air an lá sin. Is trua nár eagraíodh mar fear a bhí ann a chuir comaoin mhór ar mhuintir na Éireann.
Níor bhac sé leis na gnáthrúibricí nuair a d’fhógair sé sa mbliain 1966 go mbeadh oideachas meánscoile le fáil saor in aisce feasta ag daltaí na hÉireann.
Amach óna chroí a rinne sé an gníomh fiúntach. Go deimhin bhí amhras ann ar phléigh sé lena chomh-airí roimh ré é beag ná mór. Deirtear ceart go leor gur chuir sé an Taoiseach Seán Lemass ar an eolas.
Ag seimineár de chuid Cheardchumann na nIriseoirí i nDún Laoghaire a rinne sé an fógra oifigiúil.
Chuir sé sin na maorlathaithe airgeadais le báiní. Bhí T. K. Whittaker ar dhuine acu.
Bhí beagán cainte déanta faoin saoroideachas sa saol polaitíochta roimhe sin ach ní dhearnadh beart den bhriathar. Bhí sé ina pholasaí ag Clann na Poblachta sula ndeachaigh siad sa gcomhrialtas sa mbliain 1948 ach lig siad an scéal i ndearmad ansin.
Bhí dearmad déanta freisin ar an ngealltanas a tugadh sa mBunreacht faoi chomhchearta agus faoi chomhdheiseanna.
Chuir Aire Oideachais de chuid Fhianna Fáil Tomás Ó Deirg roimhe meánoideachas in aisce a sholáthar sa nGaeltacht lena linn ach deirtear liom gur chuir na heaspaig ina aghaidh.
Ní heol dom cén réasún a bhí acu leis.
B’fhéidir go gcuirfeadh léitheoir eicínt ar an eolas muid.
An bhfuil tú ansin a Shéamais De Barra?
B’iontach go deo an t-athrú a chuir dúnghaois an Mháilligh ar an tír. Mura raibh airgead ag do mhuintir roimhe sin, nó mura bhfuair tú scoláireacht, tháinig deireadh le do chuid oideachais tar éis na bunscoile.
Dúirt Donncha Ó Máille féin go raibh 17,000 dalta ag críochnú a gcuid oideachais sa mbunscoil.
Bhí Joe Duffy as RTÉ ag cur síos uair amháin ar an athrú a chuir an saoroideachas ar a shaol siúd.
Sa mbliain dheireanach sa mbunscoil a bhí sé ag an am. Ní bheadh deis ar bith aige freastal ar mheánscoil mura bhfaigheadh sé scoláireacht.
Ach ansin tháinig an dea-scéala.
‘D’athraigh sé sin cúrsaí ar fad,’ a dúirt Joe.
‘Ba mise an chéad duine sa gclann seo againne a rinne an mheánteist, gan trácht ar am ardteist.’
‘Is iontach go deo an tionchar síceolaíoch a bhí ag an saoroideachas ar phobail mar sinne, muintir Bhaile Formaid,’ ar seisean
I mo chás féin bhí cúpla bliain meánoideachais faighte agam sula dtáinig an dlí nua isteach. Beidh mé buíoch go deo de Shiúracha na Trócaire a bhí i gceannas ar Mheánscoil Sheosaimh i gCarna.
Bíodh mé buíoch freisin do na teagascóirí Protastúnacha a bhí sa bparóiste seo i bhfad roimhe sin aríst. Murach faitíos na heaglaise Caitlicí rompu ní bheadh na mná rialta i gCarna ar chor ar bith.
Tháinig méadú as cuimse ar líon na ndaltaí sna meánscoileanna de bharr dhlí an Mháilligh. Thuig sé ansin go dteastódh deis iompair uathu agus thug sé isteach an saorthaisteal scoile.
Níorbh fhada go raibh na busanna ag déanamh a mbealaigh go dtí meánscoileanna na tíre. 4.8 ciliméadar a chaithfeá a bheith ón meánscoil le go mbeifeá i dteideal taisteal ar cheann acu.
Polaiteoir misniúil fadbhreathnaitheach mar an Máilleach a theastódh anois le hoideachas ollscoile in aisce a chur ar fáil. Tá na mílte ag dul tríd an gcóras ollscolaíochta ach fágtar daoine ar deireadh i gcónaí de bharr easpa gustail a muintire.
Tá fadhbanna móra eile le réiteach sa tír freisin sula bhféadfar a rá gur pobal comhdheise atá againn.
Cá bhfuil an tAire a fhógróidh scéim mhór tógáil tithe, mar shampla?
Cá bhfuil an té a chuirfeas córas sláinte poiblí ar fáil do chuile dhuine?
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar Sheosamh Ó Cuaig:
Ní raibh mise ach beagnach 3 bliana go leith d’aois nuair a cailleadh Tomás Ó Deirg sa bhliain 1956, an bhliain ar aistrigh mo mhuintirse, agus triúr clainne leo, ó Chathair Luimnigh go Cathair Bhaile Átha Cliath. I mBaile Átha Cliath a saolaíodh an bheirt is óige den mhuirear.
Ní raibh meánoideachas le fáil ag cuid mhaith de mhuintir na hÉireann nuair a mhol an tAire Oideachais, Tomás Ó Deirg, go mbeadh sé ar fáil saor in aisce ag muintir na Gaeltachta. Cé go raibh tacaíocht le hathbheochan na Gaeilge nuair a cuireadh Saorstát Éireann ar bun in 1922, thráigh ar an tacaíocht sin i gcaitheamh na mblianta. Mar gheall ar an imirce ollmhór as an tír, thráigh ar an muinín a bhí ag an–chuid daoine as Saorstát Éireann, agus as Poblacht na hÉireann, go dtí gur mheas daoine go leor i mblianta 1950, gurbh fhearr do na 26 Chontae, mura mbainfí amach saoirse ó Shasana riamh. D’éirigh cuid mhaith daoine bréan d’idirdhealú a dhéanamh ar son mhuintir na Gaeltachta ar bhonn teanga.
Is cuimhin liom comhrá a bheith agam le fear aitheantais i dteach tábhairne, ábhar blianta ó shin, inar tharraing mo dhuine anuas bunú na nua–Ghaeltachtaí i gCo. na Mí. Ba léir dom féin tar éis tamaill gurbh éagórach le mo dhuine go dtabharfaí talamh de chuid an chontae sin do dhaoine nach ón gcontae iad, ach nach dtabharfaí talamh ar bith do ghnáthmhuintir bhocht Cho. na Mí.
Cé go raibh cuid de na hEaspaig Chaitliceacha báúil leis an nGaeilge, agus le cur chun cinn na Gaeilge, bhí a thuilleadh a chreid gurbh fhearr do mhuintir na hÉireann iompú ar an mBéarla ar fad, agus nach mbeidís ach beo bocht go deo, dá leanfaí de bheith ag tabhairt na tábhachta don Ghaeilge sa Stát, a bhíothas a thabhairt di. Scanraigh cuid acu, nuair a fuair siad amach nach raibh a ndóthain Béarla ag cuid de na himircigh ón nGaeltacht chun leanúint de chleachtadh a gcreidimh i gceart i Sasana, ná sna Stáit Aontaithe. Ní thuirsíonn Seosamh de bheith ag meabhrú ar na meáin chumarsáide dúinne nach bhfuil ach mionlach ag tógáil a gclainne le Gaeilge i nGaeltacht an lae inniu. Tá na milliúin punt agus euro caite leis an nGaeltacht ó bunaíodh an Saorstát in 1922. Dar le naimhde na Gaeilge, is amhlaidh atáthar ag brú teanga mharbh ar leanaí an Stáit, agus go bhfuil sin ag déanamh díobhála do na leanaí sin i gcúrsaí oideachais, agus ó thaobh síceolaíochta de.
Nuair a thug mise le fios do mo mhuintir in 1970 go raibh sé i gceist agam Gaeilge agus Spáinnis a staidéar ar an Ollscoil, chuir mo mháthair go láidir i gcoinne Gaeilge a staidéar: ba mhór an cur amú aimsire agus airgid é, dar léise. Is amhlaidh a thathantaigh sí orm an teicneolaíocht a staidéar. Ní dhearna mise comhairle mo mháthar. Ach níor chuir m’athair i gcoinne mé a staidéar na Gaeilge. Gaeilgeoirí dúchais ba ea seanmhuintir mo mháthar; agus is dócha gur Gaeilgeoirí leathdhúchais ba ea muintir mo mháthar –– máthair mo mháthar, ach go háirithe, ar a raibh d’amhráin Ghaeilge ag máthair mo mháthar. Ó Pharóiste na Snadhma sa taobh theas de Cho. Chiarraí ba ea mo mháthair.
As Béarla a bhí amhráin mhóra na Gaeilge ag máthair m’athar, rud a thabharfadh le fios, b’fhéidir, gur Gaeilgeoirí dúchais ba ea glúin mháthair máthar m’athar, nó an ghlúin roimpi siúd arís. Cuir i gcás, bhí an t–amhrán, Ned of the Hill, ag máthair m’athar, i.e. ‘Éamann an Chnoic’. Ón gCreatalach, i gCo. an Chláir, sé mhíle siar ó Chathair Luimnigh, ba ea máthair m’athar. Athair Ghearóid Uí Thuathaigh, Ollamh Emeritus le Stair, a mhúin a dhóthain Gaeilge do m’athairse chun go mbainfeadh m’athair post sa Státseirbhís amach. D’inis m’athair domsa gur ‘baile garastúin’ ba ea Cathair Luimnigh le linn a óigesean. Meas daoine corra a bhí ar dhaoine a bhí ag plé leis an gceol Gaelach sa chathair sin –– na Keanes agus na Smalls, abair. Dhéanadh m’athair amach, idir mhagadh agus dáiríre, go raibh gaol againne le Donnchadh Ruadh Mac Con Mara. De Mhuintir Mhic Con Mara ba ea máthair máthar m’athar. Is le Donnchadh an líne seo filíochta: ‘insa gCreatalaigh mar a gcleachtaid mo ghaolta.’ Rinne mé féin amach sa bhliain 1989 gur mac do Dhonnchadh ba ea Brian ‘Merríman’ Mac Con Mara, údar Chúirt an Mheon–Oíche.
Ó Chathair Luimnigh ba ea Donogh O’Malley leis. Is duine é O’Malley a raibh teann ar a chúlaibh. Ba iad Íosánaigh Choláiste Mhungairit agus Choláiste Choill Chluana Gabhann a chuir oideachas air. Mac dearthár do Donogh is ea Dessie O’Malley. D’inis Jim, deartháir do m’athairse domsa, go raibh máthair Dessie ar an slua a bhailigh ar thaobh na sráide chun a bheith ag faíreach faoi na daoine a d’éirigh amach i gCathair Luimnigh sa bhliain 1916, daoine ar ghabh Arm Shasana iad, nuair a mháirseáil Arm Shasana na cimí seo trí shráideanna na cathrach. Give them the rope, an gháir a bhí ag an ngramaisc Seoiníní i gCathair Luimnigh an lá úd.
Is é an eagla a bhí ar Easpaig Chaitliceacha na tíre roimh scéim O’Malley, dar liom, gur faoin Stát a bheadh an t–oideachas ar fad ar ball, agus gurbh iad máistrí O’Malley, i gcúrsaí airgid, a déarfadh cé na hábhair a theagascfaí d’óige na tíre. Tháinig an tuar faoin tairngreacht! Tá lucht oideachais an–tugtha do theoiricí oideachais. Ach a oiread leis na teoiricí síceolaíochta, ní mhaireann an gnáthcheann ach leathbhliain ar an nádúr –– ach leanann lucht oideachais in Éirinn díobh i bhfad tar éis do thíortha eile diúltú dóibh. Mar a deir an Béarla: ‘Tá daoine nach bhfuil an cheird acu a théann ag múineadh. Ach a dteipeann orthu daltaí a mhúineadh, téann siad ag múineadh múinteoirí!’
Rinneadh éagóir ar son na Gaeilge ó bunaíodh an Stát. Sin ceann de na cúiseanna a bhfuil a oiread fuatha don Ghaeilge ag daoine. Agus mise ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim sa Ghaeltacht, bhí, agus tá, Gaeilgeoirí dúchais go leor sásta a gcuid Gaeilge a roinnt liom, ach bhí mionlach ann arbh é a dtuairim gur ag goid na Gaeilge uathu a bhí mise, go mbainfinnse slí bheatha as an nGaeilge, nuair a chaith a lán dá muintir féin dul ar imirce. Mheabhraigh mé d’fhear den mhionlach seo, babhta, gurbh éigean don deartháir is sine agamsa dul ar imirce chun na Stát Aontaithe chun go bhfaigheadh sé post, chun a shástachta, mar léachtóir Matamaitice, ó bhí an Coláiste Oiliúna a raibh seisean ag obair air chun dúnadh faoi cheann bliana [1988] –– agus nach raibh aon bhaint ag imirce an dearthár sin, le Gaeilge a bheith, nó gan a bheith aige. Tá tamaill tugtha agamsa sa Spáinn ag iarraidh Spáinnis a fhoghlaim. Níor chuir Spáinneach ar bith i mo leithse riamh gur ag goid na Spáinnise uaidh féin a bhí mé. Is mó an Spáinnis a d’fhoghlaimeodh duine i gcaitheamh seachtaine sa Spáinn, ná a d’fhoghlaimeodh an duine sin i gcaitheamh ráithe i nGaeltacht ar bith –– ar a scáinteacht atá pobal na Gaeltachta lenár linn–ne.
Ach bíonn dhá thaobh ar an mbileog. Agus is é an taobh eile ar fhuath a bheith ag Éireannaigh don Ghaeilge, gur fuath dóibh féin is ciontach leis, an rud a dtugann síceolaithe self–hate, nó rage, as Béarla air. Mar a chuir Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin é:
Ní hí an ainnise is measa linn, ná bheith thíos go deo,
Ach an tarcaisne a leanann í, ná leighisfidh na leoin.
Is beag aontas eatarthu féin, a bhí idir na Sean–Ghaeil, ná idir na Gaill Ghaelacha in Éirinn, go dtí gur aontaigh an dá dhream le chéile ar son an Chreidimh Chaitlicigh, aimsir Éirithe amach na nDeasumhnach sa 16ú céad. Buadh ar lucht na nÉirithe Amach, agus rinneadh cinedhíothú forleitheadach orthu. Cuid díobh siúd a tháinig slán, ghéill siad do na Sasanaigh. Agus cuid de lucht na nÉirithe Amach, rinne siad feall ar a chéile. Sean–spaidhteanna feamainne, ní foláir, i gcásanna áirithe! Déantar trácht air sin sa Chéad Leabhar de Phairlement Chloinne Tomáis. Is amhlaidh a Ghalldaigh an tAthrú Creidimh an uasaicme Ghaelach. 3 nó 4 d’fhaicsin a bhí ar thaobh na ‘gCaitliceach’ aimsir Chomhdháil Chill Chainnigh. Ó 1641 go dtí 1652, díothaíodh trian de ghnáthmhuintir na tíre, dar le Sir William Petty. De dheasca Bhliain an tSeaca Mhóir 1740, agus Bhliain an Ghorta Mhóir 1741, laghdaíodh chomh mór sin ar phobal labhartha na Gaeilge, sa chás, nuair a tháinig na daoine chucu féin ó thaobh déanamh clainne faoin mbliain 1751, gurbh iad an ghlúin a saolaíodh an bhliain sin an chéad ghlúin, ó tosaíodh ar an nGaeilge a labhairt in Éirinn, arbh é an Béarla an chéad teanga ag a bhformhór. Faoi aimsir Pharlaimint Ghrattan, ní raibh ina gCaitlicigh ach beirt as gach triúr. Áirítear gur móramh ba ea an pobal Gaelach arís faoi 1841, blianta roimh Bhliain an Drochshaoil, 1847 –– ainneoin an Ghaeilge a bheith bailithe léi as an taobh thoir den tír, cuid mhaith. Meastar gur ina nGaeilgeoirí dúchais a bhí suas le 5,000,000 de mhuintir na tíre faoin mbliain 1845 –– is é sin, 5,000,000 as 8,500,000. Mar a deirtear ar Raidió na Gaeltachta: ‘tá a fhios agaibh féin an chuid eile.’
Is mór agamsa an Ghaeilge. Ní chreidim go mbeidh tuiscint ag muintir na hÉireann go deo orthu féin, ar a stair, idir olc is mhaith, ná ar a n–oidhreacht, mura dtoilíonn siad, ar feadh a ndíchill, leis an nGaeilge a choinneáil beo mar theanga pobail; agus le hí a thabhairt do na leanaí atá anois ann, agus do na glúine atá le teacht.
Is gabhlánach an t–ábhar í. Ach ní rás go deo é. Is mó an mhuinín, ar shlite, atá ag muintir na hÉireann inniu astu féin, ná a bhí ag glúin ar bith romhainne. Beannacht Dé le hanamacha na marbh!
The One True Faith?
Maith sibh a Shéamuisí as ceacht staire a mhúineadh dúinn. Ní chuireann sé íontas ar bith orm go mbeadh an Eaglais Chaitlicieach in aghaidh saoroideachas don Ghaeltacht ar dhá cúis. Is é an tuiscint a bhí ag Caitlicigh mheasúla ó 1800 ar aghaidh ná gur bronnadh Béarla ar mhuintir na hÉireann chun “the one true faith” mar dhea a chothú ar fud impireacht na Breataine. Rinne an Eaglais Chaitliceach sa Róimh socrú leis na Sasanaigh sna 1790daí nach mbeadh an Ghaeilge i gceist sa choláiste eaglasta Maynooth College.
Bhí fhios ag Donagh O’Malley go mbeadh air an saoroideachas a fhógairt mar fait accompl agus Archbishop Charles Mc Quaid ina thíoránach ar an stáitín lofa ag an am.
An teanga bheo
Laoch ar Leith a bhi ann
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar údar ‘The One True Faith?’
Glacaimse leis nach é Seosamh Ó Cuaig údar an fhreagra ‘The One True Faith?’. Is do scéim mheánoideachais Donogh O’Malley a bhí Seosamh ag tagairt.
Ní rud nua i stair na hÉireann an iarracht ar an mBéarla a chur siar i mbéal Chaitlicigh Ghaelacha na tíre. Sacsain Chaitliceacha na hÉireann i ndeireadh an 16ú céad, ní raibh ach togha drochmheasa ar na Sean–Ghaeil, agus ar lucht labhartha na Gaeilge, acu. Formhór na gcliarscoileanna sa Spáinn ag Caitlicigh na hÉireann, ó dheireadh an 16ú céad go dtí tosach an 19ú céad, d’éirigh le Caitlicigh Ghallda na hÉireann iad a ghabháil chucu féin. Ba iad Íosánaigh Ghallda na hÉireann a bhí i gceannas a lán acu. Caitlicigh Ghallda na hÉireann, d’éirigh leo an tAth. Conchubhar Mac Con Charraige, Íosánach, abair, a ruaigeadh as Reachtaireacht Choláiste na nÉireannach i Liospóin in 1620. Ba é an áit arbh as an tAth. Mac Con Charraige, as Loch Boilgín [sa taobh thiar thuaidh de bhaile fearainn an Tuair Mhóir inniu, i bParóiste Chill Tórachta, i mBarúntacht Chorca Mrua] sa taobh thiar thuaidh den Chlár. Bhí Gaeilge á labhairt in áit dhúchais an Ath. Mac Con Charraige isteach san 20ú céad.
Údar Irish Jansenists 1600–70 (Baile Átha Cliath 2008), an Dr Oirmh. Thomas O’Connor, eachtraíonn sé go raibh Caitlicigh na hÉireann, idir Shean–Ghaeil agus Shacsain, i ndeireadh an 16ú céad, agus sa chéad leath den 17ú céad, an–bháúil leis an mBáiánachas, agus le comharba an Bháiánachais, an Jansenachas. Is é an míniú a bhí ag an gCanónach Ronald Knox ar an Jansenachas: ‘Cailvíneachas fara Sacraimintí’. Anglacánach ba ea Knox ó thús, ach d’iompaigh sé ina Chaitliceach.
Bhí aon eisceacht amháin ann i measc Chaitlicigh na hÉireann: Íosánaigh na hÉireann, bhí siad an–mhór i gcoinne an Jansenachais. Tarlaíonn gur ar son an Jansenachais a bhí formhór Chaitlicigh Shasana. Bhí an dearg–ghráin ag formhór Chaitlicigh Shasana ar Íosánaigh Shasana. Ní hamháin gur i gcoinne an Jansenachais a bhí Íosánaigh Shasana, ach ní raibh siad ag iarraidh géilleadh do Mhonarc Protastúnach Shasana ach a oiread. Níor mhar sin d’Íosánaigh Ghallda na hÉireann, áfach. Is ea’n a bhí siad seo an–mhór ar son teacht ar chomhghéilleadh le Monarc Protastúnach Shasana. Ní féidir Galldú na hÉireann a thuiscint i gceart, mura dtuigtear an méid sin. Bhí tráth ann a raibh Caitlicigh Ghallda na hÉireann ag iarraidh a bheith ina gcinn feadhain ar Chaitlicigh ‘Inse Breatan’ trí chéile. Is dearbhchomhartha é sin ar a Ghallda a bhí Caitlicigh Ghallda na hÉireann.
Ba iad cathracha agus bailte móra na hÉireann, dúnbhailte an Bhéarla sa 16ú céad ––cathracha agus bailte móra an taoibh thoir den tír, agus Cathair na Gaillimhe go háirithe. Cathracha agus bailte móra na Mumhan, ba iad, ar an gcóir chéanna, dúnbhailte an Bhéarla sa Mhumhain iad, agus bhí siad go dubh i gcoinne na nDeasumhnach, le linn Éirithe Amach na nDeasumhnach. An argóint ag údar anaithnid ‘The One True Faith?’, chuala mise cheana í ag diagaire mór le rá, fear a thug na blianta ag obair ar Choláiste Pádraig Mhaigh Nuad, an Moinsíneoir Patrick ‘Frankie’ Cremin, ó Neidín i gCo. Chiarraí. Bhí blas chomh Gaelach ar Bhéarla an Mhoinsíneora Cremin, gurbh fhearr do dhuine a chuid cainte a aistriú go Gaeilge, dá mb’áil leis caint an Mhoinsíneora a thuiscint i gceart! Fear aitheantais dom féin, trócaire air, a thug na blianta ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, rinne sé cúrsa ar dhlí na mara na blianta ó shin. Ba é Con Cremin, taidhleoir mór le rá, agus deartháir don Mhoinsíneoir, a thug an cúrsa. D’inis an fear aitheantais sin domsa nár thuig sé focal ó Chon Cremin, bhí canúint chomh leathan sin ar Bhéarla an taidhleora! Ar aon chuma, dá mba é an plean a bhí ag Caitlicigh mheasúla na hÉireann, an Creideamh Caitliceach a leathadh ar fud Impireacht na Breataine, tríd an mBéarla, níl éirithe leis. Níl ach mionlach beag de shliocht na nÉireannach i dtíortha an Bhéarla inniu ag cleachtadh an Chreidimh Chaitlicigh, agus tá sleaidí déanta de na hOllscoileanna ‘Caitliceacha’ sna Stáit Aontaithe ag na Gael–Mheiriceánaigh ‘Chaitliceacha’ ansiúd. Níl ach 6 ollscoil sna Stáit Aontaithe ar fad a thuilleann ‘ollscoileanna Caitliceacha’ a thabhairt inniu orthu. Is ag na hÉireannaigh a bhí riar na hEaglaise Caitlicí sna Stáit Aontaithe sa 19ú céad, agus ar feadh na chéad leatha den 20ú céad, agus d’éirigh leo an ruaig a chur amach as an Eaglais Chaitliceach, cuir i gcás, ar na Caitlicigh Rúitéiniacha de chuid an Ríotais Bhiosántaigh. Is é rud a bhí na hEaspaig ó Éirinn d’iarraidh a dhéanamh: tabhairt ar na Caitlicigh Rúitéiniacha gabháil leis an Ríotas Laidneach. Bhí an Dr John Ireland ar thús cadhnaíochta na drochoibre seo. Nuair nach dtabharfaí aitheantas don Ríotas Biosántach acu, is ea’n a ghabh na Caitlicigh Rúitéiniacha le hEaglais Cheartchreidmheach an Oirthir. Is é an leasainm atá ó shin i Meiriceá ar an Dr Ireland, the Father of the Orthodox Church in America. Seosamh Ó Cuaig féin, rinne sé clár faisnéise an–inspéise ar an Dr John Ireland, fear a chaith go dona le cuid de mhuintir Chonamara a mheall sé chun cur fúthu in Montana, sna Stáit Aontaithe. Bhí a oiread glactha ag an Dr Ireland leis an earráid a dtugtar Americanism uirthi, gurbh éigean don Phápa Leon XIII imlitir a eisiúint ina coinne, Testem benevolentiae nostrae (1899). Ba é bun agus barr an Americanism, go raibh cuid den Chliarlathas Caitliceach ag tathant ar na tuataí maolú anuas an–mhór ar ghnéithe poiblí den Chreideamh Caitliceach, chun nach mbeidís ag dul ar na néaróga ag na WASPs [na White Anglo–Saxon Protestants]. Chun a cheart a thabhairt don Dr Ireland, rinne sé iarracht a gceart a thabhairt do na Caitlicigh den chine gorm.
Is iad na Gael–Mheiriceánaigh an dream is gustalaí i Meiriceá le tamall; is gustalaí iad ná na Giúdaigh! Ach le linn do na Gael–Mheiriceánaigh seo a bheith á sú isteach i mórphobal Mheiriceá, thug siad suas, a bheag nó a mhór, an Creideamh Caitliceach, an t–aon chomhartha amháin aitheantais orthu a bhí fágtha acu. Ábhar magaidh is ea Caitliceachas Joe Biden, mar ba ea Caitliceachas John F. Kennedy –– i dtosach a ghreise dó seo, ach go háirithe. Ach, ar a laghad, rinne Kennedy iarracht ar scaradh leis an Stát Domhain, agus nuair a rinne, ba é breith an bháis a thug siad air –– go ndéana Dia trócaire ar a anam.
Maidir le Cliarscoil Mhaigh Nuad de, rinne Tomás Cairdinéal Ó Fiaich amach, trócaire air, gur Gaeilgeoirí dúchais ba ea 25% d’ábhair sagart Chliarscoil Mhaigh Nuad faoin mbliain 1900. Ní mar a shíltear a bhítear; ní mar a bheartaítear, ach mar a chinntítear. Níl an ceart ag údar ‘The One True Faith?’ Bhí an Ghaeilge á múineadh ar Chliarscoil Mhaigh Nuad sa 19ú céad. Bhí baint ag na sagairt seo a leanas le Cliarscoil Mhaigh Nuad; an tAth. Peadair Ua Laoghaire, an tAth. Micheál Ó hÍcí, an tAth. Eoghan Ó Gramhnaigh, an tAth. Donnchadh Ó Floinn, an tOllamh Oirmh. Pádraig Ó Fiannachta dar ndóigh, agus chuaigh gach uile dhuine acu i gcion go mór ar shaol na Gaeilge lena linn.
Thug toicithe móra mheánaicme na hÉireann an Creideamh Caitliceach suas sa deireadh. Ní maith le toicithe móra in áit ar bith go gcaithfidís géilleadh d’údarás ar bith, ach dá leas saolta geilleagrach féin amháin. Níorbh iad muintir na Gaeltachta an t–aon chuid amháin de phobal na hÉireann a raibh sé de dhualgas ar Chliarlathas Caitliceach na hÉireann freastal orthu.
Is é an ceacht atá le baint as an stair gur beart neamhthairbheach is ea a bheith ag iarraidh Caitlicigh na hÉireann, agus Gaeil na hÉireann, ‘a shocrú le haon bharúil amháin’ mar a déarfadh ‘Máire’ [Séamus Ó Grianna]. Mar a dúirt Tomás Ó Criomhthain le mac iníne dó, Pádraig Ua Maoileoin: ‘mura bhfuil an stair agat, níl faic agat.’ Éirímis as a bheith ag iarraidh idé–eolaíocht ‘vócáilte’ an lae inniu a chur i gcion ar an stair, idé–eolaíocht nach bhfuil inti in Éirinn, ach athabláil gan díleá ar ‘Shóisialachas’ Shasana i mblianta 1960 agus 1970. Is é rud atá san idé–eolaíocht úd: coilíniú meoin, cad eile? Ní leor an geocachas tráthúil chun réimsí doimhne teanga ar bith a shaothrú.
Seosamh Ó Cuaig
Ní mé “The One True Faith” a Shéamais. Is é an trua nach gcuirfeadh daoine a n-ainm leis na tagairtí seo. Cén scáth nó náire atá orthu meastú?
Séamas de Barra
Dia leat a Sheosaimh.
Tá tráchtas máistreachta ar líne le Seán Ó Dubhlaing dar teideal, ‘Donogh O’Malley and the Free Post Primary Education Scheme (Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad: Iúil 1997). Is iad na tátail a bhaineann Mac Uí Dhubhlaing as na heolaistí atá saothraithe le chéile aige: gur thairbhigh scéim O’Malley an mheánaicme ghustalach a bhí ag díol as iar–bhunoideachas a gclainne féin, faoi mar a bhí; gur thairbhigh sé an íos–mheánaicme –– an aicme ar díobh mise go bunúsach; ach nár thairbhigh sé na boicht. Is bua síceolaíochta ba ea scéim O’Malley a thabhairt isteach. Chuir sé misneach ar aicmí áirithe.
De réir na dtuairiscí a bhíonn go rialta ar na meáin chumarsáide ní miste a fhiafraí: an bhfuil teaghlaigh agus mic léinn an lae inniu ag tairbhiú i gcónaí de scéim O’Malley? Tá teaghlaigh á fháil an–deacair i láthair na huaire oideachas ar an tríú leibhéal a chur ar a gclann. Chaithfeadh mac léinn airgead Déamair a bheith aige/aici, chun iarchéim a dhéanamh sa lá atá inniu ann. Cara liom, ar léachtóir sinsearach ar Choláiste Ollscoile é, deir sé nach bhfuil aon bheann a thuilleadh ar fheabhas acadúlachta ar na Coláistí Ollscoile; gur airgead ar fad is ea an cúram anois.
Séamas de Barra
A Eagarthóir, a Chara,
Seo leagan ceartaithe den ríomhphost a chuir mise chugatsa tamall gearr ó shin. Bhí roinnt botún sa chéad leagan.
Do Chara,
Séamas de Barra,
Dé Sathairn, Eanáir 23, 2021.
Dia leat a Sheosaimh.
Tá tráchtas máistreachta ar líne le Seán Ó Dubhlaing dar teideal, ‘Donogh O’Malley and the Free Post Primary Education Scheme (Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad: Iúil 1997). Is iad na tátail a bhaineann Mac Uí Dhubhlaing as na heolaistí atá saothraithe le chéile aige: gur thairbhigh scéim O’Malley don mheánaicme ghustalach a bhí ag díol as iar–bhunoideachas a gclainne féin, faoi mar a bhí; gur thairbhigh sí don íos–mheánaicme –– an aicme ar díobh mise go bunúsach; ach nár thairbhigh sí do na boicht. Is bua síceolaíochta ba ea scéim O’Malley a thabhairt isteach. Chuir sí misneach ar aicmí áirithe.
De réir na dtuairiscí a bhíonn go rialta ar na meáin chumarsáide ní miste a fhiafraí: an bhfuil teaghlaigh agus mic léinn an lae inniu ag tairbhiú i gcónaí de scéim O’Malley? Tá teaghlaigh á fháil an–deacair i láthair na huaire oideachas ar an tríú leibhéal a chur ar a gclann. Chaithfeadh mac léinn airgead Déamair a bheith aige/aici, chun iarchéim a dhéanamh sa lá atá inniu ann. Cara liom, ar léachtóir sinsearach ar Choláiste Ollscoile é, deir sé nach bhfuil aon bheann a thuilleadh ar fheabhas acadúlachta ar na Coláistí Ollscoile; gur airgead ar fad is ea an cúram anois.