Pócaí folmha agus droch-chríoch le séasúr na gcúigí

Tá na cúigí ag réiteach cheana féin don séasúr nua a bheas ag tosú faoi cheann seachtaine

Pócaí folmha agus droch-chríoch le séasúr na gcúigí

Imreoirí Laighean, Caelen Doris agus Robbie Henshaw. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Rinne Cúige Laighean chuile rud seachas tús maith a chur leis an gcluiche i gcoinne Saracens an Satharn seo caite. Faoin am a raibh tríocha nóiméad caite bhí bearna dhá pointe dhéag idir iad agus na cuairteoirí. Shlánaigh Saracens chuile cheann den chúig chic éirice bhoga a thug na Laighnigh uathu agus ceann amháin féin a fuair Johnny Sexton. Bhí an bhearna méadaithe go dtí 22-3 ag leath ama agus muid ar fad cinnte nach raibh seans na ngrást ag fir Átha Cliath áit a bhaint amach i mbabhtaí leathcheannais Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo.

Cé gur chinntigh athrú meoin agus imeartha fhir an bhaile gur éirigh leo dhá úd a aimsiú sa, ba léir go ndíolfadh siad as botúin an chéad leatha. Má bhí Cúige Laighean díomách nár éirigh leo díoltas a bhaint amach ar na curaidh, is cinnte gur chúis dóchais an t-aiséirí a chonaic muid uathu sa dara leath agus paca ógánach ar an bpáirc acu, in ainneoin gur chaill siad an cluiche.

Mar bharr ar an mí-ádh a bhí ar fhoirne na tíre seo an deireadh seachtaine seo caite, chinntigh toradh chluiche na nUltach sa bhFrainc i gcoinne Toulouse nach mbeidh aon chúige ag imirt i mbabhtaí leathcheannais an chomórtais seo.

Ní raibh fáil ar mhórán a thug seans ar bith do na hUltaigh agus iad as baile, ach ní raibh mórán ach oiread ag tuar go ngéillfeadh siad cúig úd. Tá deireadh anois le séasúr rugbaí 2019/20 dóibh agus a gcuid pócaí folamh arís.

Agus gan cluiche ar bith ag aon cheann de na cúigí an deireadh seachtaine seo tá deis acu réiteach don séasúr nua a bheas ag tosú faoi cheann seachtaine. Caithfidh siad ar fad deacrachtaí an tséasúir seo caite, cinn a bhain le Covid-19 agus cinn a a tháinig chun solais ar an bpáirc imeartha féin, a chur uathu agus díriú ar feabhsú chun a chinntiú nach mbeidh muid in áit na leathphingine arís.

Fág freagra ar 'Pócaí folmha agus droch-chríoch le séasúr na gcúigí'