Pócaí folmha ag tabhairt cloigeann tinn don Rialtas

An bhfuil sé ciallmhar bheith ag trácht ar chiorruithe cánach nach bhfuil an rialtas in acmhainn a thabhairt do dhaoine? 

Pócaí folmha ag tabhairt cloigeann tinn don Rialtas

Níl amhras ar bith ach gurb é an rud is mó a ghoilleann orainn ar fad faoi chúrsaí airgeadais ná cad a chiallaíonn sé dár gcuid pócaí féin. Breathnaigh ar lá na cáinaisnéise nuair a bhíonn an tAire Airgeadais agus an tAire Caiteachais Phoiblí ag tabhairt a gcuid óráidí. Cuireann siad anailís, staitisticí agus réamhaisnéis faoi chúrsaí geilleagair inár láthair.

Ach má chuireann féin, nuair a bhíonn muid ag breathnú ar shonraí an scéil is sna nithe a chuireann as dúinn féin is mó a chuireann muid suim – cé mhéad a chuirfear ar an lítear peitril nó díosail, an laghdófar cáin ioncaim nó an gcuirfear aon phingin ar an bpinsean. Agus is cuma de ghnáth céard a dhéantar ní bheidh aon saibhreas mór i ndán d’aon duine.

Is measa ná sin an scéal i mbliana mar go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta corrach de bharr arduithe suntasacha ar an ráta boilscithe agus ar rátaí úis, gan trácht ar chostais fuinnimh a bheith ag ardú as cuimse. Bia nó breosla a chloiseann muid i mbliana – sin an rogha atá le déanamh ag na daoine is boichte inár measc de bharr na n-arduithe costais. Is chun donais a rachaidh cúrsaí de réir mar atá an bhliain ag sleamhnú léi. Cuir leis sin ar fad costas cíosa agus morgáiste agus tá sé soiléir gurb í seo an fhadhb mhór a bheidh le fuascailt ag an rialtas sna míonna seo romhainn. Sin mar bharr ar chúrsaí tithíochta, sláinte, aeráide…

Ó aistríodh an cháinaisnéis ó thús mhí na Nollag go mí Deireadh Fómhair tosaíonn an chaint ar na héilimh atá ag dreamanna éagsúla níos túisce sa mbliain. Ní hamhlaidh atá i mbliana – tá cúrsaí i bhfad níos práinní ná mar a bhíonn de ghnáth mar go bhfuil daoine ag fulaingt. Léirigh staidéar ón ESRI an tseachtain seo go bhfuil beagnach an tríú cuid de theaghlaigh na tíre ag streachailt le costais fuinnimh.

Ní raibh an fhadhb chomh dona cheana ó 1995, a dúirt siad. Má leanann an t-ardú ar chostais fuinnimh beidh an líon teaghlach a bheidh i gcruachás suas 43% faoi cheann cúpla mí. Tá an freasúra ag iarraidh cáinaisnéis éigeandála roimh ghnáthdháta an fhómhair. Deir Pascal Donohue agus Michael McGrath go dtuigeann siad go bhfuil daoine faoi bhrú agus go bhfuil rún acu teacht i gcabhair orthu, chomh maith agus is féidir.

Tá an brú ar an rialtas faoin ábhar seo ag méadú. Tá agóidí beartaithe ag an deireadh seachtaine le himní an phobail a léiriú. Tá cúlbhinseoirí ag éirí glórach ag cruinnithe páirtithe parlaiminte. Tá an cheist ag cur leis an mbrú idir páirtithe an rialtais freisin. Tá sé ráite go soiléir ag Leo Varadkar go dteastaíonn uaidh féin agus a pháirtí go mbeadh ciorruithe cánach sa gcáinaisnéis.

Níl aon trácht ar an bhfuil muid ina acmhainn. Rachaidh an scéal seo chun donachta de réir chuile chosúlacht sna míonna seo romhainn. Ní mór a bheith ciallmhar agus críonna faoi aon athruithe dar leis an hairí sa Roinn Airgeadais. An bhfuil sé ciallmhar bheith ag trácht ar chiorruithe cánach nach bhfuil an rialtas in acmhainn a thabhairt do dhaoine? 

Ag faire a gcuid pócaí a chaitheann formhór na ndaoine a saol mar gur beag a bhíonn le spáráil an chuid is mó den am nuair a bhíonn na costais glanta. Is lú ná sin a bheidh le spáráil as seo go ceann tréimhse. Ar na daoine is mó atá ag fulaingt is cóir díriú, ach ag leibhéal na polaitíochta is féidir a bheith cinnte go mbeidh brú ann freastal ar an uile dhuine. 

Fadhb í seo a bheidh linn go ceann tamaill agus beidh roghanna casta le déanamh ag polaiteoirí.

Fág freagra ar 'Pócaí folmha ag tabhairt cloigeann tinn don Rialtas'