Pócaí folamh agus gan aon chloigeann tinn!

Tá glantachán earraigh déanta ag ár gcomhfhreagraí le fáil réidh leis na nithe gan úsáid ar fad a bhíodh á n-iompar aici gach lá

Pócaí folamh agus gan aon chloigeann tinn!

Is iontach agus is aisteach na nithe go dtugann an Wall Street Journal suntas dóibh in amanna. Bhí alt sa nuachtán sin tamall ó shin faoi líon agus faoi thoisí na bpócaí a bhí ar na cultacha d’fhir a bhí ar taispeáint le linn na seachtaine faisin i bPáras i mbliana.

Is cosúil go bhfuil líon na bpócaí ag méadú mar go mbíonn oiread rudaí difriúla atá ‘riachtanach’ ar iompar ag daoine sa lá atá inniu ann. Tá toisí na bpócaí féin níos mó le feiliúint d’fhóin phóca mhóra an lae inniu freisin.

Thuigfí go dteastaíonn póca réasúnta mór don iPhone is deireanaí ach nach gcuirfeadh sé ag smaoineamh thú faoin méid rudaí a bhíonn ar iompar ag daoine gach lá a chreideann siad nach féidir déanamh dá n-uireasa? 

Ag caint ar na fir a bhí an Wall Street Journal ach tá faitíos orm go bhfuil cuid de na mná chomh dona céanna. Tá mise, ar aon nós! Ní raibh le déanamh agam ach súil a chaitheamh ar a raibh d’earraí ar iompar agam i mo mhála láimhe lena fheiceáil gur beag riachtanas nó práinn a bhain le cuid mhaith acu. Tá glantachán earraigh déanta anois agam agus tá ord agus eagar i réim arís.

Sa mbosca bruscair a chríochnaigh cuid mhaith dá raibh sa mála láimhe céanna – duille ticéid ón bpictúrlann, paicéad leath-ite de ghuma coganta, buidéilín folamh cumhráin, admhálacha ó shiopaí éagsúla agus neart eile. Chuaigh tuilleadh i dtarraiceáin nó ar chomhaid – san áit gur cheart dóibh a bheith ón gcéad lá – agus ní dheachaigh ar ais sa mhála ach na rudaí sin a mbíonn riachtanas rialta leo…eochracha, fón, sparán airgid, cártaí, smideadh, ceadúnas tiomána, ciarsúir pháipéir agus na nithe beaga eile sin ar fad a theastaíonn uait ar iompú do bhoise.

Tá mé ag smaoineamh ar riail nua a dhéanamh dom féin –  glantachán earraigh (nó glantachán earraí, fiú!) a dhéanamh ar mo mhala láimhe gach trí mhí seachas a bheith ag iompar ualach rudaí thart nach bhfuil aon riachtanas leo. Nach díchéillí an rud é a bheith ag crochadh leat, gach lá, rudaí nár theastaigh uait le mí nó sé seachtaine roimhe sin? 

Tá buntáiste mór amháin eile leis an nglanadh céanna sin – tá sé i bhfad níos éasca rudaí a aimsiú sa mhála láimhe anois…áit ag gach rud agus gach rud ina áit!

Fág freagra ar 'Pócaí folamh agus gan aon chloigeann tinn!'

  • Marcus

    Dhá phóca dhoimhne i dtóin do bhríste agus cnaipí orthu. Fíor-riachtanach (domsa) ach fíor-dheacair le fáil anois.