Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar aistear eile i gcraobh na Mumhan

Déanadh an tarraingt do bhabhtaí ceathrú ceannais Coirn Uí Mhuirí aréir agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag iarraidh craobh shinsir peile na Mumhan a bhuachan den séú huair ó 2012

Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar aistear eile i gcraobh na Mumhan

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Imreoidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gcoinne Choláiste Fhlannáin Naofa i mbabhta ceathrú ceannais Chorn Uí Mhuirí sa bhliain nua.

Ba í scoil an Daingin a bhuaigh craobh shinsir peile na Mumhan anuraidh agus iad faoi stiúir Éamonn Fitzmaurice agus tá siad ar ais sna babhtaí díbeartha arís. Is sa dara háit i nGrúpa C a chríochnaigh Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus casfaidh siad anois ar scoil Inse sa chéad bhabhta eile ar an16 Eanáir.

Chuaigh Pobalscoil Chorca Dhuibhne chomh fada le cluiche leathcheannais chraobh shinsir na hÉireann anuraidh agus beidh siad mar rogha na coitiantachta ag mórán chun craobh an chúige a thabhairt leo arís i mbliana. Tá scata mór imreoirí acu a bhuaigh Craobh Mhionúir na hÉireann le Ciarraí le cúpla bliain anuas, imreoirí amhail Colm Ó Muircheartaigh, Colin Ó Muircheartaigh, Conor Ó Flannúra, Killian Ó Failbhe, Dylan Geaney, Ruaidhrí Ó Beaglaoich, Seán Óg Ó Móráin agus Deividas Uosis

Ina theannta sin, tá taithí iontach ag an bhfoireann bhainistíochta. In éineacht le Fitzmaurice, tá Tommy Griffin, atá ina roghnóir anois le foireann shinsir Chiarraí.

Tá Corn Uí Mhuirí buaite ag an scoil cúig huaire le seacht mbliana anuas agus Corn Uí Ógáin tugtha leo faoi dhó sa tréimhse sin, in 2014 agus in 2015.

Fógraíodh na cluichí ceathrú ceannais eile aréir. Imreoidh scoileanna Chiarraí, Scoil na mBráithre Críostaí, Trá Lí agus Naomh Breandán, Cill Airne i gcoinne a chéile agus coimhlintí idir scoileanna i gCorcaigh atá sa dhá chluiche eile.

Casfaidh Ardscoil Uí Urmoltaigh, Droichead na Bandan ar Phobalscoil Chloich na Coillte agus tabharfaidh Coláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh agus Coláiste Choilm, Baile an Chollaigh aghaidh ar a chéile chomh maith.

Fág freagra ar 'Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar aistear eile i gcraobh na Mumhan'